Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
triur-as-gach-ceathrar-sa-tseirbhis-phoibli-a-deir-nach-bhfuil-aon-eolas-acu-faoi-mhorsprioc-ghaeilge

Triúr as gach ceathrar sa tseirbhís phoiblí a deir nach bhfuil aon eolas acu faoi mhórsprioc Ghaeilge

| Tuairisc.ie | ,

74% d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí a dúirt i suirbhé nua nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh faoi 2030

Triúr as gach ceathrar sa tseirbhís phoiblí a deir nach bhfuil aon eolas acu faoi mhórsprioc Ghaeilge

Níl 74% d’oibrithe na seirbhíse poiblí ar an eolas faoi mhórphlean an Rialtais chun tuilleadh cainteoirí Gaeilge a earcú chuig an státchóras.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, tá sé mar sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

Ach dúirt triúr as gach ceathrar den bhreis is 33,000 fostaí sa tseirbhís phoiblí a d’fhreagair an cheist sin sa suirbhé nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc 20% sin.

De réir thorthaí an tsuirbhé, a rinne Ollscoil na Gaillimhe mar chuid d’fhorbairt an phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge, 66% de dhaoine sa státseirbhís – na ranna rialtais – a dúirt nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc 20%.

Ní raibh 85% de dhaoine atá fostaithe i gcomhlachtaí poiblí in earnáil na sláinte, oibrithe Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ina measc, ar an eolas faoin sprioc.

Dúirt 84% d’fhostaithe an Gharda Síochána a ghlac páirt sa suirbhé nach raibh siad ar an eolas faoi sprioc earcaíochta an dlí teanga.

71% a bhí i gceist le fostaithe sna húdaráis áitiúla agus sna boird oideachais agus oiliúna. 73% d’fhostaithe ag an tríú leibhéal sa chóras oideachais a thug le fios nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc 20%.

Maidir leis an tseirbhís phoiblí go léir, 24,462 duine a dúirt sa suirbhé nach raibh siad ar an eolas faoin sprioc agus 8,714 a dúirt go raibh.

Foilseofar go luath torthaí an tsuirbhé mar chuid den Phlean Náisiúnta Earcaíochta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne i mí na Bealtaine seo caite go bhfuil obair mhór le déanamh go fóill chun ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas maidir leis na dualgais a bheidh orthu Gaeilgeoirí a earcú amach anseo.

I mí an Mheithimh a cuireadh faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin acht teanga, a d’ullmhaigh an plean. Beidh an plean á chur faoi bhráid an rialtais go luath.

Mar chuid den phlean náisiúnta, níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos freisin faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge.

Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.

Tá Roinn na Gaeltachta le tús a chur go luath an bhliain seo chugainn le feachtas feasachta náisiúnta chun aird daoine a tharraingt ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ann amach anseo.

Tá sé ráite cheana féin ag iar-aire Gaeltachta go bhfuil sé “soiléir” nach mbainfear amach an sprioc earcaíochta faoin mbliain 2030. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív nach bhfuil dóthain cúrsaí tríú leibhéal á gcur ar fáil trí Ghaeilge chun na folúntais a bheidh ann a líonadh ach deir an tAire Stáit go bhfuil obair le déanamh chun na fostóirí a chur ar an eolas chomh maith.

Níos mó