Rachaidh muintir na hÉireann chuig na botháin vótála inniu chun an líon is mó Teachtaí riamh ó bunaíodh an stát a thoghadh.
Gan fágtha ach uaireanta fánacha sa bhfeachtas toghcháin inné, gob ar ghob a bhí na trí pháirtí is mó – Sinn Féin, Fianna Fáil agus Fine Gael – agus iad uilig ar a mbionda ag iarraidh an sciar is mó de na suíocháin Dála agus de na vótaí a chruinniú chucu féin.
De réir na bpobalbhreitheanna deireanacha, coimhlint an-ghéar a bheidh ann agus na páirtithe ar fad i dtuilleamaí vótaí aistrithe leis na suíocháin chinniúnacha sin a ghnóthachtáil a mbeidh tionchar ollmhór acu ar an gcéad Rialtas eile agus an dream a bheidh ina bhun.
Ar mholadh ón gCoimisiún Toghcháin, cuireadh ceithre cinn déag eile le líon na suíochán Dála don olltoghchán seo, ó 160 sa 33ú Dáil go 174 Teachta sa 34ú Dáil.
A bhuíochas don mhéadú sin, teastóidh tacaíocht 87 Teachta Dála sa gcéad Dáil eile, an 34ú Dáil sa stát, le tromlach a bheith ag an Rialtas – dhéanfadh 80 vóta cúis sa Dáil dheireanach.
Osclófar doirse na mbothán vótála amárach ag a 7.00 am agus beidh cúig uaire déag ag muintir na tíre lena vóta a chaitheamh sula ndúnfar na doirse sin arís ag a 10.00pm.
Lá gaofar ceobhránach le ráigeanna báistí atá á thuar ag Met Éireann. Scaipfidh an bháisteach léi soir ar fud na tíre faoi mheán lae agus tá baol fuarlaigh in áiteanna. Beidh corrscaitheamh gréine agus múraíl scaipthe againn sna iarnóin. Beifear ag súil nach gcuirfidh an bháisteach aon drochmhisneach ar lucht vótála agus iad a choinneáil ag baile.
Ba bheag lorg a d’fhág cás na Gaeilge ná géarchéim teanga agus tithíochta na Gaeltachta ar an bhfeachtas, cé go bhfuil gealltanais faoin nGaeilge déanta ag formhór mór na bpáirtithe ina bhforógraí.
Roimh lá na vótála inniu, d’achainigh Conradh na Gaeilge ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ar dhaoine eile ar spéis leo a bhfuil i ndán don teanga “meas agus machnamh a dhéanamh” ar ghealltanais na bpáirtithe i leith na teanga ina bhforógraí toghcháin.
De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie, is ag Sinn Féin agus Fianna Fáil atá an líon is mó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu. Tá Gaeilge ag beagnach 12% den 522 iarrthóir páirtí atá ag seasamh sa toghchán.
Agus na botháin vótála á n-oscailt ar maidin, beidh Fine Gael ag súil go meallfaidh an mheitheal nua iarrthóirí atá acu vótóirí, ach tá sé ina fhaitíos freisin go gcaillfidh siad vótaí siocair na Teachtaí seanbhunaithe a raibh taithí mhór acu agus aithne mhaith orthu a bheith imithe de bhileoga an pháirtí.
Bhí an chuma ar thorthaí na bpobalbhreitheanna deireanacha go raibh an taoide ag casadh de bheagán i gcoinne Shinn Féin agus Fhine Gael agus sochar beag á fháil ag Fianna Fáil. Bhí an chuma ar an bpobalbhreith dheireanach gurbh iad iarrthóirí Fhianna Fáil ab fhearr a bhainfeadh tairbhe as vótaí aistrithe ó iarrthóirí eile.
Dealraíonn sé go raibh téarnamh áirithe déanta ag Sinn Féin, an páirtí is mó sa bhfreasúra, ar baineadh croitheadh as a misneach ag an titim gan choinne a bhí á léiriú ag pobalbhreitheanna le tamall roimhe sin.
Agus an chuma ar chúrsaí nach bhfuil oiread áiméan idir na páirtithe, ba dheacair do lucht anailíse déantús an chéad rialtais eile a thuar.
Ba cheart go mbeadh cárta vótála faighte faoin tráth seo ag chuile dhuine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus ar an gcárta sin atá an t-eolas ar fad faoin ionad vótála ag a vótálfaidh duine.
Ní gá an cárta sin a bheith agat ag an ionad vótála ach mura bhfuair tú do chárta sa bpost téigh go dtí CheckTheRegister.ie. agus seiceáil do chuid sonraí agus d’ionad ansin.
Ní mór duit cárta aitheantais ar a bhfuil do phictiúr nó aitheantas fótagrafach a thabhairt leat chuig an ionad vótála, déanfaidh pas, ceadúnas tiomána, cárta seirbhíse poiblí, cárta aitheantais oibre nó scoláire nó cáipéis taistil an gnó.
Cuirfear tús le comhaireamh na vótaí amárach, an Satharn, ach níltear ag súil le haon torthaí go dtí tráthnóna amárach.
Níl ach Teachta Dála amháin sa Dáil a bhfuil suíochán cinnte aige sa gcéad Dáil eile mar ní bhíonn ar an gCeann Comhairle reatha a shuíochán a throid agus beidh an Teachta Seán Ó Fearghaíl, Cill Dara Theas, ag filleadh ar an Dáil gan iomaíocht.