Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta nach dtiocfaidh aon athrú ar struchtúr an chórais phleanála teanga ná ar na ceantair ina bhfuil sé á chur i bhfeidhm sna blianta amach romhainn.
Tá athbhreithniú ar bun ar an gcóras pleanála teanga i láthair na huaire agus na torthaí le foilsiú go luath ach dheimhnigh an tAire Stáit Thomas Byrne nach dtiocfaidh aon athrú ar na limistéir le linn an dara tréimhse de na pleananna teanga.
Láirigh Oifigigh Pleanála Teanga imní cheana faoi céard a bhí i ndán dóibh agus don chóras trí chéile nuair a thiocfadh deireadh lena bpleananna teanga, rud atá le tarlú laistigh de bhliain nó dhó i limistéir áirithe.
Agus é ag labhairt ag an gComhdháil Pleanála Teanga atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh, dúirt an tAire Stáit Byrne go raibh súil aige go dtuigtear go bhfuil an Rialtas “ag éisteacht” le húdair imní na n-oifigeach pleanála teanga.
Thug an tAire Stáit le fios go raibh cinneadh glactha gan athruithe a dhéanamh ar na Limistéir Pleanála Teanga mar go raibh limistéir áirithe ann nach raibh in ann leas iomlán a bhaint as na hacmhainní agus na seirbhísí a cuireadh ar fáil le blianta beaga anuas. Dúirt sé go ndearna sé sin níos dearca é spriocanna na bpleananna a bhaint amach.
“Mar is eol daoibh go leor, tá athbhreithniú ar bun ar na chéad deich phlean teanga. Beag beann ar an obair sin, caithfear a aithint gurbh éigean dúinn go leor de na seirbhísí lárnacha a thacaíonn leis an bpróiseas a bhunú de réir mar a tháinig acmhainní airgeadais ar fáil ó 2012,” a dúirt an tAire Stáit ag an gcomhdháil.
“Dá bharr seo, níor bhain roinnt mhaith de na ceanneagraíochtaí pleanála tairbhe as na seirbhísí sin. Níl aon amhras ormsa ach gur chuir sé sin isteach ar fheidhmiú rathúil na bpleananna.
“De bharr na gcúinsí sin, tá mé ag ceapadh nach mbeidh aon athrú ar na limistéir phleanála don chéad timthriall eile ar mhaithe le deis a thabhairt do phobal gach limistéir, Baile Seirbhíse agus Líonra torthaí an phróisis a fhíorú.
“Tá fhios agam go bhfuil imní léirithe ag na hoifigigh pleanála teanga maidir lena gcuid conarthaí fostaíochta le tamall anuas agus léiríonn an fógra seo, dar liom, go bhfuil muid ag éisteacht libh, agus go n-aithníonn muid an obair uile atá ar bun agaibh,” a dúirt an tAire Stáit.
Ní gach duine a aontaíonn gur cheart na Limistéir Pleanála Teanga a fhágáil mar atá, áfach, agus é maíte go minic go bhfuil limistéir ann ina bhfuil ceantair atá láidir i dtaobh labhairt na Gaeilge agus ceantair atá lag caite le chéile faoin bplean teanga céanna.
Agus é ag labhairt ag an gcomhdháil roimh an Aire Stáit, dúirt an sochtheangeolaí Dónall P. Ó Baoill gur roinneadh an Ghaeltacht ina 26 LPT “gan aird ar bith” ar stádas na Gaeilge sna ceantair agus gur fhág an méid sin “obair chéasta chigilteach” ag lucht pleananna teanga.
Thagair sé freisin do láidreacht na Gaeilge labhartha i gceantair dhifriúla Ghaeltachta agus do na hinstitiúidí teanga agus cultúir atá lonnaithe iontu. Luaigh sé an t-infreastruchtúr “riachtanach” atá de dhíth le go mbeadh rath ar obair na pleanála teanga agus a éagsúla is atá an caighdeán ó cheantar go ceantar.
Luaigh an tAire Stáit Byrne an obair atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta múnla nua a fhorbairt chun tacú leo siúd a bheidh ag cur pleananna teanga nua le chéile. Dúirt sé go mbeadh deis ag na heagraíochtaí pleanála teanga agus ag an bpobal ionchur a bheith acu i ndearadh an mhúnla nua sin.
“Is obair cheannródaíoch í seo go léir. Tá an t-uafás déanta againn uile agus muid ag oibriú as lámha a chéile le deich mbliana anuas. Beidh orainn go leor rudaí éagsúla a thriail sa tréimhse amach romhainn, cuid acu nach n-éireoidh leo b’fhéidir, sula sroichfidh muid ceann scríbe. Ach is cinnte go mbeidh fiúntas leis an hiarrachtaí seo go léir faoi dheireadh do phobal labhartha na Gaeilge agus do phobal na hÉireann i gcoitinne.”