Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
e6.3-milliun-breise-le-cur-ar-fail-ag-an-rialtas-don-ghaeilge-agus-don-ghaeltacht-an-bhliain-seo-chugainn

€6.3 milliún breise le cur ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht an bhliain seo chugainn

| tuairisc | , ,

Is ionann an €107 milliún atá le cur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2025 agus 8% de bhuiséad iomlán na Roinne don bhliain seo chugainn

€6.3 milliún breise le cur ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht an bhliain seo chugainn

An tAire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe

Tá €6.3 milliún breise le cur ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Gaeltacht an bhliain seo chugainn agus Buiséad 2025 fógartha.

Ardú 6% ar an maoiniú a fógraíodh do Roinn na Gaeltachta faoi bhuiséad na bliana caite agus ciste €107 milliún san iomlán le bheith ag an Roinn in 2025.

Agus an Buiséad á fhógairt sa Dáil inniu, dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí go gcuirfí an t-airgead ar fáil chun “réimse leathan tacaíochtaí a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di” agus go raibh “ár gcultúr, ár dteanga agus ár n-ealaíontóirí ag croílár ár sochaí”.

Tá sé fógartha ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin go bhfuil €2.25 milliún breise le cur ar fáil do scéimeanna tacaíochta teanga agus go mbeidh €1.9 milliún breise ar fáil freisin d’Údarás na Gaeltachta in 2025.

D’fhógair an tAire Martin go bhfuil buiséad TG4 le hardú ó €57 milliún go dtí €60 milliún an bhliain seo chugainn.

An tAire Gaeltachta, Catherine Martin. Pictiúr @cathmartingreen/X

Buiséad iomlán €1.272 billiún atá le cur ar fáil don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is ionann an €107 milliún atá le caitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus 8% de bhuiséad iomlán na Roinne, an sciar is lú d’aon cheann de na rannáin a thagann faoi scáth na Roinne.

Tá €380 milliún, 30% de bhuiséad na Roinne, le caitheamh ar chúrsaí cultúir agus ealaíon in 2025. Tá €140 milliún den airgead le cur i dtreo na Comhairle Ealaíon. Dúirt an tAire Martin go raibh an maoiniú do chúrsaí ealaíon agus cultúir nach mór dúbailte ó ceapadh ina haire í féin ceithre bliana ó shin.

€328 milliún (26% de bhuiséad na Roinne) atá le caitheamh ar na meáin, €226 milliún (18%) a chuirfear ar leataobh do chúrsaí turasóireachta agus €231 milliún (18%) a fógraíodh don spórt.

Bhí lucht feachtais agus an freasúra ag súil le buiséad i bhfad níos uaillmhianaí ó thaobh na teanga de.

De réir an bhuiséid mhalartaigh a d’fhógair Sinn Féin an tseachtain seo caite chuirfidís pacáiste €63.2 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, i bhfad níos mó ná mar atá fógartha ag an Rialtas inniu.

Ar na príomhéilimh a bhí ag an gConradh mar chuid dá bhfeachtas réamhbhuiséid, bhí, go gcuirfeadh an Rialtas na milliúin bhreise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, do Roinn na Gaeilge, d’Fhoras na Gaeilge agus do TG4.

Roinnte idir €6.9 billiún don chaiteachas poiblí agus €1.4 billiún do chiorruithe agus leasuithe cánach atá an buiséad a d’fhógair an tAire Airgeadais, Jack Chambers agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe inniu.

Níos mó