Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
seans-ag-fianna-fail-suiochan-a-fhail-ar-ais-i-lu

Seans ag Fianna Fáil suíochán a fháil ar ais i Lú

Beidh 14 Teachta breise ag suí i dTeach Laighean tar éis an chéad olltoghcháin eile agus ceithre Dháilcheantar breise sa tír. Tá Fine Gall ina mbíodh cúig shuíochán roinnte anois idir dhá Dháilcheantar trí shuíochán. Ar an gcaoi chéanna tá contae Thiobraid Árann, roinnte idir Tiobraid Árann Theas agus Tiobraid Árann Thuaidh. Bhíodh Laois-Uíbh Fhailí ina Dháilcheantar amháin le cúig shuíochán. Ach sa toghchán seo beidh Laois as féin agus Uíbh Fhailí as féin, agus trí shuíochán an ceann le líonadh sa dá chontae.

Tá Dáilcheantar nua ceithre shuíochán cruthaithe chomh maith ar a dtugtar Cill Mhantáin-Loch Garman ina bhfuil cuid de Dheisceart Chill Mhantáin curtha le cuid de Thuaisceart Loch Garman. Fágann sin gur Dáilcheantar ceithre shuíochán a bheas anois sna Dáilcheantair ar a dtugtar Loch Garman agus Cill Mhantáin.

Tá 14 suíochán breise le líonadh, a fhágann go mbeidh 174 suíochán sa Dáil. Fágann sin go mbeidh 87 Teachta Dála ar a laghad ag teastáil don mhóramh le rialtas a chur le chéile agus Taoiseach a thoghadh. Ar ndóigh d’fhéadfadh rialtas mionlaigh teacht i gcumhacht ach socrú  a bheith déanta le roinnt Teachtaí Dála neamhspleácha agus/nó le páirtí nó páirtithe eile.

Tosóimid inniu anseo le dhá dháilcheantar i dtuaisceart Laighean agus idir seo agus an toghchán caithfimid súil ar na dáilcheantair ar fad. Caithfimid súil ar leith ar na dáilcheantair ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.

Líon na suíochán: 5

Lú (5): Níl triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 san iomaíocht an uair seo: Peter Fitzpatrick (NS), Fergus O’Dowd (FG) agus Imelda Munster (SF)

Tá athrú beag ar an Dáilcheantar, sa mhéid is go bhfuil cuid den Mhí bainte de agus curtha ar ais sa Mhí Thoir. San olltoghchán in 2020 bhí 42% den vóta céadrogha ag iarrthóirí Shinn Féin, a ndóthain vótaí le triúr a thoghadh ach na vótaí a bheith roinnte go cothrom. Tá triúr iarrthóirí ag Sinn Féin ag seasamh ach leis an titim i dtacaíocht an pháirtí, is deacair a fheiceáil go n-éireoidh leo trí shuíochán a thógáil. Tá de bhuntáiste ag an Teachta Ruairí Ó Murchú, fear a bhfuil Gaeilge mhaith aige, go bhfuil aithne anois air. Ach is comhairleoirí contae an bheirt iarrthóirí eile atá ag Sinn Féin, Johanna Byrne a toghadh i nDroichead Átha agus Antóin Waters a toghadh i nDún Dealgan. D’fhéadfadh Antóin Waters (SF) brú a chur ar Ruairí Ó Murchú (SF), mar is as ceantar Dhún Dealgan don bheirt acu.

Níor éirigh le Fianna Fáil aon suíochán a fháil anseo in 2020, cé go raibh 13.7% den vóta céadrogha eatarthu ag a mbeirt iarrthóirí. Tá beirt iarrthóirí nua acu, Alison Comyn (FF), iriseoir a bhfuil aithne uirthi go forleathan sa chontae, is cosúil, agus an Seanadóir Erin McGreehan (FF). An fhad is go ndéantar na vótaí a aistriú eatarthu ba cheart go mbeadh Fianna Fáil in ann suíochán a fháil anseo an uair seo. Is mó seans gur ag Alison Comyn (FF) a bheas sé.

Coinneoidh Fine Gael suíochán agus beidh an páirtí san iomaíocht don dara ceann.  Is deacair a dhéanamh amach cé acu den bheirt iarrthóirí atá ag an bpáirtí a bheas chun tosaigh – an Seanadóir John McGahon (FG) a thagann ó theaghlach aitheanta le Fine Gael nó an Comhairleoir Paula Butterly (FG) a bhí ar bharr an chomhairimh i gceantar Bhaile Átha Fhirdia sna toghcháin áitiúla i mí an Mheithimh le 1,162 vóta.

Beidh troid le déanamh ag Ged Nash (LO) lena shuíochán a choinneáil, mar a bhí in 2020, ach seans maith go n-éireoidh leis. Beidh aistriú vótaí le fáil aige ó iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, an comhairleoir Marianne Butler agus ó iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, Niall McCreanor (DS).

Seans maith go mbeidh Nash sna iomaíocht don chúigiú suíochán leis an dara hiarrthóir de chuid Fhine Gael, iarrthóir de chuid Fhianna Fáil agus an tríú hiarrthóir de chuid Sinn Féin.

Ba cheart go mbeadh vóta láidir ag iarrthóir Aontú, Michael O’Dowd (Aon), deartháir leis an iarTheachta Dála Fergus O’Dowd (FG). Is ar éigean a bheas sé san iomaíocht ag an deireadh, ach d’fhéadfadh a chuid vótaí aistrithe a bheith cinniúnach pé áit a rachaidh siad.

Tá beirt iarrthóirí eile a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht: an comhairleoir Kevin Callan (Nspl) as Droichead Átha agus Hermann Kelly (IFP) ón Irish Freedom Party. Fuair páirtithe ón eite dheis 5% den vóta sna toghcháin áitiúla i gContae Lú níos túisce i mbliana.

I measc na n-iarrthóirí eile atá san iomaíocht, ar an eite dheis tá Derek McElearney (Irish People) agus Ryan McKeown (Independent Ireland), agus ar an eite chlé tá James Reneghan (an Comhaontas Pobal Seachas Brabús) agus an t-iarrthóir neamhspleách Peter James Nugent (Nspl).

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 2; LO 1.

Mí Thoir

Líon na suíochán: 4

Tá cuid de chontae Lú curtha leis an taobh thoir den chontae le suíochán breise a thabhairt don Dáilcheantar. Ceathrar déag atá san iomaíocht, ina measc an triúr Teachtaí Dála a toghadh in 2020: an tAire Dlí gus Cirt, Helen McEntee (FG); Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne (FF) agus Darren O’Rourke (SF). Tá an chuma ar an scéal go gcoinneoidh an triúr acu a suíocháin. Cabhróidh sé le Darren O’Rourke (SF) go bhfuil sciar de dheiscear Lú curtha leis an Dáilcheantar ó 2020, mar is ceantar é ina bhfuil tacaíocht ag Sinn Féin.

Beidh Sinn Féin agus Fine Gael ag súil le suíochán breise a fháil.  Fine Gael an páirtí is láidre sa dáilcheantar agus d’éirigh leis an bpáirtí dhá shuíochán as trí cinn a fháil in 2016, nuair a toghadh Regina Doherty (FG) chomh maith le Helen McEntee. San olltoghchán in 2020 bhí 28% den vóta céadrogha ag Fine Gael, 24% ag Sinn Féin agus 19% ag Fianna Fáil. Sna toghcháin áitiúla thart ar 25% den vóta céadrogha a bhí ag Fine Gael; 10% ag Sinn Féin agus 19% ag Fianna Fáil.

Leis an mborradh atá sna pobalbhreitheanna faoi Fhine Gael, cheapfá gur ag páirtí Simon Harris (FG) is fearr a bheadh seans ar an suíochán breise, ach bainistíocht mhaith a bheith déanta ar an vóta. Má roinntear réasúnta cothrom vóta Fhine Gael idir an tAire Helen McEntee (FG) agus an Comhairleoir Sharon Tolan (FG) seans maith gur ag Fine Gael a bheas an suíochán breise. Ach chaithfeadh Sharon Tolan (FG) a bheith chun cinn ar an iarrthóir neamhspleách, an Comhairleoir Gillian Toole (Nspl), bean a bhíodh i bhFine Gael agus tacaíocht láidir aici. Fuair sí 3,178 vóta i gceantar Ráth Tó sna toghcháin áitiúla, agus más fíor, tá tacaíocht á fáil aici ón Seanadóir Sharon Keogan (Nspl) chomh maith.

Tá seans ag beirt iarrthóirí eile, an Comhairleoir Emer Tóibín (Aon), deirfiúr le Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, a fuair 1,588 sna toghcháin áitiúla i gceantar na hUaimhe, agus an Comhairleoir Joe Bonner (Nspl) a fuair 2,685 sna toghcháin áitiúla i gCill Dhéagláin.

Is fiú a lua go bhfuair iarrthóirí neamhspleácha 37% den vóta sna toghcháin áitiúla sa gcuid seo den Mhí. Má aistrítear sciar réasúnta vóta idir na hiarrthóirí neamhspleácha, d’fhéadfadh duine acusan an suíochán breise a fháil.

Ag seasamh in éineacht leis an Aire Stáit Thomas Byrne (FF) tá an Comhairleoir Caroline O’Reilly (FF), ach is ‘scuabadóir’ ise le vótaí a phiocadh suas don pháirtí.  An Comhairleoir Maria White atá mar dhara hiarrthóir ag Sinn Féin, príomhoide scoile a fuair 1,059 vóta sa gcuid thoir den dáilcheantar sna toghcháin áitiúla.

Ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre tá Eilish Balfe (LO) a fuair 483 vóta sna toghcháin áitiúla. Is ar Ruadháin Bonham (CG) a fuair 284 vóta sna toghcháin áitiúla atá an geansaí glas agus tá Clara Mc Cormack (PSB) ag seasamh don Chomhaontas Pobal seachas Brabús. Ar an eite dheis tá Jean Murray (NP) don Pháirtí Náisiúnta agus tá Sivakumar Murugadoss (Nspl) ag seasamh mar neamhspleách. Ag seasamh don Animal Welfare Party tá Caroline Fahy (PAW).

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 1.

Níos mó