Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
vota-24:-heather-humphreys-eirithe-as-ach-fianna-fail-ata-faoi-bhru-i-gcabhan-muineachan

VÓTA 24: Heather Humphreys éirithe as ach Fianna Fáil atá faoi bhrú i gCabhán-Muineachán

Cabhán – Muineachán

Líon na suíochán:5

Níl mórán d’athrú curtha ar an Dáilcheantar, seachas cuid d’iarthuaisceart na Mí a bheith bainte as. An dá chontae cois teorann atá sa dáilcheantar seo. Cúig shuíochán atá le líonadh agus iarrthóir is fiche (21) a bheas ar an bpáipéar ballóide, ina measc ceathrar den chúigear a toghadh in 2020: Matt Carty (SF) agus Pauline Tully (SF) ó Shinn Féin chomh maith le Brendan Smith (FF) agus Niamh Smyth (FF). De bharr an briseadh síos atá sa daonra, is iondúil go mbíonn trí shuíochán ag iarrthóirí ón gCabhán agus péire ag iarrthóirí as Muineachán.

D’fhág an tAire Heather Humphreys (FG) a páirtí sa bhfaopach nuair a shocraigh sí, deireanach go maith sa lá, gan ligint dá hainm dul ar aghaidh an uair seo. Cuireadh siar an coinbhinsiún agus roghnaíodh beirt chomhairleoirí contae le seasamh: an Comhairleoir David Maxwell (FG), Protastúnach atá ar Chomhairle Chontae Muineacháin, agus an Comhairleoir T.P. O’Reilly (FG) atá ar Chomhairle Chontae an Chabháin. Ina dhiaidh sin, cuireadh an Comhairleoir Carmel Brady (FG), arb as an gCabhán di, ar an ticéad.

Níor toghadh aon Teachta Dála ón gCabhán de chuid Fhine Gael in 2020. Agus beirt chomhairleoirí ón gCabhán ag seasamh d’Fhine Gael an babhta seo is léir go bhfuil straitéis ag Fine Gael ceann de na suíocháin a thógáil sa gCabhán. Fuair an Comhairleoir T.P. O’Reilly (FG) 5,124 vóta in 2020. Idir é féin agus an Comhairleoir Carmel Brady (FG), a fuair 1,684 vóta sna toghcháin áitiúla, tá an chosúlacht air go dtógfaidh duine acu suíochán.

Tá dhá shuíochán ag Fianna Fáil sa Dáilcheantar, Brendan Smith (FF) agus Niamh Smyth (FF). As Cabhán don bheirt acu. Má thógann Fine Gael suíochán sa gCabhán, is mó seans ná a mhalairt gur Fianna Fáil a bheidh thíos leis. Bhí Brendan Smith (FF) chun tosaigh ar Niamh Smyth (FF) in 2020 agus seans maith go mbeidh an babhta seo chomh maith. Is in Iarthar an Chabháin atá vótaí Brendan Smith (FF), gan mórán iomaíochta sa gceantar sin do na vótaí.

Ar an láimh eile tá roinnt iarrthóirí láidre thart ar Choill an Chollaigh ag fiach ar na vótaí, a d’fhéadfadh Niamh Smyth (FF) a fhágáil níos ísle ná iarrthóir Fhianna Fáil i Muineachán, an Seanadóir Robbie Gallagher (FF). Sheas Gallagher (FF) in 2020 agus fuair sé 5,062 vóta. Iargharda as An Tearmann i nDún na nGall é Gallagher, cruinneoidh sé vóta Fhianna Fáil i Muineachán agus d’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht do shuíochán Mhuineacháin leis an gComhairleoir David Maxwell.

Má éiríonn le Fine Gael suíochán a bhaint sa gCabhán, ní gá go n-éireodh leo an suíochán sábháilte a bhí ag an Aire Heather Humphreys (FG) i Muineachán a choinneáil. I Muineachán bhí Fine Gael sa dara háit ar 25%  sna toghcháin áitiúla agus Sinn Féin sa gcéad áit ar 35% den vóta agus Fianna Fáil ar 24%. An Comhairleoir David Maxwell (FG) atá roghnaithe leis an mbearna a d’fhág Heather Humphreys a líonadh. Gheobhaidh seisean an vóta Protastúnach ach ní leor sin leis an suíochán a choinneáil. Toghadh é sna toghcháin áitiúla do bhaile Mhuineacháin le 950 vóta agus thóg sé an suíochán deireanach.

Beidh sé sách deacair ag Sinn Féin dhá shuíochán a choinneáil. Tá tríúr iarrthóirí ag seasamh don pháirtí: i dteannta na dTeachtaí Dála a toghadh in 2020, Matt Carthy (SF) agus Pauline Tully (SF), tá an Comhairleoir Cathy Bennett (SF) ag seasamh. Bhí Bennett (SF) ar bharr an chomhairimh i mbaile Mhuineacháin sna toghcháin áitiúla le 1,232 vóta. Le seans a bheith aici ar shuíochán theastódh go roinnfí vótaí Shinn Féin i Muineachán réasúnta cothrom idir Matt Carthy (SF) agus Cathy Bennett (SF), ach drochsheans go dtarlóidh sin. Geobhaidh Pauline Tully (SF) vótaí Shinn Féin sa gCabhán agus má bhíonn sí chun tosaigh ar Cathy Bennett, toghfar í.

Is féidir a bheith ag súil le ráta maith aistrithe vótaí idir Aontú agus Independent Ireland sa toghchán seo mar níl polasaí an dá pháirtí i bhfad óna chéile ar go leor ceisteanna. Tá an Comhairleoir Sarah O’Reilly (Aon) san iomaíocht d’Aontú.  Tá cúlra Fianna Fáil aici. Ise a comhthoghadh ar Chomhairle Chontae an Chabháin nuair a toghadh Niamh Smyth (FF) chun na Dála. Fuair sí 3,840 vóta san olltoghchán in 2020 agus sna toghcháin áitiúla bhí sí ar bharr an chomhairimh ina ceantar le 1,770 vóta. Ag seasamh do Independent Ireland tá Shane P. O’ Reilly (Ind Ire) a fuair 1,874 vóta ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla i mBaile Shéamais Dhuibh.

Tá de bhuntáiste ag Sarah O’Reilly (Aon) go bhfuil aithne uirthi ó thaobh na polaitíochta. Bainfidh sí vótaí ó Fhianna Fáil agus ó Shinn Féin sa gCabhán agus beidh sí ag súil le vótaí aistrithe ó iarrthóirí eile, ó Shane P. O’Reilly (Ind Ire) de bharr a cuid polasaithe agus ó roinnt iarrthóirí eile mar gurb as an gceantar céanna iad.  Má thógann sise suíochán, seans gurb é Fianna Fáil a bheidh ag cailliúint, im thuairimse.

Ag seasamh chomh maith tá Eddie O’Gara (CG) ón gComhaontas Glas agus Emma Hendrick (PsB) ó Phobal Seachas Brabús.

Tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha ar an bpáipéar ballóide: Fergal Brides (Nspl); Feargal Deery (Nspl); Joseph Duffy (Nspl), Jimmy Mee (Nspl) agus Lester Gordon (Nspl). Sna toghcháin áitiúla is faoi bhrat The Irish People a chuir Lester Gordon (Nspl) a ainm ar aghaidh ach anois is ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách atá sé.

Tá beirt iarrthóirí eile ón eite dheis san iomaíocht: Shane Mulligan (LR) ag seasamh do Liberty Republic agus Mark Moore (NP) atá ag seasamh don National Party.

Tuar: FF 1; FG 1; SF 2; Aon 1.

Níos mó