Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
duais-don-ursceal-liteartha-is-fearr-buaite-ag-darach-o-scolai-ag-oireachtas-na-samhna

Duais don úrscéal liteartha is fearr buaite ag Darach Ó Scolaí ag Oireachtas na Samhna

| tuairisc | , , ,

Tá an chéad duais sa rannóg ‘Úrscéal – Ficsean Liteartha’ do dhaoine fásta buaite ag an údar agus an foilsitheoir Darach Ó Scolaí ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. €3,000 a bhuaigh fear Indreabháin dá shaothar Bódléar, saothar atá le foilsiú faoi chlúdach crua ag Leabhar Breac go luath.

Úrscéal faoi fhile as iarthar na hÉireann a thugann aghaidh ar Chúirt Mhór na bhfilí i gcúige na Mumhan atá i Bódléar. Úrscéal a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois.

Tháinig Peadar Kirby as Co. Thiobraid Árann sa dara háit dá úrscéal siúd Misean go Peñiscola. €1,000 an duais a bronnadh ar Kirby. Bronnadh an duais do Bhuaicshaothar Próis na Bliana, agus €3,000, ar Dháithí Mac an Bhaird as Cill Dara.

Ba é Bronnadh Dhuaiseanna na gComórtas Liteartha an chéad ócáid a bhí ar siúl ag Oireachtas na Samhna 2024. Ba é an tAire Stáit don Ghaeltacht Thomas Byrne a d’oscail an fhéile go hoifigiúil agus a bhronn an duaischiste €30,000 ar bhuaiteoirí in 32 rannóg. Bhí ocht rannóg déag acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ceithre rannóg déag dírithe ar scríbhneoirí óga.

“Is ábhar dóchais do thodhchaí na teanga é líon agus caighdeán na saothar nuascríofa a bhí istigh ar Chomórtais Liteartha na bliana seo agus díríonn ócáidí mar seo aird ar an bhfuinneamh agus ar an gcruthaitheacht bheo bhríomhar atá i measc ghlúin óg úr scríbhneoirí Gaeilge ach go háirithe,” a dúirt an tAire Byrne agus na gradaim á mbronnadh aige.

Ar dhuine eile de bhuaiteoirí na gComórtas Liteartha bhí colúnaí de chuid Tuairisc, Maitiú Ó Coimín, a thug leis an chéad duais sa chomórtas don iriseoireacht scríofa dá alt 35 bliain ó bunaíodh an Ghaeltacht Dhigiteach. Duais €500 a bhí luaite leis an gcomórtas sin.

Rinne Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, comhghairdeas le buaiteoirí uile na gComórtas Liteartha.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na scríbhneoirí ar fad a thug leo duaiseanna liteartha inniu. Táimid go mór faoi chomaoin ag na hurraithe ar fad a thacaíonn leis na comórtais liteartha gach bliain. Braitheann forás na nualitríochta Gaeilge ar dheiseanna agus ar thacaíochtaí leordhóthain a bheith ar fáil do scríbhneoirí, chun go mbeidh ar a gcumas iad féin a thumadh sa chruthaitheacht, agus do na foilsitheoirí leabhar a dtiteann tromlach an chúraim orthu na saothair a ullmhú do léitheoirí,” a dúirt sí.

BUAICSHAOTHAR PRÓIS NA BLIANA

Urraithe ag TG4

Duais: €3,000

Réabhlóid Oideachais Daithí Mac an Bhaird, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara

COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL – FICSEAN LITEARTHA

An Chéad Duais: €3,000

Bódléar Darach Ó Scolaí, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €1,000 

Misean go Peñiscola Peadar Kirby, Cloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann

COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)

An Chéad Duais: €2,000

Lughaidh Leabhair Gabrielle Ní Mheachair, Wisconsin, Stáit Aontaithe Mheiriceá

COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)

An Chéad Duais: €2,000

Grete Éamonn Ó Loingsigh, Cnoc Tua, Baile an Chláir, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A4: SAOTHAR PRÓIS  

Duais: €1,250

An Té a Bhíonn ag Gáire… Louis de Paor, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A5: SAOTHAIR DO DHAOINE FÁSTA

An Chéad Duais: €2,000

Stáblaí Stiofáin Éamonn Ó Loingsigh, Cnoc Tua, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €750

Paule Míne Mhic Cóil, Ráth Chairn, Co. na Mí

COMÓRTAS A6: CUR CHUN CINN NA GAEILGE

Maoinithe ag Conradh na Gaeilge i gcuimhne Lil Nic Dhonncha

Duais: €1,000

Iarrachtaí Coilínithe – Ráth Chairn agus Iarchonnachta 1985 Máire Nic Ghiolla Phádraig, Fothair an Choill, Baile Átha Cliath

COMÓRTAS A7: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH  

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

An Chéad Duais: €500

Beir an Solas leat Niall Ó Siadhail, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath.

An Dara Duais: €250

An Tórramh Meiriceánach Micheál Ó Conghaile, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS A8: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ

Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael

Duais: €500

Eimhin & Emily Éamonn Ó Loingsigh, Cnoc Tua, Baile an Chláir, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS A9: DÁN

Maoinithe ag Éigse Éireann

Duais: €400

An Choinneal Pádraig de Bléine, An Lorgain, Co. Ard Mhacha.

COMÓRTAS A10: CNUASACH FILÍOCHTA

Maoinithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, Chiarraí, Chorcaí, Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma

Duais: €1,500 

Scáil an Chaorthainn Louis de Paor, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS A11: DRÁMA RAIDIÓ

Maoinithe ag Coimisiún na Meán.

Cairde go deo Fionnuala Ní Fhlatharta, Baile An tSléibhe, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €750

Teasargan Ré Ó Laighléis, Loch Reasca, Co. an Chláir

An Tríú Duais: €500

Tréigean Brian Ó Tiomáin, Cromghlinn, Baile Átha Cliath.

COMÓRTAS A12: DRÁMA AONGHNÍMH

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

Duais: €750

Cuairteoir ar Scoil Éanna Brian Ó Tiomáin, Cromghlinn, Baile Átha Cliath.

COMÓRTAS A13:

Maoinithe ag an gCumann Scoildrámaíochta agus ag an Oireachtas

Duaischiste: €1,200

ROINN A – COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC

An Chéad Duais: €400 

An Chircín Rua Áine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath.

ROINN B – COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN CARMEL NÍ BHOLGUIDHIR

An Chéad Duais: €400 

An Maistín Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath.

ROINN C – COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN DHONNCHA UÍ SHÚILLEABHÁIN

An Chéad Duais: €400 

An Tinneall Ama Ray Mac Mánais, Baile Mhic Líon, Co. na Mí.

COMÓRTAS A14: SAOTHAR SPIORADÁLTACHA / CREIDIMH / ÁBHAR MARANA

Maoinithe ag An Timire – Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Duais: €750

Lá Breithe Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath.

COMÓRTAS A15: IRISEOIREACHT

An Chéad Duais: €500

35 bliain ó bunaíodh an Ghaeltacht Dhigiteach Maitiú Ó Coimín, Na hAille, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €300

Mórchuid turasóireachta, gannchuid tithíochta Tomaí Ó Conghaile, An tIúr, Co. Ard Mhacha.

An Tríú Duais: €200

An Dá Imirce Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath.

COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR ÓG

COMÓRTAS B1: GREANNÁN (RANG 3 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

Maoinithe ag Gaeloideachas

An Chéad Duais: €75

Míla agus an Mála Síona Ní Bhaoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath.

An Dara Duais: €50

An Clóca Draíochta Eleanor Marascal, Baile an Mhuir, Inis Meáin, Co na Gaillimhe.

COMÓRTAS B2: GREANNÁN (RANG 4 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

Maoinithe ag Gaeloideachas

An Chéad Duais: €75

Ollphéist na Mara Cillian Ó hUrmholtaigh, Gaelscoil Uí Riordáin, Carraig an Earra, Co. Chorcaí

An Dara Duais: €50

An Madra Fiáin Eve Nic Giolla Bríde, Gaelscoil Thaobh na Coille, Baile Átha Cliath.

COMÓRTAS B3: GREANNÁN (RANG 5 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

Maoinithe ag Gaeloideachas

An Chéad Duais: €75

Burgar ag Traenáil Chun Dul go Spás Eabhan Ó Cathasaigh, Gaelscoil Mhainistir na Corann Bán, Co. Chorcaí

An Dara Duais: €50

Stoirm Scanrúil Seán Ó hAnracháin, Gaelscoil Mhainistir na Corann Bán, Co. Chorcaí.

COMÓRTAS B4: GREANNÁN (RANG 6 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

Maoinithe ag Gaeloideachas

An Chéad Duais: €75

An Boipéad Torin Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5

An Dara Duais: €50

An Sár-Phiongain Michelle Ní Fhátharta, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS C1: SCRIPT GHEARRSCANNÁIN NÓ GREANNÁN (Bliain 1,2,3 – Iarbhunscoileanna Lán Ghaeilge & Gaeltachta)

Maoinithe ag Gaeloideachas

An Chéad Duais: €150

Seán agus an Chumhacht Ollmhór Cormac Ó Leathlabhair & Cathal Ó Seighinn, Scoil Chaitríona, Glas Naíon, Baile Átha Cliath.

An Dara Duais: €100

Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine Mánus Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath.

COMÓRTAS C2: SCRIPT GHEARRSCANNÁIN NÓ GREANNÁN (Bliain 4,5,6 – Iarbhunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

Maoinithe ag Gaeloideachas

An Chéad Duais: €150

An Saga Niall Seán Ó Meadhra, Coláiste na Tulchann, Baile Átha Cliath.

An Dara Duais: €100

Scaradh Fionnán Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath.

COMÓRTAS C3: PRÓS (FAOI 18)

Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael

An Chéad Duais: €300

Michéal Ó Muircheartaigh- Ard-Rí Chumann Lúthchleas Gael Chloe Ní Chonghaile, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €200

An Síochánach Finín Ó Conaill, Lios a’ Chraosaigh, Co. Chorcaí

COMÓRTAS C4: IRISEOIREACHT (FAOI 18)

Maoinithe ag LeabhairCOMHAR

An Chéad Duais: €200 

Fáilte na Maighdine Muire Neans Nic Dhonncha, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

An Dara Duais: €100

An Eite Dheis go hIdirnáisiúnta Eimear Nic Dhonnchadha, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS C5: FICSEAN (FAOI 18)

An Chéad Duais: €200 

An tLéine Nár Aistrigh Buachaill Mánus Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath.

COMÓRTAS C6: FILÍOCHT (FAOI 18)

An Chéad Duais: €200 

Lá Scoile Java Fionnán Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath.

An Dara Duais: €100

Mo Theach Lego Aodhán Glas, Machaire Rátha, Co. Dhoire

COMÓRTAS D1: PRÓS (MIC LÉINN FOCHÉIME)

Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael

COMÓRTAS D2: IRISEOIREACHT (MIC LÉINN FOCHÉIME)

Maoinithe ag Gaeltacht UCD, Ionad Domhanda don Teanga agus don Chultúr

An Chéad Duais: €200  

Gráinne Yeats agus athbheochan na cláirseoireachta Damhnait Ní Fhátharta, Na hAille, Co. na Gaillimhe.

An Dara Duais: €100 

Cearta Neamháirithe: Athchóiriú de dhíth? Liam Ó hÓgáin, Dún Chaoin, Co. Chiarraí.

COMÓRTAS D4: FILÍOCHT (MIC LÉINN FOCHÉIME)

Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

An Chéad Duais: €300

An Nádúr a Tréigeadh Sibéal Ní Ógáin, Baile na Rátha, Co. Chiarraí

An Dara Duais: €200 

Cúl an Tí Liam Ó hAnnagáin, Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall

Níos mó