
Stanley faoi bhrú i Laois, muintir Cowen imithe in Uíbh Fháilí agus Boxer ar ais san Iarmhí
Laois
Líon na suíochán: 3
Tá contae Laoise mar dáilcheantar as féin arís don toghchán seo, mar a bhí in 2016. 11 atá ag seasamh agus trí shuíochán le líonadh. Tá aird faoi leith ar an toghchán anseo mar gheall ar an achrann a bhain le himeacht Brian Stanley (Nspl) ó Shinn Féin.
Ag seasamh siar tá Charles Flanagan (FG) agus deireadh ag teocht le ré na mhuintir Flanagan i bpolaitíocht Laoise, ré a théann siar go dtí aimsir Oliver J. Flanagan, a toghadh mar iarrthóir neamhspleách sa bhliain 1943 agus polasaí frith-Giúdach aige. Mhol ina chéad óráid Dála an ghéarleanúint ar Ghiúdaigh a bhí ar bun ag an nGearmáin ag an am. Cúpla bliain ina dhiaidh sin chuaigh sé le Fine Gael agus choinnigh sé a shuíochán Dála go dtí gur éirigh sé as de bharr drochshláinte i 1987. Toghadh a mhac Charles ina áit. Bhí Charlie Flanagan (FG) sách conspóideach. Ba é a tháinig aníos leis an smaoineamh cúig bliana ó shin go mba cheart comóradh a dhéanamh ar an RIC.
Níor cheart go mbeadh aon stró ar an gcomhairleoir Wille Aird (FG) suíochán Fhine Gael a choinneáil. Bhí sé ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla i gceantar Phort Laoise Meitheamh seo caite, le 1,540 vóta.
Ar an gcaoi céanna coinneoidh Seán Fleming (FF) a shuíochán. Polaiteoir é a bheadh ag súil le post sa rialtas dá mbeadh Fianna Fáil ar ais i gcumhacht. Bhí sé ar bharr an chomhairimh i Laois in olltoghchán 2016.
Toghadh Brian Stanley (Nspl) den chéad uair in 2011 agus toghadh arís é in 2016 agus in 2020. Ceapadh é ina chathaoirleach ar Coiste na gCuntas Poiblí, cúram a láimhseáil sé go stuama, nuair a bhí an fiosrúchán ar bun faoi chúrsaí airgeadais in RTÉ. D’éirigh sé as Sinn Féin cúpla mí ó shin de bharr fiosrúcháin eile, a bhí ar bun ag Sinn Féin, faoina chuid iompair féin. Mar iarrthóir neamhspleách, gan geansaí Shinn Féin air, gabhfaidh sé rite air a shuíochán a choinneáil mura bhfaigheann sé líon ard vótaí aistrithe ón iarrthóir atá pioctha ag Sinn Féin ina áit, Maria Mc Cormack (SF). Fuair Mc Cormack 276 vóta nuair a sheas sí sna toghcháin áitiúla i gceantar Phort Laoise i gcomparáid le 1,415 vóta a fuair an Comhairleoir Caroline Dwane-Stanley (SF), bean chéile Brian Stanley, sa toghcheantar céanna.
Beidh coimhlint ghéar ann don tríú suíochán idir Austin Stack (FF); Brian Stanley (Nspl) agus an t-iarrthóir neamhspleách, an Comhairleoir Aisling Moran (Nsp), a toghadh ar Chomhairle Chontae Laoise mí Meitheamh seo caite le 1,142 vóta i gceantar Cúl an tSúdaire. Cúlra Fhine Gael atá aici. Is cosúil go bhfuil tacaíocht geallta di ag triúr comhairleoirí neamhspleácha eile. Má tá sí chun cinn ar Bhrian Stanley (Nspl) ag teacht ag deireadh an rása, ba cheart go mbeadh sí in ann an suíochán a thógáil. Dála an scéil is mac é Austin Stack (FF) le Brian Stack, an t-oifigeach príosúin a fuair bás i 1984 de dheasca ionsaí gunna a rinne an Provisional IRA air. Ní bheidh sé ag súil le mórán vótaí aistrithe ó Maria Mc Cormack (SF) ná Stanley (Nspl) ach an oiread.
Chomh maith le Brian Stanley (SF) agus an Comhairleoir Aisling Moran (Nspl) tá beirt iarrthóirí neamhspleácha eile ag seasamh: Jason Lynch (Nspl) agus Elaine Mullally (Nspl), bean a bhí le Independent Ireland ach atá ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách. Ag seasamh don Chomhaontas Glas tá Rose Palmer (CG), tá Mary Hand (Aon) ag Aontú agus tá Ken Mooney (PsP) ag seasamh do Phobal Seachas Brabús.
Ba cheart go mbeadh suíochán ag Seán Fleming (FF) agus ag an gComhairleoir Wille Aird (FG). Idir Brian Stanley (Nspl) agus an Comhairleoir Aisling Moran (Nspl) a bheas an tríú shuíochán.
Tuar: FF 1; FG 1; Nspl 1
Uíbh Fhailí
Líón na suíochán: 3
Tá Uíbh Fhailí ina dháilcheantar
as féin den chéad uair le fada. Bhí sé ceangailte le Laois in 2020 agus in 2016 cuireadh sciar mór de thuaisceart Thiobraid Árann leis. Tá deireadh le ré mhuintir Cowen sa Dáil, ré a théannnsiar go 1969, nuair a toghadh Bernard Cowen den chéad uair. Nuair a bhásaigh sé i 1984 d’éirigh lena mhac Brian Cowen (FF) suíochán a athar a choinneáil sa gclann i bhfothoghchán. Nuair a d’éirigh Brian as in 2011 toghadh a dheartháir Barry Cowen ina Theachta Dála. Ach tá Barry ina MEP anois an den chéad uair le fada níl an t-ainm Cowen ar an bpáipéar ballóide.
11 iarrthóir ar fad atá san iomaíocht. Níl ach duine de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 ag seasamh: Carol Nolan (Nspl), Protastúnach le Gaeilge líofa atá lonnaithe i mBiorra. Bhíodh sí ina príomhoide ar Ghaelscoil.
Toghadh Carol Nolan (Nspl) i dtosach i 2016 nuair a sheas sí do Shinn Féin. Is saineolaí í Carol Nolan (Nspl) ar chúrsaí oideachais do pháistí le riachtanais speisialta. D’éirigh sí as Sinn Féin de bharr tacaíocht an pháirtí don leasú bunreachta faoin ginmhilleadh. Toghadh í mar iarrthóir neamhspleách in 2020 nuair a d’éirigh go maith léi vótaí aistrithe a fháil ó iarrthóirí eile. Fuair sí os cionn 3,000 vóta aistrithe in 2020 ón iarrthóir John Leahy, duine eile a bhí in aghaidh ginmhilleadh a cheadú agus a bhí ina cheannaire ar feadh píosa ar Renua. Gan an comhairleoir John Leahy ar an bpáipéar ballóide, beidh Nolan in ann vóta céadrogha níos airde a fháil an babhta seo.
Toghcheantar é seo ina bhfuil tacaíocht láidir ag Fine Gael. Agus gan ach iarrthóir amháin ag an bpáirtí níor cheart go mbeadh aon stró ar an gcomhairleoir John Clendennen (FG) an suíochán a bhuachan. Is as ceantar Bhiorra é chomh maith.
Tá beirt iarrthóirí ag Fianna Fáil san iomaíocht, an comhairleoir Tony McCormack (FF) as An Tulach Mhór agus an Comhairleoir Claire Murray (FF) as ceantar Éadan Doire. Toghadh McCormack ar Chomhairle Chontae Uíbh Fhailí i mí an Mheithimh, nuair a fuair sé 1,326 vóta céadrogha. Is cosúil gur cuireadh Claire Murray ar an ticéad í tar éis an choinbhinsiúin, le cothromaíocht insce a chinntiú, rud a chuir olc ar an gcomhairleoir Eddie Fitzpatrick (Nspl) a bhí ag iarraidh ainmniúcháin, ach atá anois san iomaíocht mar iarrthóir neamhspleách. Tá tacaíocht láidir ag Eddie Fitzpatrick (Nspl) thart ar Éadan Doire, áit a fuair sé 1,998 vóta sna toghcháin áitiúla i gcomparáid le 1,134 don iarrthóir a cuireadh ar an dticéad, an Comhairleoir Claire Murray (FF). Dá mbeadh sé níos airde sa gcomhaireamh ná Claire Murray (FF) ba cheart go bhfaigheadh sé cuid mhaith vótaí aistrithe uaithi, rud a choinneodh sa rása é ar feadh comhaireamh nó dhó eile. Ach ag deireadh an lae, tá níos mó vótaí le fáil ar an dTulach Mhór ag Mc Cormack (FF), ná mar atá le fáil in Éadan Doire ag Fitzpatrick (Nspl).
Tá an Comhairleoir Aoife Masterson (SF) ag seasamh do Shinn Féin. Fuair sí vóta maith sna toghcháin áitiúla, 1,216 vóta i dtoghcheantar An Tulach Mhór. Gan ach trí shuíochán le líonadh níl mórán seans aici ach beidh aistriú a vótaí spéisiúil.
Iarrthóir eile ar fiú súil a choinneáil air is ea an Comhairleoir Fergus Mc Donnell (Ind Ire) a fuair 1,320 vóta céadrogha, i gceantar an Tulach Mhór. D’fhéadfadh sé bheith san iomaíocht go dtí an deireadh.
Ag rith chomh maith tá an tAire Stáit Pippa Hackett (CG) a fuair 3,494 vóta in 2020. Bheadh sí ag déanamh thar barr an vóta sin a choinneáil. Seans go gcabhróidh aistriú a cuid vótaí le Carol Nolan (Nspl) a thabhairt thar an líne.
Tá Maureen Ward (Aon) ag seasamh do Aontú, tá Keishia Taylor (PBP) san iomaíocht do Phobal Seachas Bhrabús agus tá Mike Boylan (Nspl) ag seasamh chomh maith.
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; Nspl 1
An Longfort – An Iarmhí
Líon na suíochán: 5
Is fada an píosa an dáilcheantar an Longfort-An Iarmhí ann, dá chontae lártíre ar bhruach na Sionainn atá ceangailte le chéile go polaitiúil. Bhíodh ceithre shuíochán ann go traidisiúnta ach tá an chuid den Iarmhí a bhíodh i Mí Thiar curtha ar ais sa dáilcheantar agus suíochán breise le líonadh dá bharr. Sa dáilcheantar tá dá chontae iomlán. San Iarmhí atá os cionn 60% de na vótaí. Ar an gcaoi sin beidh ar a laghad trí shuíochán ag dul d’iarrthóirí ón Iarmhí agus péire ar a mhéid ag dul go dtí an Longfort.
Scór iarrthóir atá ag seasamh, ina measc tá an ceathrar a toghadh i 2020: Peter Burke (FG); Sorca Clarke (SF); Joe Flaherty (FF) agus Robert Troy (FF). Bhí Kevin ‘Boxer’ Moran (Nspl) 791 vóta gann agus é ag iarraidh a shuíochán a choinneáil. Ní raibh an Móránach ag luí ar na maidí ó shin. Toghadh é ar Chomhairle Chontae na hIarmhí i mí an Mheithimh le 3,782 vóta, agus 40% dá vóta i gceantar Bhaile Átha Luain. Le tacaíocht mar sin, tá an chuma ar an scéal go mbeidh sé ag fágáil a shuíochán ar an gcomhairle contae ina dhiaidh agus ag suí sa gcéad Dáil eile.
Tá triúr iarrthóirí atá ag Fine Gael, ina measc an tAire Stáit Peter Burke (FG) a tharraing trioblóid ar a pháirtí nuair a chuir Michael O’Leary olc ar mhúinteoirí na tíre, ag ócáid seolta a fheachtais.
Beidh Fine Gael ag súil go n-éireoidh leis an Seanadóir Michael Carrigy (FG) suíochán a fháil an babhta seo. Fuair sé 6,334 vóta in 2020. Tá Fine Gael níos láidre ná Fianna Fáil i gcontae Longfort: bhí 43% de na vótaí ag iarrthóirí Fhine Gael i Longfort sna toghcháin áitiúla. Má fhaigheann Carrigy (FG) 1,000 vóta breise an babhta seo, d’fhéadfadh gurb é Joe Flaherty (FF), ar as Longfort freisin é, a chaillfeadh a shuíochán. Tá sé spéisiúil breathnú siar ar an gcomhaireamh in 2020: cuireadh Michael Carrigy (FG) as an rása sa 10ú comhaireamh agus nuair a aistríodh a vótaí, fuair Joe Flaherty (FF ) ó Longfort níos mó vótaí uaidh ná mar a aistríodh trasna na teorann chuig a chomhghleacaí i bhFine Gaelach, Peter Burke (FG) as an Iarmhí. Tá Tanya Cannon (FG) as Baile Átha Luain ag seasamh d’Fhine Gael chomh maith ach ní bhfuair sí ach 253 vóta sna toghcháin áitiúla mí an Mheithimh seo caite.
Bhi Sorca Clarke (SF), arb as an Muilleann gCearr di, ar bharr an chomhairimh in 2020. Tá tacaíocht Shinn Féin tite go mór i gCúige Laighean, áfach. Sna toghcháin áitiúla san Iarmhí, fuair Sinn Féin 9% den vóta. Más féidir le Clarke ar a laghad 9% den vóta a fháil beidh seans maith aici a suíochán a choinneáil. Tá Barry Campion (SF) ag seasamh do Shinn Féin le vótaí a charnadh don pháirtí i Longfort.
Bhíodh suíochán sa Dáilcheantar seo ar feadh na mblianta ag Willie Penrose (LO), ach chaill sé sa bhliain 2016. Ag rith do Pháirtí Lucht Oibre tá Fidelma Barrett (LO) ach níl mórán seans aice. Theip uirthi suíochán Comhairle Chontae a fháil sna toghcháin áitiúla sa Mhuileann gCearr nuair a fuair sí 537 vóta. Beidh vóta réasúnta maith aici le haistriú. Ag seasamh do Independent Ireland tá an Comhairleoir Paul Hogan (Ind Ire) ar as Baile Átha Luain dhó. Sheas sé do Shinn Féin in 2016. Bheadh sé san iomaíocht do shuíochán murach Boxer Moran (Nspl) a bheith sa rása.
Chomh maith le Boxer Moran (Nspl) beidh roinnt iarrthóirí eile neamhspleácha ar an bpáipéar ballóide: Donal Jackson (Nspl); Charlotte Keenan (Nspl); Paul Bradley (Nspl); Gerry Warnock (Nspl) agus Louise Heavin (Nspl), a bhíodh sa gComhaontas Glas.
Tá Laura O’ Neill (Aon) ag seasamh do Aontú; Dave Smith (PsP) san iomaíocht do Phobal Seachas Brabús agus Carol Okeke (CG) atá ag an gComhaontas Glas. Ag seasamh do pháirtithe ar an eite dheis tá Margaret A Maguire (Ireland First).
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 2; SF 1; Nspl 1.