Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
glactha-i-bplean-naisiunta-nua-le-leamh-conspoideach-ar-cheann-de-mhorspriocanna-an-stait-i-leith-na-gaeilge

Glactha i bplean náisiúnta nua le léamh conspóideach ar cheann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge

| tuairisc | ,

Glactar sa chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí leis an mbrí chonspóideach nua atá á baint as ceann de na mórspriocanna atá ag an stát ó thaobh na Gaeilge – an sprioc gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh na bliana 2030.

Cé gur glacadh leis gurb ionann sa reachtaíocht teanga daoine a d’earcófaí ‘chuig’ an tseirbhís phoiblí agus earcaigh ‘nua’, deirtear sa phlean náisiúnta a foilsíodh inné nach amhlaidh atá.

Deirtear sa phlean nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an sprioc 20% ach gur féidir daoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana a áireamh chomh maith.

Is é a deir an reachtaíocht ná go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad 20% de na daoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí”.  Caithfear an sprioc a bhaint amach “tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030”.

Glacadh go forleathan leis gurb é a bhí i gceist leis an sprioc sin ná gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus b’in a thug airí Gaeltachta, polaiteoirí an fhreasúra agus baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge le fios le linn an nach mór 40 uair an chloig de phlé a rinneadh faoin reachtaíocht i dTithe an Oireachtais.

Ach léirigh iniúchadh a rinne Tuairisc níos luaithe i mbliana go rabhthas tosaithe ag maíomh nach earcaigh nua amháin a bhí i gceist leis an sprioc 20% ach go bhféadfaí daoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana a áireamh chomh maith.

FÍSEÁN MÍNITHE: Cén fáth go bhfuil polaiteoirí ag iarraidh ceisteanna a chur ar choiste náisiúnta Gaeilge?

Ar na dreamanna a bhí ag baint brí nua as an reachtaíocht ag an am, bhí an coiste reachtúil nua, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a bunaíodh chun an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí a ullmhú.

Déantar tagairt sa phlean sin, a sheol airí na Gaeltachta inné, don phlé faoi bhrí na reachtaíochta a lean iniúchadh Tuairisc.

Deirtear sa phlean náisiúnta “go dtuigtear” go raibh plé ann faoi earcaigh ‘nua’ ach ó tharla nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite sa reachtaíocht gurb í an bhrí “atá á baint” ag an gCoiste Comhairleach agus ag Roinn na Gaeltachta aisti ná go mbeidh daoine “a earcófar ó lasmuigh AGUS laistigh de chomhlachtaí poiblí san áireamh sa chomhaireamh den 20%…”

Ní dhéantar aon tagairt sa phlean den bhrí a bhaineann leis an bhfocal “chuig” sa trácht sa reachtaíocht do dhaoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí”.

Luaitear chomh maith mar mhíniú ar léamh an Choiste agus na Roinne ar bhrí na reachtaíochta “ollchuspóirí” an achta amhail líon na gcainteoirí Gaeilge sna comhlachtaí poiblí a mhéadú agus cur le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí atá ar fáil i nGaeilge.

Deirtear gur “gné thábhachtach” den “chomhaireamh” 20% a bheidh ann “daoine a spreagadh le cur isteach ar arduithe céime trí chomórtais Ghaeilge ar fud na hearnála poiblí sna blianta amach romhainn”.

“Níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, is spreagadh atá agus a bheidh ann do chomhlachtaí poiblí na tacaíochtaí cuí a chur ar fáil dóibh siúd atá ag obair leo cheana féin a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu nó atá ag iarraidh cur lena n-inniúlacht sa teanga agus na comhlachtaí poiblí ag obair i dtreo na sprice earcaíochta de 20% seo a bhaint amach – go háirithe i gcomhthéacs an beagnach 50% d’fhostaithe a ghlac páirt sa suirbhé inniúlachta faoin taighde a chuir in iúl gur mhaith leo cur lena n-inniúlacht Ghaeilge.”

Mar sin, a deirtear, cuirfear san áireamh sa 20% “iontrálaithe nua chuig comhlachtaí poiblí, mar aon leo siúd a fhaigheann ardú céime go ról le Gaeilge”.

Maítear go gcuirfidh an cur chuige seo “leis an bpictiúr foriomlán ar dhul chun cinn in earcú pearsanra inniúil i nGaeilge san earnáil phoiblí i gcoitinne gach bliain go dtí deireadh 2030”.

De réir an taighde nua a rinneadh d’ullmhú an phlean náisiúnta nua, “earcaigh inmheánacha” a bhí i mbeagnach 30% d’earcaigh na seirbhíse poiblí anuraidh agus “earcaigh seachtracha” a bhí sa 70% eile.

Tugadh baill den choiste comhairleach os comhair coiste Oireachtais níos luaithe i mbliana chun míniú a thabhairt ar an iarracht brí nua a bhaint as ceann de mhórchuspóirí an dlí teanga.

Dúirt Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge ag an am go raibh sé ríshoiléir gur earcaigh nua amháin a bhí i gceist leis an sprioc nuair a pléadh an reachtaíocht roimh agus i ndiaidh a hachtaithe.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, go bhfuil “breall” ar an gcoiste comhairleach má shíleann siad gur féidir brí eile a bhaint as an reachtaíocht teanga a tugadh isteach ag deireadh 2021.

Níos mó