Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
idir-mhaith-agus-olc-d’fhianna-fail-in-iarthar-na-hardchathrach,-an-seans-ag-coppinger-filleadh 

Idir mhaith agus olc d’Fhianna Fáil in iarthar na hardchathrach, an-seans ag Coppinger filleadh 

Baile Átha Cliath Thiar Meán

Líon na suíochán: 5

Tá síneadh curtha leis na teorainneacha anseo agus suíochán breise le líonadh dá réir.

17 iarrthóir atá ag seasamh, ina measc an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Eoin Ó Broin (SF) agus Mark Ward (SF) ó Shinn Féin; Emer Higgins (FG) ó Fhine Gael agus Gino Kenny (PsB) do Phobal seachas Brabús.

Bhí Eoin Ó Broin (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 11,842 vóta agus a chomrádaí Mark Ward (SF) a bhí sa dara háit le 7,621 vóta. Toghadh Eoin Ó Broin (SF) ar an gcéad chomhaireamh agus nuair a roinneadh a fharasbarr toghadh Mark Ward (SF) ar an dara comhaireamh.

Cé go raibh John Curran (FF) chun cinn ar Emer Higgins (FG) agus ar Gino Kenny (PsB) sa gcéad chomhaireamh, níor aistríodh mórán vótaí chuige agus chaill sé a shuíochán le 706 vóta. Le suíochán breise sa dáilcheantar agus le 14% den vóta i mBaile Átha Cliath ag Fianna Fáil do réir na bpobalbhreitheanna, ba cheart go mbeadh suíochán le fáil sa dáilcheantar seo ag páirtí Mhicheál Martin (FF). Tá beirt ag seasamh d’Fhianna Fáil: an comhairleoir Shane Moynihan (FF) agus Lynda Prendergast (FF). Ní hamháin go bhfuil Gaeilge ag Shane Moynihan as Baile Phámar agus tá tiomantas aige do cheist na Gaeilge. Bhí sé ar bharr an liosta sna toghcháin áitiúla le 1,348 i gceantar Bhaile Phámar.

Is féidir le Fine Gael a bheith cinnte de shuíochán amháin anseo agus dóchasach faoin dara ceann. Sna toghcháin áitiúla bhí 18% den vóta ag iarrthóirí Fhine Gael, an leibhéal céanna a bhí ag an bpáirtí san olltoghchán in 2020. Tá beirt iarrthóirí san iomaíocht: Emer Higgins (FG) atá ag iarraidh a suíochán a choinneáil agus an comhairleoir Vicki Casserly (FG) a fuair 3,501 vóta san olltoghchán in 2020. Dá mbeadh an vóta roinnte go cothrom idir Higgins agus Casserly, d’fhéadfadh Fine Gael a bheith san iomaíocht don dara suíochán. Fuair an comhairleoir Casserly (FG) 1,574 vóta i Leamhcán sna toghcháin áitiúla.

An t-aistriúchán láidir a fuair Gino Kenny (PsB) ó Paul Gogarty (Nspl) sa gcomhaireamh deireanach a chuir Kenny (PsB) chun cinn ar John Curran (FF). Tá an comhairleoir Paul Gogarty (Nspl) ag rith arís. Bhíodh Gogarty (Nspl) ina Theachta Dála sa gceantar seo leis an gComhaontas Glas tráth. Sheas sé in dhá thoghcheantar sna toghcháin áitiúla: fuair sé 2,671 vóta i Leamhcán agus toghadh é ar bharr an chomhairimh. Chomh maith leis sin bhí 700 vóta aige i mBaile Phámar. Má bhíonn Gogarty (Nspl) chun cinn ar Kenny (PsB) beidh sé san iomaíocht don chúigiú suíochán

Tá an dara hiarrthóir a bhfuil an t-ainm Eoin Ó Broin san iomaíocht, an comhairleoir Eoin Ó Broin (DS) atá ag seasamh an babhta seo do na Daonlathaithe Sóisialta. Fuair sé 901 vóta i gCluain Dolcáin sna toghcháin áitiúla. Tá Gaeilge mhaith ag Eoin Ó Broin (DS), rud nach bhfuil ag Eoin Ó Broin (SF), urlabhraí tithíochta Shinn Féin. Ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre, tá an comhairleoir Francis Timmons (LO). Mar iarrthóir neamhspleách fuair Timmons (LO) 1,103 in 2020. Má fhaigheann sé an vóta sin agus an vóta a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre in 2020, ba cheart go mbeadh gar do 3,000 vóta aige. D’fhéadfadh roinnt a vótaí a bheith cinniúnach: beidh Kenny (PsB), Gogarty (Nspl) agus Ó Broin (DS) ag súil le sciar maith de na vótaí aistrithe ó Timmons (LO) a fháil.

Tá Seanán Ó Coistín (Nspl) san iomaíocht le haird a tharraingt, i measc rudaí eile, ar cheist na Gaeilge agus ar an líon ard díolúintí ón nGaeilge atá á dtabhairt amach.

Iarrthóir neamhspleách eile é an comhairleoir Alan Hayes (Nspl), a fuair 1,335 vóta sna toghcháin áitiúla i mBaile Phámar.

San iomaíocht do Independent Ireland, tá an comhairleoir Linda de Courcy (Ind Ire) a fuair 972 vóta sna toghcháin áitiúla agus tá Colm Quinn (Aon) ar an bpáipéar ballóide d’Aontú.

Tá beirt iarrthóirí ó ghrúpaí ar an eite dheis san iomaíocht: Robert Coyle (IP) ón ngrúpa Irish People agus an comhairleoir Glen Moore (IFP) ón Irish Freedom Party a toghadh do cheantar Bhaile Phámar sna toghcháin áitiúla agus 964 vóta céadrogha aige.

Seans maith go gcoinneoidh Sinn Féin an dá shuíochán, go mbeidh suíochán ag Fine Gael, go mbeidh ceann ag Fianna Fáil an uair seo agus go mbeidh an cúigiú suíochán idir Gino Kenny (PsB) agus Paul Gogarty (Nspl).

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 2; Nspl 1 

Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

Líon na suíochán: 3

Tá na teorainneacha athraithe go mór ó 2020, agus thart ar 10,000 vóta aistrithe go Fine Gall Thiar ar lámh amháin agus thart ar 8,000 vóta tugtha isteach sa dáilcheantar ó Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Tá an líon suíochán mar a chéile.

13 iarrthóir ag seasamh, ina measc an bheirt Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Dessie Ellis (SF) agus Paul McAuliffe (FF) ó Fhianna Fáil. Níl Róisín Shortall (DS), iar-chomhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta, san iomaíocht.

Bhí Dessie Ellis (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 14,375 vóta agus breis is 6,000 vóta le spáráil aige: fuair Conor Reddy (PsB) beagnach 40% agus Róisín Shortall (DS) 28% den fharasbarr sin. Tá iarrthóir breise ag Sinn Féin an babhta seo, Cathleen Carney Boud (SF).

D’éirigh le Paul McAuliffe (FF) a shuíochán a bhaint de Noel Rock (FG) in 2020. Ba iad na vótaí aistrithe a fuair McAuliffe ó Rock sa gcomhaireamh deireanach a chroch fear Fhianna Fáil thar an gComhairleoir Conor Reddy (PsB). Tá Noel Rock (FG) agus Conor Reddy (PsB) san iomaíocht arís. Seans maith gur vótaí ó McAuliffe (FF) a thabharfaidh an tríú suíochán do Noel Rock (FG) an babhta seo.

Baile Munna agus Cabrach an dá mhórcheantar sa Dáilcheantar. Fuair iarrthóirí ó Fhianna Fáil 14% den vóta sna toghcháin áitiúla i gcomparáid le 4% d’iarrthóirí Fhine Gael, 4% do Pháirtí an Lucht Oibre, 20% d’iarrthóirí Sinn Féin agus 18% d’iarrthóirí ón eite chlé.

Fuair an comhairleoir Conor Reddy (PsB) 1,249 vóta i mBaile Munna – Fionnghlas sna toghcháin áitiúla. Beidh sé san iomaíocht don tríú suíochán, mar a bhí in 2020, ach fanacht chun cinn ar an dara hiarrthóir atá ag Sinn Féin, Cathleen Carney Boud (SF).

Ag seasamh an fhóid do na Daonlathaithe Sóisialta tá an t-eacnamaí Rory Hearne (DS). Bhí vóta láidir pearsanta ag Róisín Shortall (DS) sa dáilcheantar seo. Níl aon chinnteacht ann go mbeidh Hearne (DS) in ann an vóta sin a fháil. Theastódh 4,000 vóta céadrogha uaidh agus a bheith chun tosaigh ar Cathleen Carney Boud (SF) agus chun tosaigh ar Conor Reddy (PsB) le go mbeadh seans aige ar an suíochán.

Ag seasamh don Lucht Oibre tá John Nisbet (LO). Beidh sé ag déanamh go maith má fhaigheann sé 1,000 vóta. Tá Caroline Conroy (CG) san iomaíocht don Chomhaontas Glas. Fuair sí 1,548 vóta in 2020. Seans go gcabhróidh a cuid vótaí aistrithe níos mó le Rory Hearne (DS) ná le duine ar bith eile ar an bpáipéar ballóide. San iomaíocht d’Aontú tá Edward McManus (Aon).

Tá triúr iarrthóirí ón eite dheis san iomaíocht: Stephen Redmond (NP) ón ngrúpa The National Party; Ian Croft (ICP) ón Irish Centre Party agus an comhairleoir Gavin Pepper (Nspl) a toghadh do cheantar Bhaile Munna – Fionnghlas sna toghcháin áitiúla agus 1,126 vóta céadrogha aige. Bhí Redmond (NP) bainteach le hagóidí in aghaidh teifeach le linn an tsamhraidh. Beidh sé spéisiúil cén vóta a bheas le fáil aige san olltoghchán.

Coinneoidh Dessie Ellis (SF) a shuíochán gan stró agus beidh coimhlint ghéar don dá shuíochán eile idir Cathleen Carney Boud (SF), Rory Hearne (DS) agus an Comhairleoir Conor Reddy (PsB). Beidh an tríú suíochán idir Paul McAuliffe (FF) agus Noel Rock (FG) agus seans gur ag Rock (FG) a bheas sé, ach ní bheidh mórán eatarthu.

Tuar: FG 1; SF 1; PsB 1

Baile Átha Cliath Thiar

Líon na suíochán: 5

Níl ach athrú beag curtha ar an dáilcheantar ach de bharr méadú sa daonra tá suíochán breise le líonadh.

16 iarrthóir atá ar an bpáipéar ballóide, ina measc triúr den cheathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Paul Donnelly (SF) ó Shinn Féin; Jack Chambers (FF) ó Fhianna Fáil agus Roderic O’Gorman (CG), Ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Tá iarcheannaire Fhine Gael, an t-iarThaoiseach Leo Varadkar (FG) éirithe as.

Bhí Paul Donnelly (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 12,456 vóta agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh. Ní raibh ach iarrthóir amháin ag Sinn Féin. Ruth Coppinger (PsB) is fearr a rinne as scaipeadh an fharasbairr de 3,730 vóta: fuair sí 50% acu, ach fós bhí sí 500 vóta gann ar shuíochán. Ní bheidh an oiread aistriúchán le fáil an uair seo ag an gcomhairleoir Ruth Coppinger (PsB) mar go bhfuil an comhairleoir Breda Hanaphy (SF) san iomaíocht chomh maith.

Fuair Ruth Coppinger (PsB) 1,553 vóta sna toghcháin áitiúla i gCaisleán Cnucha. Ta aithne uirthi sa gceantar agus beidh sí san iomaíocht go dtí deireadh an rása lena suíochán a fháil ar ais.

Níor cheart go mbeadh aon stró ar an Aire Airgeadais Jack Chambers (FF) a shuíochán a choinneáil agus cur lena vóta céadrogha. Léirigh sé go raibh sé compordach ag labhairt Gaeilge nuair a bhí sé ina aire stáit don Ghaeltacht. Tá Lorna Nolan (FF) ag seasamh in éindí leis.

Emer Currie (FG) atá san iomaíocht do Fhine Gael le suíochán Leo Varadkar (FG) a choinneáil. Sí an t-aon iarrthóir ó Fhine Gael ar an liosta iarrthóirí. Fuair sí 1,870 vóta in 2020. Is iníon í le Austin Currie, a bhí tráth ina Theachta Dála don cheantar. Níl cúis ar bith nach dtógfadh sí an suíochán.

Sna toghcháin áitiúla fuair Fine Gael 16% den vóta agus fuair Fianna Fáil 17%. Bhí 14% ag an Lucht Oibre. Chaill Joan Burton (LO), iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus iarThánaiste, a suíochán in 2020. Ní bhfuair sí ach 2,096 vóta. Is é an comhairleoir John Walsh (LO) ag seasamh don Lucht Oibre an babhta seo. Is léachtóir é i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé 1,937 vóta céadrogha ag seasamh sna toghcháin áitiúla i gCaisleán Cnucha. Má bhíonn sé chun cinn ar Ruth Coppinger (Sol) agus Breda Hanaphy (SF) beidh sé san iomaíocht ag an deireadh.

Roderic O’Gorman (CG) a sciob an ceathrú suíochán ó Ruth Coppinger (PsB) in 2020. Ó shin i leith, tá laghdú mór ar thacaíocht na nGlasach ach tá próifíl náisiúnta ag Roderic O’Gorman (CG) mar cheannaire a pháirtí, rud a chabhróidh leis a shuíochán a choinneáil. Gach seans, áfach, go mbeidh sé ag brath ar vótaí aistrithe ó John Walsh (LO), iarrthóir an Pháirtí an Lucht Oibre.

Tá iarrthóir amháin san iomaíocht ón eite dheis: an comhairleoir Patrick Quinlan (NP) ón National Party, a toghadh do cheantar Baile Bhlainséir sna toghcháin áitiúla le 456 vóta céadrogha. Fuair sé aistriú maith vótaí ó Susanne Delaney (Nspl) atá san iomaíocht sa toghchán seo freisin. Ag seasamh d’Aontú tá an comhairleoir Ellen Troy (Aon), a fuair 1,674 vóta i gCaisleán Cnucha sna toghcháin áitiúla.

Seans maith go gcoinneoidh Paul Donnelly (SF), Jack Chambers (FF) agus Roderic O’Gorman (CG) a suíocháin agus go dtógfaidh Emer Currie (FG) agus Ruth Coppinger (PsB) sa dá shuíochán eile.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 1; CG 1; PsB 1

Níos mó