Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
ciorruithe-canach,-sochar-leanai-dubailte-agus-arduithe-ar-iocaiochtai-leasa-shoisialaigh-–-buisead-2025-fogartha

Ciorruithe cánach, sochar leanaí dúbailte agus arduithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh – Buiséad 2025 fógartha

| Tuairisc.ie | ,

Fógraíodh sa Dáil tráthnóna Buiséad 2025, buiséad ina bhfuil faoiseamh cánach do dhaoine atá ag íoc morgáistí agus ardú €12 sa tseachtain sna rátaí liúntais leasa shóisialaigh.

Roinnte idir €6.9 billiún don chaiteachas poiblí agus €1.4 billiún do chiorruithe agus leasuithe cánach atá an buiséad a d’fhógair an tAire Airgeadais, Jack Chambers agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe.

Fógraíodh ardú 6% ar chiste Roinn na Gaeltachta go dtí €107 milliún agus beagnach €3 mhilliún breise a bheidh ag TG4 in 2025 nuair a bheidh €60 milliún don stáisiún.

Fógraíodh €2.2 billiún de phacáistele cuidiú leis an bpobal déileáil leis an gcostas maireachtála.

Sa bpacáiste costas maireachtála tá creidmheasanna breise cánach do lucht íoctha cíosa, sochar leanaí dúbailte do thuismitheoirí agus arduithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Is fiú €1.6 billiún na laghduithe agus na creidmheasa nua i gcás cáin ioncaim.

Ardú €12 sa tseachtain a bheidh i gceist do phinsinéirí, cúramóirí, daoine a fhaigheann liúntas cuardaitheora poist agus gach duine eile a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Chomh maith leis sin, íocfar dhá liúntas leanaí dúbailte idir seo agus an Nollaig.

D’aon mhí amháin méadófar faoi thrí an sochar leanaí a íocfar le tuismitheoirí a bhfuil páiste nuashaolaithe acu.

Cuirfear €2,000 eile leis an méid a bhíonn á thuilleamh sula n-íocann duine ar t-ardráta cánach 40%, €44,000 seachas an €42,0000 mar atá faoi láthair.

Tá laghdú 1% le fógairt ar an Muirear Sóisialta Uilíoch [USC] ar ioncam idir €25,760 agus €70,044, laghdú a fhágfas gur 3% a bheidh le híoc air feasta.

Beidh ardú €1,622 ar an tsíleáil ar an mbanda ioncaim a n-íoctar muirear 2% air faoi láthair go €27,382.

Ardófar na tairseacha ar fad don cháin oidhreachta, go bhfaighidh tionóntaí €250 breise mar chreidmheas cánach agus go gclúdóidh sin 2024 agus 2025.

Tá €125 breise de chreidmheas cánach fógartha, €150 an creidmheas cánach breise do chúramóirí baile agus €150 freisin do chúramóirí linbh.

Ar na harduithe eile a fógraíodh, tá €300 de chreidmheas cánach i leith leanbh atá éagumasaithe, €300 freisin do dhuine atá dall agus €60 breise de chreidmheas cánach i leith duine gaoil atá ina chleithiúnach.

Cuirfear 80 cent d’ardú ar an íosráta pá ón gcéad lá d’Eanáir 2025, ardú a fhágfas gur €13.50 san uair an t-íosphá feasta – cuirfidh sin €1,424 breise i bpóca oibrí lánaimseartha.

Ardófar an cháin charbóin €7.50 in aghaidh an tonna.

Tá ardú ar an gcáin ar thoitíní leictreonacha agus galtoitíní fógartha i mBuiséad an lae inniu. Gearrfar cáin 50 cent breise ar gach millilítear den leacht i ngaltoitíní ach ní bheidh sin i bhfeidhm go dtí lár na bliana seo chugainn mar gur gá reachtaíocht nua.

Fágfaidh an cháin vápála nua sin go mbeidh euro breise ar dhá mhillilítear de leacht toitín leictreonach.

Ón lá amárach beidh euro breise ar phaicéad toitíní, rud a fhágfas os cionn €18 ar scór toitíní.

Beidh cúramóir singil in ann €625 a shaothrú feasta gan an Tástáil Acmhainne a shárú agus €1,250 a bheidh ceadaithe do lánúin.

Tá €20 d’ardú ar an Liúntas Cúram Baile.

Tá €150 eile á chur leis an Deontas Tacaíochta Cúramóra agus beidh €2,000 ann feasta.

Tá €15 á chur leis na híocaíochtaí máithreachais, atharthachta, uchtála agus tuismitheoireachta.

Tá na rátaí seachtainiúla do Leanbh Cáilithe á n-ardú €4 i gcás leanaí atá faoi dhá bhliain déag agus €8 do leanaí atá níos sine ná sin.

Tá deontas nua á chur ar fáil do pháistí nuashaolaithe faoina n-íocfar €420 lena dteaghlach, sochar dúbailte leanaí an mhí sin.

Ní bheidh ar mhná a d’fhulaing de bharr siléig CervicalCheck cáin ioncaim, cáin gnóthachan caipitiúil ná cáin fáltas caipitiúil a íoc ar aon íocaíochtaí cúitimh a fuaireadar.

Ó thaobh cúrsaí cáin ioncaim tá na príomh-chreidmheasanna cánach ardaithe 21% nó €350 breise an ceann. Sin ardú ó €1,650 go €2,000.

Cuirfear síneadh leis an bhfaoiseamh cánach ar mhorgáistí.

Tá ardú fógartha freisin ar an gcreidmheas cánach ar chíos agus is fiú €1,000 é feasta. Faoin ardú sin beidh lánúin atá ina gcónaí in áras ar cíos in ann €2000 a chur in aghaidh a gcuid cánach.

Cuirfear síneadh ceithre bliana leis an scéim atá ann le cuidiú le daoine áit chónaithe dá gcuid féin a cheannach agus leanfar léi anois go dtí 2029 le cinnteacht a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh ionad cónaithe a cheannach.

Beidh €2 billiún de mhaoiniú caipitil ar fáil in 2025 chun 10,000 teach sóisialta nua-thógtha a chur ar fáil agus beidh €680 milliún ar fáil le 6,400 teach inacmhainne a thógáil.

Tá geallúint tugtha go gcuirfear €3 billiún i leataobh le hinfheistíocht a dhéanamh i dtograí aeráide agus dúlra idir 2026 agus 2030.

Tá an cháin bhreisluacha [CBL] ar chaidéil teasa á n-ísliú ó 23% go dtí 9%.

Beidh cead taistil saor in aisce ag gach leanbh faoi naoi mbliana d’aois ar an gcórais iompair poiblí, leanaí faoi chúig bliana atá saor faoi láthair.

Gealladh go gcuirfí €1.25 billiún breise ar fáil don Ghníomhaireacht Forbartha Talún, rud a fhágfas €6.25 billiún de mhaoiniú ag an ngníomhaireacht.

Dúirt an tAire go gcuirfí €1 billiún ar fáil d’Uisce Éireann le caitheamh ar infheistíocht chaipitil nach soláthar do thithe é.

Chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar infreastruchtúr an bhonneagair leictreachais tá €750 milliún á chur ar fáil mar thúschaipiteal díreach gnáthscaireanna.

Gheall an tAire Airgeadais inniu go mbeadh os cionn €16 billiún aistrithe go dtí an Ciste um Éire sa Todhchaí agus an Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra roimh dheireadh na bliana.

D’fhógair an tAire go gcuirfí maoiniú caipitil €1.3 billiún ar fáil le híoc as 350 togra tógála atá ar bun, chomh maith le 200 togra nua scoile.

Tá soláthar geallta do 768 múinteoir oideachas speisialta breise agus 1,600 cúntóir riachtanas speisialta breise.

Táthar freisin ag cur leis an scéim a chuireann téacsleabhair ar fáil saor in aisce do dhaltaí scoile agus beidh daltaí sa tSraith Shinsearach iarbhunscoile ina teideal sin feasta.

Ar na bearta eile atá á lua tá maoiniú a chur ar fáil do scoileanna le tiachóga nó málaí leictreonacha a cheannach ina gcuirfeadh na scoláirí a bhfón cliste i dtaisce agus iad ar scoil ionas go bhféadfar an cosc ar ghairis chliste atá fógartha cheana a chur i bhfeidhm.

Fógraíodh laghdú eile ar na táillí tríú leibhéal, tá €500 á lua agus ardú 15% ar na bandaí ioncaim a fhágann mic léinn i dteideal deontais tacaíochta SUSI [Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn], athrú a d’fhágfadh teaghlaigh bhreise incháilithe. 

An tAire Airgeadais, Jack Chambers

Dúradh go gcuirfear 495 leaba breise ar fáil sna seirbhísí ospidéil agus pobail.

Cuirfear 600,000 uair an chloig breise de thacaíocht sa bhaile ar fáil agus leanfar leis an tacaíocht do thograí sláinte ban, lena n-áirítear teacht a bheith ag mná saor in aisce ar theiripe athsholáthair hormón [HRT] agus toirchiú in vitro [IVF].

Cuirfear €30 milliún ar leataobh do scéim curaíochta nua agus beidh €10 milliún

ar fáil do bheartais a bhaineann le sláinte ainmhithe agus an bhithshlándáil.

Cuirfear airgead ar leataobh le 1,000 garda nua a earcú chomh maith le 150 sibhialtach don Garda Síochána.

Cuirfear €35 milliún breise ar fáil don Roinn Gnóthaí Eachtracha in 2025.

In earnáil an chlosamhairc, cuirfear creidmheas cánach nua ar fáil don Léiriú Gan Script ach dúirt an tAire go raibh an creidmheas sin ag brath ar fhaomhadh an Choimisiúin Eorpaigh.

Beidh cead ag fostóir €1,500 a thabhairt mar bhónas d’fhostaí feasta.

Tá ‘cáin an Tí Mhóir’ á thabhairt isteach ag an Rialtas chomh maith  – an tríú ráta don dleacht stampála, 6%, do thithe ar fiú os cionn €1.5 milliún iad.

Táthar ag tuar go mbeidh €105.7 billiún de theacht isteach againn in 2025 ó cháin ioncaim. Is ionann an tuar sin agus €13.6nbilliún níos mó ná an tsuim a bhí á tuar i Réamhaisnéis an Earraigh a bhuíochas don cháin corparáide agus cáin chomhlacht Apple.

Táthar ag tuar go laghdófar an fiachas náisiúnta go dtí 56% den ioncam náisiúnta faoi 2030.

Dúirt an tAire Chambers go bhfuil trí cheathrú de phobal na hÉireann atá san aois oibre ag obair faoi láthair. Mhaígh sé go raibh na tosca a chuir borradh faoin mboilsciú maolaithe go mór agus go bhfuil an ráta boilscithe tite ó 10% go dtí 2% faoi láthair.

Tá an Rialtas ag tuar go bhfásfaidh geilleagar na tíre seo 2.75% i mbliana agus thart ar 3% an bhliain seo chugainn.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, nach raibh sa bhuiséad ach “bolscaireacht”.  “Síor-spreasáin” a thug sé ar an Rialtas agus mhaígh sé gcaitheann siad go tarcaisneach leis an bpobal.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin nach raibh aon ní sa bhuiséad chun dul i ngleic le ceisteanna práinneacha amhail cúrsaí tithíochta, an córas sláinte agus cúram leanaí.

Mháigh sé go raibh an cath géillte ag an rialtas maidir le réiteach a fháil ar an ngéarchéim tithíochta.

Níos mó