Deir Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne nach bhfuil sé chun glacadh le haon cháineadh ó Shinn Féin faoi chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheall ar an gcur chuige atá ag an bpáirtí sin i leith na teanga sa Tuaisceart.
Dúirt Thomas Byrne nach gcreidfeadh duine ar bith geallúintí Shinn Féin faoin maoiniú a chuirfeadh siad féin ar fáil mar nach bhfuil “oiread is focal amháin acu [faoin nGaeilge] sa chlár rialtais ó thuaidh”.
Dúirt Sinn Féin ina mbuiséad malartach go ndéanfaidís ardú 60% ar chiste na Gaeilge dá mbeidís féin sa rialtas ó dheas.
Bhí an tAire Stáit ag labhairt ag preasócáid de chuid na Roinne Gaeltachta a reáchtáladh inniu le tuilleadh sonraí a chur ar fáil faoin soláthar do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2025.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfuil sé “tubaisteach nár thapaigh an rialtas an deis cuidiú leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht” agus nach bhfuil “aon leigheas in aon chor” sa mhéid a fógraíodh i mBuiséad 2025 ar na “deacrachtaí móra” a bhaineann leis an nGaeltacht agus an teanga.
Gheall Sinn Féin ina bhuiséad malartach go gcuirfidís pacáiste €63.2 milliún breise ar fáil don Ghaeilge ag don Ghaeltacht, lena n-áireofaí maoiniú breise do TG4, d’Údarás na Gaeltachta, d’Fhoras na Gaeilge, agus don oideachas lán-Ghaeilge.
Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go raibh os cionn €100 milliún curtha ar leataobh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht den chéad uair riamh ag an rialtas seo.
“Tá €107 milliún sa bhreis i mBuiséad 2025 don earnáil. Cuirfidh an t-ardú seo ar ár gcumas an Plean Digiteach don Ghaeilge agus an Straitéis do na hEalaíona Teanga-Bhunaithe a sholáthar, chomh maith le hinfheistiú a dhéanamh i soláthar seirbhísí óige sa Ghaeltacht le bonn níos láidre a chur faoin bpróiseas pleanála teanga.
“Faoi láthair, tá Bille Údarás na Gaeltachta (Leasú) ag dul trí Thithe an Oireachtais agus is féidir liom a dheimhniú go bhfaighidh Údarás na Gaeilge maoiniú breise €1.9 milliún i mBuiséad 2025 le cur le deiseanna fostaíochta do mhuintir na Gaeltachta. Is bunriachtanas é seo leis an nGaeilge a choinneáil mar theanga labhartha na bpobal seo,” a dúirt an tAire Byrne.
Gheall sé freisin go n-úsáidfí cuid den airgead a cuireadh i leataobh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le “hionaid teanga a bunú i ngach contae sa stát”.
Dáileadh os cionn €1.27 billiún don Roinn Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán Dé Máirt. San áireamh ansin bhí €6 milliún breise don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus €60 milliún do TG4.
Tabharfar €1.9 milliún sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta, déanfar infheistíocht €1.5 milliún i Straitéis na nEalaíon Teangabhunaithe, cuirfear nach mór €2 milliún ar fáil don Phlean Digiteach don Ghaeilge, agus caithfear €1.5 milliún ar fhorbairt Ionaid Ghaeilge agus Chultúrtha ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas.