Inniu a fhógróidh an Comhrialtas an cúigiú Buiséad atá ullmhaithe aige agus an ceann deireanach roimh an olltoghchán.
Flaithiúil go maith a bheidh an ceann seo is cosúil agus €12 d’ardú á thuar do gach aon duine atá i dteideal aon íocaíocht leasa shóisialaigh. Chomh maith leis sin, tuairiscítear go n-íocfar dhá liúntas leanaí dúbailte idir seo agus an Nollaig.
Cuirfear síneadh ceithre bliana leis an scéim atá ann le cuidiú le daoine áit chónaithe dá gcuid féin a cheannach agus leanfar léi anois go dtí 2029 le cinnteacht a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh ionad cónaithe a cheannach.
Táthar freisin ag cur leis an scéim a chuireann téacsleabhair ar fáil saor in aisce do dhaltaí scoile agus beidh daltaí sa tSraith Shinsearach iarbhunscoile ina teideal sin feasta.
Beidh cead taistil saor in aisce ag gach leanbh faoi naoi mbliana d’aois ar an gcórais iompair poiblí, leanaí faoi chúig bliana atá saor faoi láthair.
Tuairiscítear go bhfuil pacáiste 2 bhilliún le cuidiú le daoine déileáil leis an gcostas maireachtála á réiteach ag an Rialtas agus é le fógairt sa mBuiséad.
Tá sé i gceist na táillí scrúdaithe don Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht a chur ar ceal go ceann bliana eile. Tá creidmheas fuinnimh luach €250 le fógairt freisin agus caint go leor ann go mbeidh péire acu ag teacht.
Tá laghdú 1% le fógairt ar an Muirear Sóisialta Uilíoch [USC] ar ioncam idir €25,760 agus €70,044, laghdú a fhágfas gur 3% a bheidh le híoc air feasta.
Meastar go ndéanfar ardú €1,622 ar an tsíleáil ar an mbanda ioncaim a n-íoctar muirear 2% air faoi láthair go €27,382.
Táthar ag tuar go gcuirfear €2,000 eile leis an méid a bhíonn á thuilleamh sula n-íocann duine ar t-ardráta cánach 40%, €44,000 seachas an €42,0000 mar atá faoi láthair.
Tuigtear go n-ardófar na tairseacha ar fad don cháin oidhreachta, go bhfaighidh tionóntaí €250 breise mar chreidmheas cánach agus go gclúdóidh sin 2024 agus 2025.
Leanfar leis an ráta íslithe CBL ar leictreachas agus gás ar feadh an gheimhridh go dtí an tAibreán.
Ardófar an t-íosráta pá, caint ann gur 80 cent d’ardú a fhógrófar.
Táthar ag súil go bhfógróidh an Rialtas tacaíochtaí éagsúla cúram leanaí sa mBuiséad seo, agus €1.2 billiún á lua.
Ar na bearta eile atá á lua tá maoiniú a chur ar fáil do scoileanna le tiachóga nó málaí leictreonacha a cheannach ina gcuirfeadh na scoláirí a bhfón cliste i dtaisce agus iad ar scoil ionas go bhféadfar an cosc ar ghairis chliste atá fógartha cheana a chur i bhfeidhm.
D’fhéadfaí laghdú eile a fhógairt freisin ar na táillí tríú leibhéal, tá €500 á lua agus ardú 15% ar na bandaí ioncaim a fhágann mic léinn i dteideal deontais tacaíochta SUSI [Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn], athrú a d’fhágfadh teaghlaigh bhreise incháilithe.
Leanfar leis an laghdú 20% ar an gcostas iompar poiblí go ceann bliana eile.
Is maith an seans go n-ardófar praghas an tobac agus tá caint ann ar cháin a chur ar na galtoitíní.