Tá léargas eile tugtha ar an easpa fáis in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge i bhfigiúirí nua a léiríonn go bhfuil céatadán na ndaltaí sa stát a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge tite go dtí an leibhéal a bhí ann deich mbliana ó shin.
Níos lú ná 6% de dhaltaí scoile an stáit a bhí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge, bíodh sin sa nGaeltacht nó lasmuigh di, an scoilbhliain seo caite.
Léiríonn figiúirí na Roinne Oideachais don scoilbhliain 2023-24 gur thit an céatadán daltaí a d’fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge don cheathrú bhliain as a chéile.
In 2023-24, bhí 57,665 den 963,333 dalta i scoileanna príomhshrutha an stáit ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge – 5.99%.
Is in 2019-20 a bhí an céatadán is airde daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge – 6.33% – agus cé gur mhéadaigh líon iomlán na ndaltaí scoile sa gcóras oideachais gach bliain ó shin, thit líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge bliain i ndiaidh bliana.
Bunscoil & Iarbhunscoil
2014-15 | 2015-16 | 2016-17 | 2017-18 | 2018-19 | 2019-20 | 2020-21 | 2021-22 | 2022-23 | 2023-24 | |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Líon iomlán na ndaltaí | 910,296 | 924,470 | 902,457 | 912,659 | 922,447 | 930,815 | 932,187 | 937,804 | 955,590 | 963,333 |
Líon daltaí ar scoil lán-Ghaeilge | 54,432 | 55,289 | 56,584 | 57,404 | 58,329 | 58,941 | 58,717 | 58,402 | 58,047 | 57,665 |
% daltaí ar scoil lán-Ghaeilge | 5.98% | 5.98% | 6.27% | 6.29% | 6.32% | 6.33% | 6.30% | 6.23% | 6.07% | 5.99% |
Bhí fás leanúnach ag teacht ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar bhunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal lán-Ghaeilge go dtí 2020 ach bhí an figiúr don scoilbhliain seo caite tite go dtí an leibhéal a bhí ann in 2015.
Ag leibhéal na bunscoile, bhí 7.9% de dhaltaí cláraithe le scoileanna lán-Ghaeilge in 2023-24, an chéad uair gur thit an figiúr faoi bhun 8% ó 2016.
Bhí 43,429 dalta ag freastal ar 249 bunscoil lán-Ghaeilge sa stát in 2023-24, de réir figiúirí na Roinne Oideachais. 546,758 dalta agus breis is 3,000 scoil ar fad a bhí sa gcóras príomhshrutha.
Bunscoileanna amháin
2014-15 | 2015-16 | 2016-17 | 2017-18 | 2018-19 | 2019-20 | 2020-21 | 2021-22 | 2022-23 | 2023-24 | |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile | 536,747 | 545,310 | 550,200 | 555,251 | 559,548 | 559,365 | 553,003 | 546,106 | 549,198 | 546,758 |
Líon daltaí ar bhunscoil lán-Ghaeilge | 42,847 | 43,323 | 44,125 | 44,623 | 45,278 | 45,432 | 44,846 | 44,302 | 43,974 | 43,429 |
% daltaí ar bhunscoil lán-Ghaeilge | 7.98% | 7.94% | 8.02% | 8.04% | 8.09% | 8.12% | 8.11% | 8.11% | 8.01% | 7.94% |
Ag leibhéal na hiarbhunscoile, ní raibh ach 3.4% de dhaltaí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge – 14,236 dalta as 416,575. Bhí 50 iarbhunscoil lán-Ghaeilge, idir scoileanna Gaeilge agus Gaelcholáistí – ag feidhmiú sa stát de réir figiúirí na Roinne.
Bhí an céatadán de na daltaí sin, 3.4%, a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge níos ísle ná mar a bhí in aon scoilbhliain amháin ó 2015-16.
Iarbhunscoileanna amháin
2014-15 | 2015-16 | 2016-17 | 2017-18 | 2018-19 | 2019-20 | 2020-21 | 2021-22 | 2022-23 | 2023-24 | |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile | 373,549 | 379,160 | 352,257 | 357,408 | 362,899 | 371,450 | 379,184 | 391,698 | 406,392 | 416,575 |
Líon daltaí ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge | 11,585 | 11,966 | 12,459 | 12,781 | 13,051 | 13,509 | 13,871 | 14,100 | 14,073 | 14,236 |
Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas, go gcuirfidh na figiúirí is déanaí seo “lagmhisneach” orthu siúd a thuigeann tábhacht an tumoideachais ach gur léiriú atá iontu ar theip an stáit freastal ar an éileamh atá ann seachas easpa suime san oideachas lán-Ghaeilge.
“Arís agus arís eile, tá cruthúnas á chur ar fáil den mhíréir idir éileamh agus soláthar,” a deir Ní Ghréacháin le Tuairisc.
“Ní hionann titim sa bhfreastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal ná ag an iarbhunleibhéal agus titim san éileamh ar Oideachas lán-Ghaeilge. Is ionann é agus cruthúnas go bhfuil ag teip ar an gcóras le blianta freagairt go gníomhach don éileamh. Is léiriú agus cruthúnas é ar an dochar atá á dhéanamh don chinneadh ag leibhéal na Roinne Oideachais gan scoileanna nua lán-Ghaeilge a bhunú.”
Deir Ní Ghréacháin go bhfágann an córas reatha páistí agus tuismitheoirí a bhfuil tóir acu ar an tumoideachas gan rogha agus gan dóchas.
“Cuireann an titim seo lagmhisneach ar an bpobal a thuigeann go bhfuil éileamh ard, gníomhach sa phobal don oideachas lán-Ghaeilge.
“Caithfimid anois a éileamh go láidir agus go muiníneach go réiteoidh an Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn an ghéarchéim tumoideachais seo, chun go mbeidh cearta, tacaíocht agus soláthar ar fáil do gach páiste ar mian leo féin nó a dtuismitheoirí é ag leibhéal an naíonra, na bunscoile agus na hiarbhunscoile.
“Tá Gaeloideachas ag impí ar an Roinn Oideachais dréacht den pholasaí atá á fhorbairt a eisiúint, agus deis a thabhairt do na geallsealbhóirí ionchur a bheith acu sa leagan deiridh. Creidimid gur éileamh réasúnta é seo agus go dtuilleann pobal na naíonraí agus na scoileanna lán-Ghaeilge polasaí a leagann amach fís cheannródaíoch, láidir agus uilechuimsitheach don chóras tumoideachais in Éirinn.”
Níl aon dáta tugtha ag an Roinn Oideachais maidir le foilsiú an pholasaí nua. Pléadh creat den pholasaí nua do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag cruinniú an mhí seo caite ach tá imní léirithe faoina uaillmhian.
Léiriú eile iad figiúirí freastail na scoileanna lán-Ghaeilge ar líon na ndaltaí a fhágann an córas oideachais lán-Ghaeilge idir an bhunscoil agus an iarbhunscoil.
Dúirt an Coimisinéir Teanga an tseachtain seo nach bhfuil “freastal cóir” á dhéanamh ar an éileamh atá ann don oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge agus go raibh sé i mbun fiosraithe leis an Roinn Oideachais faoin scéal.