Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
beim-le-cur-ar-thograi-d’udaras-na-gaeltachta-agus-tg4-i-gcaiteachas-caipitil-roinn-na-gaeltachta-in-2025

Béim le cur ar thograí d’Údarás na Gaeltachta agus TG4 i gcaiteachas caipitil Roinn na Gaeltachta in 2025

| tuairisc | ,

Agus í ag tagairt don airgead a cuireadh ar fáil dá roinn i mBuiséad 2025, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh “béim ar leith” le cur ar scéimeanna infheistíochta caipitil de chuid Údarás na Gaeltachta agus an clár An Ghaeltacht Ghlas ina measc

Béim le cur ar thograí d’Údarás na Gaeltachta agus TG4 i gcaiteachas caipitil Roinn na Gaeltachta in 2025

Beagnach €25 milliún d’airgead caipitil atá le cur ar fáil ag an Rialtas do chlár na Gaeltachta an bhliain seo chugainn agus béim faoi leith le cur ar thograí in-athnuaite.

Agus í ag tagairt le gairid don airgead a cuireadh ar fáil dá roinn i mBuiséad 2025, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin go raibh “béim ar leith” le cur scéimeanna infheistíochta caipitil de chuid Údarás na Gaeltachta agus an clár An Ghaeltacht Ghlas ar cheann acu.

Tá sé luaite i bPlean Straitéasach Údarás na Gaeltachta 2021-2025 gurb é uaillmhian na heagraíochta go mbeadh córas fuinnimh in-athnuaite ag 50% d’fhoirgnimh an Údaráis faoi 2030. Luaitear freisin an deis tograí pobail agus tráchtála a fhorbairt sa réimse fuinnimh in-athnuaite a thacóidh le deiseanna fostaíochta a chur ar fáil “san eacnamaíocht ghlas”.

Tá beagán os cionn ceathrú billiún euro d’airgead caipitil le tabhairt don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhliain seo chugainn faoi Bhuiséad 2025 agus thart ar an deichiú cuid de le caitheamh ar chúrsaí Gaeltachta.

€24,665,000 atá ceadaithe do chlár Gaeltachta na Roinne do 2025, ardú breis is €2 milliún ón bhfigiúr a bhí i gceist do 2024. Tá níos mó airgid á chur ar fáil don Roinn trí chéile an bhliain seo chugainn, áfach, rud a fhágann go bhfanfaidh an sciar a rachaidh i dtreo na Gaeltachta ag 9% de bhuiséad caipitil iomlán na Roinne.

Is i dtreo cúrsaí spóirt agus caitheamh aimsire a rachaidh an sciar is mó d’airgead caipitil na Roinne an bhliain seo chugainn, €91.4 milliún nó 37% den bhuiséad iomlán. Tá cuid den airgead sin le caitheamh ar na deontais a fógraíodh le gairid faoin Chiste Áiseanna Spóirt Pobail agus tá tuilleadh de le caitheamh ar fhorbairt champas Spórt Éireann i mBaile Átha Cliath agus ar an gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála.

€80 milliún (32%) de bhuiséad caipitil na Roinne atá le cur i dtreo cúrsaí cultúir agus ealaíne, €51 milliún (20%) a rachaidh i dtreo na turasóireachta agus €4.8 milliún a chaithfear ar chúrsaí craoltóireachta. Luaigh an tAire Martin go sonrach go mbeadh tuilleadh infheistíochta in áiseanna do TG4 ina chuid den chaiteachas sin.

Dúirt an tAire Martin go raibh ardú eile le teacht ar an airgead caipitil a chuirfear ar fáil dá Roinn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta in 2026, ó €255 milliún go dtí €295 milliún, ach nach raibh aon chinntí déanta go fóill maidir le leithdháileadh 2026.

€107 milliún ar fad atá le cur ar fáil do chlár Gaeltachta na Roinne faoi Bhuiséad 2025, a fógraíodh ag tús na míosa. Ardú 6% a bhí ansin ar an maoiniú a fógraíodh do Roinn na Gaeltachta faoi bhuiséad na bliana caite.

Dúradh go rabhthas ag iarraidh tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil don Ghaeilge mar theanga bheo sa nGaeltacht leis an airgead breise seo.

Níos mó