Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
an-mean-soisialta-bluesky-ar-fail-i-ngaeilge 

An meán sóisialta Bluesky ar fáil i nGaeilge 

Bhí borradh aisteach an mhí seo faoi líon na ndaoine a chláraigh le Bluesky ó atoghadh iaruachtarán Mheiriceá Donald Trump agus tá Spéir Ghlas Ghaelach déanta den Spéir Ghorm cheana féin

An meán sóisialta Bluesky ar fáil i nGaeilge 

An meán sóisialta Bluesky ar fáil i nGaeilge 

Tá an t-ardán sóisialta Bluesky ar fáil i nGaeilge a bhuí leis an ngrúpa céanna a chuir leaganacha Gaeilge de mhórmheáin shóisialta eile – Twitter, Facebook, agus WhatsApp – ar fáil. Is iad an Ríomhacadamh, faoi stiúir an Ollaimh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri, a rinne an t-aistriúchán ar an ardán nua atá á phlódú le húsáideoirí le cúpla seachtain anuas.

Bhí borradh aisteach an mhí seo faoi líon na ndaoine a chláraigh le Bluesky ó atoghadh iaruachtarán Mheiriceá Donald Trump níos túisce an mhí seo agus go leor daoine i Meiriceá míshásta faoin ról a bhraith siad a bhí ag úinéir X, Elon Musk, i bhfeachtas Trump.

Le cúpla seachtain anuas, tá go leor de phobal na Gaeilge a bhíodh i dteagmháil rialta lena chéile ar X gaibhte anonn go hardán Jack Dorsey (an fear a bhunaigh X féin faoin ainm Twitter in 2006) agus iad ag clabaireacht leo ansin.

B’fhéidir go raibh iontas agus áthas ar an gcainteoir Gaeilge a chláraigh an mhí seo go raibh rogha ann comhéadan na haipe a chur i nGaeilge cheana féin. Murab ionann agus suíomhanna eile idirlín – dála Twitter (bunaithe 2006, aistrithe 2015) agus Gmail (bunaithe 2004, aistrithe 2014) – ní raibh i bhfad le fanacht ag lucht úsáide Bluesky sular cuireadh ar fáil i nGaeilge é.

Bunaíodh Bluesky mar ardán neamhspleách sóisialta in 2021 – tar éis do leagan luath de a bheith ar fáil trí Twitter, mar a thugtaí ar X ag an am, ó 2019. Ach nuair a cheannaigh an billiúnaí Elon Musk Twitter ar $44 billiún in 2022, bheartaigh daoine áirithe an t-ardán a thréigean agus a n-aghaidh a thabhairt ar mhachairí nua.

Ar dhuine de na daoine sin bhí an tOllamh Scannell féin, agus beirt a bhí go mór chun cinn ar Twitter na nGael – Aonghus Ó hAlmhain atá ina chónaí i gCill Mhantáin agus Dennis King atá ina chónaí in Seattle in Washington sna Stáit Aontaithe. Ba iad an triúr seo a rinne Spéir Ghlas Ghaelach den Spéir Ghorm.

“Níl an oiread céanna ar bun ag an Ríomhacadamh mar a thugann muid orainn féin agus a bhíodh. Tháinig deireadh leis an ‘aistriúchán pobail’ i saol na ríomhaireachta thart ar an mbliain 2015 i ndáiríre, ach bíonn obair le déanamh fós. Cothú ar an ábhar a aistríodh cheana a bhíonn ann [Gmail, Twitter, agus Facebook mar shampla]. Ní dhearnadh aistriúchán iomlán nua le cúpla bliain.

“Rinne mé féin, Dennis King, agus Aonghus Ó hAlmhain an obair aistriúcháin ar Bluesky cúpla mí ó shin. Ní raibh an obair chomh dona céanna is a bhí nuair a aistríodh Twitter. Bhí thart ar dheich míle focal le haistriú le comhéadan Bluesky a chur ar fáil, agus is féidir an suíomh ar fad a úsáid i nGaeilge anois,” a dúirt Scannell le Tuairisc.

Níos mó