Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
na-morphairtithe-slan-agus-ff-ag-fiach-go-laidir-ar-an-dara-suiochan-i-maigh-eo-–-pobalbhreith-tg4

Na mórpháirtithe slán agus FF ag fiach go láidir ar an dara suíochán i Maigh Eo – pobalbhreith TG4

| Tuairisc.ie | , ,
Déardaoin, Samhain 21 2024 ag 7:15 pm

D’fhéadfadh gur idir na trí mhórpháirtí a roinnfí na cúig shuíochán Dála i Maigh Eo agus go mbeidh Fianna Fáil ag fiach go láidir ar an dara ceann, de réir pobalbhreith a rinne TG4/Ipsos B&A.

De réir thorthaí na pobalbhreithe a cuireadh amach tráthnóna, Alan Dillon Fhine Gael a bheadh ar cheann an chomhairimh ag deireadh na míosa agus cuóta aige, 17% den vóta céadrogha.

Ina dhiaidh, tá Rose Conway-Walsh ó Shinn Féin agus 13% aici. Bheadh sí ag súil lena suíochán a choimeád do Shinn Féin leis an méid sin de vótaí céadrogha, cé gur laghdú mór a bheadh ann ar a vóta céadrogha ó 2020 nuair a bhí beagnach 23% aici ar an gcéad chomhaireamh.

Beirt Fhianna Fáil, an cainteoir Gaeilge Dara Calleary agus Lisa Chambers, agus Mark Duffy Fhine Gael atá sna sála ar Conway-Walsh.

Níl oiread na fríde idir beirt iarrthóirí Fhianna Fáil sa phobalbhreith, Dara Calleary, a bhfuil 11% aige, agus Lisa Chambers, atá ar 10%.

Tabharfaidh sin dóchas d’Fhianna Fáil go n-éireoidh leo an dara suíochán a fháil ar ais i ndáilcheantar a mbíodh ceithre shuíochán as sé cinn acu tráth.

Ach de réir thorthaí na pobalbhreithe, beidh Fine Gael seans ar an tríú suíochán don pháirtí cé go bhféadfadh chomh mbeidh siad  i dtaobh le dhá cheann agus gur botún a bhí ann cearthar iarrthóirí a chur sa ghleo.

Gob ar ghob le Lisa Chambers ar 10% tá Mark Duffy Fhine Gael agus sa séú háit tá a leathbhádóir Keira Keogh ar 8%.

Ar 7% atá an t-iarrthóir neamhspleách Patsy O’Brien, iarbhall d’Fhine Gael, a measann mórán seans a bheith aige barrthuisle a bhaint as na mórpháirtithe agus suíochán a bhuachan.

Tá 7% chomh maith ag iarrthóir Aontú, Paul Lawless, agus leid eile le fáil i bpobalbhreitheanna TG4 go mb’fhéidir go bhfuil páirtí an Ghaeilgeora, Peadar Tóibín, ag déanamh dul chun cinn áirithe.

Ina dhiaidh sin sa phobalbhreith, tá an dara hiarrthóir ag Sinn Féin, Gerry Murray agus 5% aige, agus an tríú hiarrthóir atá ag Fine Gael, Martina Jennings a bhfuil 4% aici. Is iad na hiarrthóirí eile ná Joe Daly, Pobal seachas Brabús (2%), Stephen Kerr, neamhspleách (2%), Mícheál ‘Boxty’ Ó Conaill, an Comhaontas Glas (2%) agus Chris Maxwell, Independent Ireland (2%).

Tá an t-iarrthóir neamhspleách Gerry Loftus ar 1% agus níos lú ná 0.5% atá ag Sean Forkin, iarrthóir neamhspleách eile.

39.5% den vóta céadrogha a bhí ag Fine Gael san olltoghchán deireanach in 2020 nuair a bhí Michael Ring, atá éirithe as, i mbarr an chomhairimh le 23%. 35% atá acu an babhta seo.

24.1% den vóta a bhí ag Dara Calleary agus Lisa Chambers eatarthu in 2020. Tá a vóta siúd seasmhach go maith de réir na pobalbhreithe, agus 21% ag Fianna Fáil.

Is ar an bhfón Dé Luain agus Dé Máirt an tseachtain seo (an 18 agus 19 Samhain) a tugadh faoin bpobalbhreith seo de chuid TG4/Ipsos B&A. Gabhann ráta earráide lúide nó móide ceathair faoin gcéad leis an sampla 539 duine.

Níos mó