Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
ag-votail-in-denver,-colorado-–-‘ta-se-ar-nos-go-bhfuil-an-tir-ar-fad-ag-fanacht-ar-thoradh-tastala-do-ghalar-gneis’

Ag vótáil in Denver, Colorado – ‘Tá sé ar nós go bhfuil an tír ar fad ag fanacht ar thoradh tástála do ghalar gnéis’

Lá mór a bhí ann inniu do mhuintir Mheiriceá ar fad gan dabht, ach lá mór freisin do Janessa McNamara as cathair Denver, Colorado, a bhain 18 mbliana d’aois amach dhá mhí ó shin agus a chaith vóta i dtoghchán uachtaránachta den chéad uair ina saol ar ball beag.

Ní nach ionadh i dtír ina bhfuil cúrsaí ginmhillte idir dhá cheann na meá, cearta na mban, mar aon leis an gcaidreamh idir na ciní éagsúla, a bhí ar bharr a haigne ag Janessa. Chaith sí vóta d’iarrthóir na nDaonlathach, Kamala Harris.

Cearta na mban agus vóta do Harris a bhí ar bharr a haigne freisin ag máthair Janessa, Réjane McNamara (44), a rugadh sa Fhrainc ach ar saoránach Meiriceánach í ó 2017 i leith (má bhí tú beo fiche bliain ó shin agus má cónaí ort i gcathair na Gaillimhe an t-am sin, seans go gcuimhneoidh tú uirthi: freastalaí a bhí inti sa teach caife a bhí agam tráth sa chathair sin.)

Ach d’iarrthóir na bPoblachtánach, Donald Trump, a chaith fear céile Réjane agus athair Janessa, Kelly McNamara (60), vóta. An eacnamaíocht, thar aon rud eile, ba chúis lena rogha siúd.

“Tá na praghasanna ag dul suas san ollmhargadh chuile sheachtain ó tháinig Joe Biden agus Kamala Harris i gcumhacht, tá laghdú $200 sa mhí tagtha ar mo thuarastal de bharr na n-athruithe a chuir siad i bhfeidhm ar chúrsaí cánach, agus tá mé tinn tuirseach de.”

Rugadh agus tógadh Kelly McNamara in Colorado, stát a bhí chomh dearg céanna leis na stáit Phoblachtánacha mháguaird nuair a d’fhás McNamara aníos, ach a d’iompaigh ina stát gorm ó thosaigh liobrálaigh ó California, Nua-Eabhrac agus Chicago ag bogadh go cathracha ar nós Denver agus Boulder ina sluaite. (I 2012, bhí Colorado ar cheann de na chéad stáit i Meiriceá ina bhféadfaí an raithneach a dhíol agus a cheannach go dleathach.)

“Ag Kamala a bheidh an lá in Colorado agus ní fiú cac an diabhail vóta s’agamsa,” a dúirt Kelly McNamara liom agus é corraithe.

Tá an ceart ar fad aige, gan dabht.

Muintir McNamara: Kelly, Janessa, Réjane agus Rockwell

Má bhíonn an bua ag Kamala Harris in Colorado (agus beidh, mura dtarlóidh rud éigin fíoraisteach) gheobhaidh sí vótaí na dtoghthóirí uile i gcoláiste toghcháin* an stáit sin, 10 dtoghthóirí san iomlán. Agus is mar a chéile a oibríonn an córas i ngach stát seachas Nebraska agus Maine, an t-aon dá stát nach bhfuil an córas ‘winner-takes-all’ i bhfeidhm iontu.

“Ba cheart dom bogadh go Swing State éigin, stát cinniúnach éigin ina ndéanfadh mo vóta difríocht!” a dúirt Kelly McNamara liom, idir mhagadh agus dáiríre.

Rud a chuaigh i bhfeidhm orm go mór ná go n-éiríonn le muintir McNamara cúrsaí toghcháin a phlé go hoscailte eatarthu féin, cé go bhfuil an scoilt leathan pholaitiúil i lár shochaí Mheiriceá le sonrú go láidir ina dteach féin. Éiríonn cúrsaí teasaí ó am go chéile, ach ní mhothaíonn éinne i dteach mhuintir McNamara go bhfuil orthu a dtuairimí polaitiúla a cheilt. Scéal eile atá ann in go leor teaghlach eile sna Stáit Aontaithe. De réir taighde a rinne an suíomh nuachta Axios, tá faitíos ar dhuine as gach ceathrar Meiriceánach a rá le gaolta, cairde agus fiú amháin lena gcuid páirtnéirí cé dó nó cé di a bhfuil siad ag vótáil sa toghchán seo.

Síocháin agus suaimhneas a bhí i réim freisin san ionad vótála i lár chathair Denver inar chaith muintir McNamara a gcuid vótaí go luath maidin Dé Máirt.

Síocháin agus suaimhneas, ach ardslándáil freisin: seiceáladh málaí agus bhí ar vótóirí dul trí bhrathadóir miotail sula bhféadfaidís vóta a chaitheamh.

Ach bhí ardghiúmar ar oifigigh an ionaid: fuair Janessa McNamara (18) bualadh bos agus bhí liúnna ‘Comhghairdeas!’ ó na hoifigigh nuair a dúirt sí gurbh é seo an chéad uair di vóta a chaitheamh i dtoghchán.

Fanacht fada a bheidh roimh mhuintir McNamara, roimh mhuintir Mheiriceá agus go deimhin roimh an gcuid eile den domhan anois. Gach seans go mbeidh na hionaid vótála in Haváí fós oscailte agus an t-alt seo á léamh agat; tosóidh an comhaireamh ansin, agus is ea is lú an difear a bheidh idir na hiarrthóirí is ea is faide a thógfaidh an próiseas sin, toisc go mbeidh athchomhaireamh i ndiaidh athchomhairimh á éileamh ag na hiarrthóirí sa chás sin.

Idir an dá linn, tá síocháin agus suaimhneas i réim anseo i gcathair Denver – ach ná bíodh dul amú ar éinne, tá teannas san aer agus cinneadh cinniúnach á dhéanamh ag muintir Mheiriceá.

Mar a dúirt mo chara Réjane ar ball beag: ‘Tá sé ar nós go bhfuil an tír ar fad ag fanacht ar thoradh tástála do ghalar gnéis.’

* Sna Stáit Aontaithe, ní thoghann na vótóirí an t-uachtarán go díreach. ‘Toghthóirí’ na stát éagsúla a dhéanann é sin – bunaithe ar vóta an phobail, gan dabht. Níl an líon céanna toghthóirí ag gach stát. Mar shampla, níl ach 3 thoghthóirí ag Wyoming, ach tá 54 ag California.

Níos mó