Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
leirmheas-scannain:-‘an-taibhse’-le-john-farrelly

Léirmheas Scannáin: ‘An Taibhse’ le John Farrelly

| conchur mac cu uladh | ,

Agus mé ag tiomáint ar Bhóthar na bhFál ar shiúl ó thrácht millteanach lár na cathrach, bhí na scórtha déagóirí amuigh ar na sráideanna, cuid acu gléasta suas, cuid eile i gcultacha reatha dubha, agus rith sé liom go raibh an briseadh leath-théarma faoi bhealach. 

Oíche cheomhar fhliuch a bhí ann agus d’fhág an aimsir boladh bog maignéisiam  ar an aer a chuir spion diamhair orm. Spion scanrúil. Mar sin, bheartaigh mé an chéad scannán uafáis lán-Ghaeilge — An Taibhse le John Farrelly — a fheiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Suas an staighre liom chun na hamharclainne nuair a bhain mé an Chultúrlann amach. Cuireadh fearadh na fáilte romham le gráin rósta agus sluisí saor in aisce ach moladh deontas a thabhairt a rachadh i dtreo na Palaistíne. An-deas ar fad. Shuigh mé agus líonadh an halla mór le daoine eile gan mhoill. Osclaíodh na cannaí agus múchadh na soilse.

Tá an scannán féin suite faoin tuath i gCill Mhantáin i mainéar mór sa dara leath den 19ú haois. Díríonn an scannán ar iníon Mháire Finegan (Livvy Hill) agus a hathair, Éamon Finegan (Tom Kerrisk). Ceaptar an bheirt acu le teach a fhaire le linn an gheimhridh. Ón chéad mhír, tá imní ar Mháire faoi fhear darb ainm Alexander ach cuireann Éamon comhairle uirthi nach bhfuil aon ghá leis an imní.

Téann cúrsaí in olcas go gasta, i gcodarsnacht leis an tsuíomh dheas tuaithe, agus tugann an taibhse teachtaireacht do Mháire. “Ná bíodh eagla ort,” a deir sé i gcogar. Nuair a chuala mé seo, bhí eagla orm, ach caithfidh mé a rá go gcuireann an stíl cineamatagrafaíochta agus an ceol doird mallaithe go mór leis an eispéireas seo.

Scread cúpla duine amach i rith an scannáin. Comhartha maith, i mo thuairim, go bhfuil an seánra á léiriú go héifeachtach. Na téamaí atá fite fuaite leis an scannán ná foréigean teaghlaigh, ionramháil mhothúchánach, mí-úsáid ghnéis agus an t-alcólachas.

Gortaíonn Éamon é féin go luath sa scannán agus é ag gearradh adhmaid sa chlós. Ní hamháin go dtuarann an mhír seo na rudaí atá le teacht ach ón phointe sin, téann rudaí chun donais do Mháire. Tá a hathair gan aithne de dheasca an alcóil le linn tréimhse chneasaithe an ghorthaithe agus tá an taibhse ag teannadh léi. Tagann agus imíonn laethanta gan idirdhealú, rud a chruthaíonn míshuaimhneas sa mhainéar. Baineann Farrelly úsáid mhaith as an chodarsnacht idir an solas agus an dorchadas chun an scéal seo agus atmaisféar áirithe a chur in iúl.

Grianghraf: Seat ón scannán, ‘An Taibhse’ (2024).

Is móitíf choitianta é an vardrús i scannáin uafáis. Úsáidtear é go sármhaith sa scannán seo mar mheafar do chonsias Mháire. Ní thig léi a cuid deamhan a dhíbirt agus leanann siad ar aghaidh á ciapadh go dtí go mbíonn uirthi dul i ngleic le bunchúis na faidhbe agus chan na hairíonna amháin. Mar lucht féachana, tá smaoineamh éigin againn faoin tríú cuid den scannán cén cinéal faidhbe atá ann óir is cosúla le príonsúnach ná bean an tí í Máire.

Don chur i láthair bhí cuid den fhoireann léirithe i láthair agus cuireadh fáilte roimh an lucht féachana ag deireadh na hoíche cúpla ceist a chur orthu. Bhí iontas orm a chloisteáil ón stiúrthóir chúnta, Rebecca Monaghan, nach raibh Gaeilge ar bith ag Livvy Hill roimh thús an tionscadail. Bhí orthu a lán cruinnithe a dhéanamh ar Zoom chun an teanga a oibriú amach ó thaobh na foghraíochta de agus caithfidh mé a rá go raibh sí ar fheabhas. 

Luaigh Monaghan go raibh cleachtadh á dhéanamh ag Tom Kerrisk, fear as Contae an Chláir, chun canúint Uladh a fhoghlaim. Rinne sé jab fíormhaith agus tá gliondar orm mar Fheirsteach mé féin gur cuireadh Gaeilge Uladh chun cinn sa scannán. (Munar as Ultaibh duit, tuigim go raibh eispéireas scanrúil agat í a chloisteáil ar an Ardteist. B’fhéidir gur saghas tráma eile é í a chloisteáil i scannán uafáis). 

Luaigh an cineamatagrafaí, Ross Power, go raibh The Shining agus The Witch ar chuid de na príomhinspioráidí do An Taibhse. Chuir cuid de na míreanna Paranormal Activity i gcuimhe dom ar a bharr sin. Chaith an fhoireann thart fá trí seachtaine ar seit agus d’aontaigh siad go raibh sé chomh huaigneach céanna san fhíorshaol agus an chuma atá air sa scannán. 

Mhínigh bainisteoir na meán sóisialta don scannán, Beth McCooe, an tábhacht a bhaineann le streachailt mhuintir na hÉireann, go háirithe na mná, an t-am i ndiaidh an Ocrais Mhóir, agus na hiarmhairtí atá le mothú go fóill.

Is féidir bríonna éagsúla a bhaint ó An Taibhse ach tá rud amháin an-soiléir – ní bheidh fonn orm dul ar saoire faoin tuath in Éirinn le linn an gheimhridh!

The post Léirmheas Scannáin: ‘An Taibhse’ le John Farrelly appeared first on NÓS.

Níos mó