Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
darragh-chugainn-le-gaoth-is-baisteach

Darragh chugainn le gaoth is báisteach

Tá an Comhaontas Glas treascartha arís, níor cuireadh aon suntas san athrú aeráide sa bhfeachtas toghcháin ach má tá aon ainchreidmheach fágtha sa tír, seo chugainn Darragh agus cumhach uirthi lena soiscéal a chraobhscaoileadh!

Ina díle bháistí agus stolladh gaoithe a chuirfeas an Stoirm Darragh í fhéin in iúl. Níl cuid againn anseo ar an gcósta thiar ná ár gcuid seirbhísí fós tagtha ón stoirm Bert agus ón gcual sneachta is oighir a chniog muid beagnach coicís ó shin. Cé gur éalaigh Conall léi tharainn, tá géim i gcailleach na haimsire fós agus fainic curtha orainn ag Met Éireann muid fhéin a sheachaint uirthi.

Óna 10.00pm san oíche amárach beidh rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm sa taobh thiar den tír. Tá lucht na haimsire ag tuar go mbeidh gaoth an-tréan aniar aduaidh chugainn agus siotaí díobhálacha á tionlacan. Seacht gcontae atá i mbaol ó ghaoth threascrach na stoirme – Ciarraí, Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, Sligeach, agus Liatroim. Seasfaidh an fhainic oráiste sin go dtí a 9.00am maidin Dé Sathairn. Ciarraí is túisce a fheicfeas Darragh agus rabhadh buí gaoithe ó dheas ansin amárach [an Aoine] ó mheán lae go dtí a 6.00pm.

Báisteach throm atá á gealladh amárach agus í ina díle in áiteanna agus fuarlaigh ar bhóithre. Neartóidh an ghaoth amach sa lá agus d’fhéadfadh sí a bheith ina siotaí gála aniar aneas san iarnóin. Táthar ag tuar ciúnas roimh an anfa leis an tráthnóna sula dtaispeánfaidh an stoirm Darragh a forneart i gceart le titim na hoíche.

Boc urchóideach í Darragh seo agus tá Met Éireann ag cur comhairle orainn go bhféadfadh crainnte a bheith leagtha, línte cumhachta a bheith scriosta agus an té a bheidh ar muir, ar bóthar nó cosán i mbaol.

Deir Met Éireann gurb é cósta an Atlantaigh is túisce agus is measa a bheidh buailte ag Darragh. Maidhmeanna farraige ag réabadh isteach le cladach an chontúirt is mó agus moltar dúinn an t-iontas sin a sheachaint agus fanacht ón gcladach, ó aillte agus talamh crochta.

I rith na hoíche Dé hAoine déanfaidh Darragh a bealach soir trasna na tíre agus le maidneachan an tSathairn a bheidh an t-oirdheisceart á bhualadh. Maidin Dé Sathairn ag a 9.00am agus sámhnas á ghealladh sa taobh thiar den tír, tiocfaidh rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm do thrí chontae in oirdheisceart na tíre – Port Láirge, Loch Garman, agus Cill Mhantáin.

Níltear ag tuar go ndéanfaidh Darragh talamh go dtí oíche amárach ach seolfaidh sé géarú goile chugainn roimhe. Stolladh gaoithe tráthnóna Dé hAoine agus duartan atá i ndán don tír uilig amach sa lá amárach.

Tá rabhadh buí báistí fógartha ar feadh 24 uair an chloig óna 10am amárach go dtí maidin Dé Sathairn do Chonnachta, agus ocht gcontae eile – an Iarmhí, an Mhí, Lú, Longfort, Muineachán, Cabhán, Dún na nGall agus an Clár. Tá fainic curtha ag lucht na haimsire orainn go bhféadfadh fuarlaigh a bheith in áiteanna, an léargas a bheith go dona, smionagar á shéideadh ar fud na háite agus cúrsaí taistil a bheith as a riocht agus contúirt ag baint leo.

Ní séimh, ciúin ná cineálta a bheidh an Satharn ach an oiread agus tá rabhadh buí gaoithe i bhfeidhm sa tír ar fad go dtí a 3pm Dé Sathairn. Siotaí tréana aneas is aniar aneas a bheidh chugainn agus an ghaoth ag athrú siar ó thuaidh san oíche Dé Sathairn. Is í comhairle an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre dúinn é a thógáil breá bog ar na bóithre agus neart spáis a fhágáil idir tú féin agus an carr eile, ar eagla na heagla.

Iarrann siad ar choisithe is rothaithe éadach lonrach feiceálach a chaitheamh agus fanacht amach ó áiteanna crochta agus cosáin le cósta.

Tá rabhadh buí gaoithe agus báistí i bhfeidhm ó thuaidh den teorainn óna 3pm Dé hAoine go dtí 9.00pm ar an Satharn.

Níos mó