Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
duais-mor-aistriuchain-buaite-ag-leagan-bearla-de-dhan-gaeilge

Duais mór aistriúcháin buaite ag leagan Béarla de dhán Gaeilge

| Maitiu O Coimin | ,

Bhí aistriúchán Ellen Corbett ar ‘Scrúdú’ le Laoighseach Ní Choistealbha i measc 1,000 iarratas i 100 teanga do dhuais Stephen Spender

Duais mór aistriúcháin buaite ag leagan Béarla de dhán Gaeilge

Tá Duais Stephen Spender don aistriúchán filíochta buaite ag Éireannach den chéad uair riamh. Is í Ellen Corbett, aistritheoir as Tír Eoghain, a thug léi an chraobh dá haistriúchán go Béarla ar dhán Gaeilge ‘Scrúdú’, a scríobh an file Conallach Laoighseach Ní Choistealbha.

Is é Iontaobhas Stephen Spender a bhronnann an duais idirnáisiúnta filíochta don aistriúchán is fearr ó theanga ar bith ar domhan go Béarla. Bhí aistriúchán Corbett ar ‘Scrúdú’ i measc 1,000 iarratas i 100 teanga éagsúil i mbliana. Chuir sí níos mó ná iarratas amháin isteach ar an gcomórtas agus d’éirigh le gach uile cheann acu dul chomh fada le céimeanna deiridh an chomórtais.

“Is mór an onóir é gur bhuaigh mé an chéad áit don dán a scríobh Laoighseach. Tá lúcháir mhór orm agus tá súil agam go spreagfaidh sé seo spéis níos mó i bhfilíocht na Gaeilge, go háirithe i bhfilí atá ag teacht chun cinn.

“Chuir Duais Stephen Spender ar mo shúile dom go bhféadfadh todhchaí a bheith agam mar aistritheoir liteartha in éineacht le mo chuid taighde. Feictear dom go bhfuil an oiread sin deiseanna ar fáil dom anois, ní féidir liom fanacht go bhfeicfidh mé cad a bheidh amach romham,” a dúirt Corbett.

Taighdeoir PhD in Ollscoil Uladh í Corbett faoi láthair, atá tar éis cuid mhaith dá saothar acadúil a dhíriú ar an nua-fhilíocht Ghaeilge agus léann an aistriúcháin. Deir sí go bhfuil sé mar aidhm aici “aistritheoirí óga ar fud na hÉireann a spreagadh chun smaoineamh ar an aistriúchán cruthaitheach mar shlí bheatha amach anseo”.

Dúirt sí go gcuireann ‘Scrúdú’ in iúl eispéireas na mban óg in Éirinn an lae inniu agus léiríonn an t-eispéireas sin “tríd an tseandacht”.

“Dá mbeinn le dán amháin a mholadh don té a bheadh ag léamh saothar Ní Choistealbha den chéad uair, is dócha go molfainn an ceann seo. Tá ‘Scrúdú’ ina eiseamláir de oeuvre Ní Choistealbha, leagann sí a méar ar shaol na mná óige in Éirinn san aonú aois is fiche, agus teilgeann sí tríd an tseandacht í; sa chás seo, tuamaí neoiliteacha Bhrú na Bóinne i gcontae na Mí,” a dúirt sí.

Is é aistriúchán Corbett ar ‘Scrúdú’ an chéad aistriúchán oifigiúil go Béarla a rinneadh ar dhán de chuid Ní Choistealbha. Foilseofar an leagan Béarla san iris Modern Poetry in Translation go luath agus beidh an bunleagan Gaeilge ina cnuasach nua Mainistir na Feola atá le foilsiú amach anseo. Dúirt an file go bhfuil “an-áthas” uirthi leagan Béarla dá cuid filíochta a fheiceáil den chéad uair.

“Is léir gur pribhléid ollmhór é do shaothar a bheith aistrithe ar chor ar bith, agus tá sé an-spéisiúil fosta nuair a aistrítear do shaothar ar ais chuig do theanga dhúchais féin. Is í an Ghaeilge mo dhara teanga agus scríobhaim trí Ghaeilge den chuid is mó, ach is é an Béarla mo chéad teanga. Oscailt súl atá ann. Tá an dara saol ag an dán a bhfuil tionchar níos láidre aige ar do shaol ar bhealaí áirithe,” a dúirt sí.

Tá níos mó aistriúchán ar na bacáin ag Ellen Corbett agus Laoighseach Ní Choistealbha, agus is féidir an t-aistriúchán a bhuaigh Duais Stephen Spender a léamh anseo.

Níos mó