Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘ceannairc-oscailte’-i-gciarrai-agus-comhairleoiri-aitiula-ag-cur-i-gcoinne-cheannasaiocht-fhine-gael

‘Ceannairc oscailte’ i gCiarraí agus comhairleoirí áitiúla ag cur i gcoinne cheannasaíocht Fhine Gael

| Tuairisc.ie | ,
Agus Fine Gael fágtha gan Teachta Dála i gCiarraí den chéad uair ó 1948, tá cáineadh láidir déanta ag an gcomhairleoir contae Tommy Griffin, ar straitéis toghcháin a pháirtí

‘Ceannairc oscailte’ i gCiarraí agus comhairleoirí áitiúla ag cur i gcoinne cheannasaíocht Fhine Gael

 

Dé Céadaoin, Nollaig 4 2024 ag 3:41 pm

Tá ‘ceannairc oscailte’ ar bun ag comhairleoirí de chuid Fhine Gael i gCiarraí i gcoinne cheannasaíocht an pháirtí mar thoradh ar an gcliseadh a bhain don pháirtí sin sa gcontae in Olltoghchán 2024.

Tá Fine Gael fágtha gan Teachta Dála i gCiarraí den chéad uair ó 1948 agus teipthe ar iarrthóir an pháirtí, Billy O’Shea, suíochán a bhaint.

Bhain conspóid leis an gcinneadh O’Shea, a chaith ocht mbliana ag imirt peile do Chiarraí idir 1992 agus 1999, a roghnú mar iarrthóir agus roinnt mhaith ball d’Fhine Gael sa Ríocht den tuairim go gcaithfí iarrthóir eile a chur chun cinn in éindí le O’Shea, a bhí ag seasamh i dtoghchán den chéad uair.

Tá triúr den seisear comhairleoirí áitiúla atá ag Fine Gael i gCiarraí – Bobby O’Connell ó Oileán Ciarraí, Mike Foley ó Bhéal Átha Longfoirt agus Tommy Griffin ón Seanchaol – tar éis teacht amach anois agus cáineadh láidir a dhéanamh ar straitéis toghcháin an pháirtí.

Agus é ag labhairt le RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Tommy Griffin nach bhfuil aon locht aige ar Billy O’Shea go pearsanta agus go raibh botún déanta ag ceannáras an pháirtí iarrthóir ‘mór le rá’ a ainmniú ach gur cheart go mbeadh ionadaí poiblí le taithí roghnaithe.

Dúirt Griffin go raibh sé riachtanach d’Fhine Gael beirt iarrthóirí a chur chun cinn i gCiarraí toisc chomh fairsing agus chomh héagsúil is atá an contae.

Bhí leathbhádóirí ag an gcúigear iarrthóirí a toghadh i gCiarraí san olltoghchán, an bheirt Healy-Rae, Michael agus Danny; Pa Daly Shinn Féin agus beirt ó Fhianna Fáil, Norma Foley agus Michael Cahill; a thug leo na cúig shuíochán Dála sa Ríocht.

Dúirt Griffin ar RnaG go raibh sé “croíbhriste” nach mbeadh suíochán Dála ag Fine Gael i gCiarraí den chéad uair le 76 bliain agus go mbeadh an suíochán buaite acu “gan stró” dá mbeadh ceannasaíocht an pháirtí tar éis éisteacht leis na comhairleoirí áitiúla.

Bhí Griffin féin ar dhuine de na comhairleoirí a bhí sásta seasamh d’Fhine Gael san olltoghchán. Dúirt sé gur thacaigh sé le Billy O’Shea agus gur mhol sé do dhaoine vóta a chaitheamh dó ach nach ndeachaigh sé féin amach ag stocaireacht dó ar bhonn prionsabail.

Col ceathrair é Tommy Griffin le Brendan Griffin, a bhí ina Theachta Dála d’Fhine Gael i gCiarraí idir 2011 agus 2024, ach a chinn i mbliana seasamh siar ón bpolaitíocht.

Tuairiscítear go bhfuil ceannaireacht Fhine Gael chun seasamh le Billy O’Shea agus go bhféadfaí é a chur chun cinn do thoghchán an Seanaid agus don chéad olltoghchán eile.

Mar fhreagra air sin, dúirt Tommy Griffin gur cheart d’Fhine Gael díriú ar an 6,500 vóta a cailleadh idir olltoghcháin 2020 agus 2024 agus gur cheart do cheannaireacht an pháirtí teacht anuas go Ciarraí agus an díobháil atá déanta don pháirtí a dheisiú.

Agus é ag labhairt le Radio Kerry, dúirt Michael Finucane, an t-iarTheachta Dála ó Luimneach a bhí ina stiúrthóir toghcháin ag Fine Gael i gCiarraí, nach n-éireodh leis an straitéis beirt iarrthóirí a chur chun cinn agus go raibh an triúr comhairleoirí a bhí tar éis labhairt amach i gcoinne an chinnidh gan a chur chun cinn ach iarrthóir amháin, Billy O’Shea, tar éis Fine Gael “a ligean síos”.

Dúirt an Feisire Eorpach Seán Kelly ar TG4 ag an deireadh seachtaine nach ionadh a bhí ann nach raibh na comhairleoirí áitiúla sásta agus go raibh an iomarca béime á cur ar iarrthóirí mór le rá.

Níos mó