Cothrom an ama seo fiche bliain ó shin bhí George W. Bush á fhéachaint le John Kerry agus bhí mise ag tiomáint timpeall Mheiriceá, ag cur tuairiscí abhaile chuig an nuachtán Foinse.
Bhí iontas ar go leor daoine sna Stáit féin agus thar lear gur ag an bPoblachtánach Bush a bhí an bua an uair sin. An chúis a bhí leis sin ná go raibh (agus go bhfuil) mórchuid na meán Meiriceánach lonnaithe ar na cóstaí thoir agus thiar, agus gurbh ann a bhí mórchuid na dtuairisceoirí iasachta chomh maith – i mbolgán Daonlathach, rud nár léir dóibh féin ag an am.
Bhí deacracht ar leith le sárú agamsa mar chomhfhreagraí do Foinse. Ar an Satharn a thagadh an nuachtán clóite sin amach, ach chaithfeadh an t-ábhar ar fad a bheith istigh tráthnóna Déardaoin. Dá bharr sin, ní raibh bealach ar bith go bhféadfainn coinneáil suas leis an nuacht reatha.
Shocraigh mé díriú ar an gcúlra seachas ar an bpríomhnuacht, agus aghaidh a thabhairt ar chuid den tír nach gcuirfeadh mórán comhfhreagraithe idirnáisiúnta eile spéis ann.
Fuair mé carr ar cíos agus chuaigh ag tiomáint trí chuid de lár agus de dheisceart na tíre, féachaint céard a d’fheicfinn.
B’éard a chonaic mé ná go raibh gairdíní na dtithe in Ohio, West Virginia, Kentucky, Tennessee, North Carolina agus Virginia breac le comharthaí tacaíochta do George W. Bush.
Bhí an oiread sin acu ann nár chuir toradh an toghcháin an t-iontas céanna ormsa agus a chuir ar mo chomhghleacaithe a d’fhan ar na cóstaí.
Bheadh an t-iontas a bhí ar thráchtairí thiar in 2004 doshamhlaithe inniu. Ní hamháin gur chuir toradh an toghcháin áirithe sin ar a súile do na meáin gur ar a bpriacail féin a dhéanfaidís neamhaird de lár na tíre feasta, ach gan dabht tá na meáin shóisialta ann inniu, rud nach raibh fiche bliain ó shin.
Bhí blaganna i bhfaisean.
Bhí Morrissey i bhfaisean freisin. Gach maidin agus mé ag suí isteach sa charr ar an turas sin trí lár agus deisceart na tíre, chuirinn an t-amhrán ‘America Is Not The World’ ar siúl, amhrán ina bhfuil an líne seo: “Oh America … where the President is never Black, female or gay…”
Gan dabht bréagnaíodh an chéad chuid den liric sin sa chéad toghchán uachtaránachta eile. Toghadh Barack Obama ina uachtarán ar Mheiriceá in 2008 agus chaith sé dhá thréimhse sa Teach Bán.
Ach ansin, in 2016, níor bréagnaíodh an dara cuid den líne úd ag Morrissey.
Níor éirigh le Hillary Clinton an ceann ab fhearr a fháil ar a céile comhraic fireann, Donald Trump, ar tháinig fear eile, Joe Biden, i gcomharbacht air in 2020.
Ach beidh deis ag bean arís i mbliana, an leasuachtarán reatha: Kamala Harris. Bean Afra-Mheiriceánach lena chois.
Ach an éireoidh le Harris, a sheas isteach do Joe Biden nach mór ag an nóiméad deiridh nuair ba léir dó siúd gurbh fhearr tarraingt amach as an rás, an éireoidh le Harris dóthain vótaí a mhealladh sna stáit sin a shocróidh cinniúint Mheiriceá don chéad cheithre bliana eile – na Swing States?
Sa cheann is tábhachtaí acu sin, seans, Pennsylvania, a thosóidh mise m’aistear i mbliana. Fearacht fiche bliain ó shin, ní hiad na ceannlínte nó an nuacht te bruite a gheobhaidh tú uaimse – gheobhaidh tú breis is do dhóthain sna meáin mhóra – ach léargais agus sracfhéachaintí ar chúlra an scéil.
Ní hionann agus 2004, ní trí ghaothscáth cairr ach trí fhuinneog thraenach a bheidh mé ag breathnú ar thírdhreach pholaitiúil Mheiriceá: ó dheas as Philadelphia go Florida agus South Carolina, suas arís go Washington DC agus siar ansin go Chicago agus ar deireadh Denver, Colorado – meascán mearaí de Swing States, stáit ghorma agus stáit dhearga.
An toghchán ón traein, mar sin, agus chuir mé an chéad turas díom aréir: ó aerfort BWI in Baltimore go Philadelphia, agus ansin turas gearr ar an traein faoi thalamh go dtí an t-óstán.
Ní hí traein faoi thalamh Philadelphia an ceann is glaine dá bhfaca mé riamh agus bhain líon na ndaoine gan dídean siar asam: ní maith an teist an dá rud ar Ghobharnóir Pennsylvania, John Shapiro, Daonlathach.
Ach ansin, ag an stad roimh an stad deiridh, tharla rud aisteach.
Léim duine os comhair na traenach.
Iarradh ar na paisinéirí ar fad a mbealach a dhéanamh chuig an gcéad charráiste agus bhí muid in ann tuirlingt ansin – ach gan dabht bhí an tubaiste a bhí tar éis tarlú le feiceáil go soiléir.
Tubaiste thraenach ar an gcéad lá de thuras ina bhfuil fúm léargas a thabhairt ar thoghchán uachtaránachta 2024 ón traein: tá súil agam nach drochthuar é don toradh.