Tá diúltaithe ag Coimisiún na Meán a rá an gcreideann siad go bhfuil fadhb ar leith ag baint le modhnóireacht i nGaeilge ar na meáin shóisialta agus le heaspa modhnóirí a bhfuil Gaeilge acu.
Tuairiscíodh le déanaí gur cheadaigh an t-ardán meán sóisialta TikTok fógraí a raibh eolas míchruinn iontu faoi olltoghchán na seachtaine seo caite agus go raibh a bhformhór acu sin i nGaeilge.
Chuir an eagraíocht Global Witness, eagraíocht a fhiosraíonn ceisteanna éagsúla a bhaineann le cearta an duine, 28 fógra faoi bhráid TikTok mar chuid d’iniúchadh faoi chleachtais mhodhnóireachta an ardáin.
Bhí 50% de na fógraí i nGaeilge agus 50% acu i mBéarla agus bhí faisnéis mhíchruinn iontu ar fad faoin olltoghchán a reáchtáladh in Éirinn Dé hAoine seo caite.
Tugadh le fios i bhfógra amháin go gcaithfeadh vótálaithe cruthúnas go raibh dhá instealladh den vacsaín in aghaidh Covid-19 faighte acu a thabhairt chuig an ionad vótála sula dtabharfaí cead vótála do dhuine. Dúradh i gceann eile go bhféadfadh duine vótáil tríd an bpost tar éis don ionad vótála dúnadh Dé hAoine, agus dúradh i gceann eile fós go bhféadfaí vótaí a chaitheamh trí Facebook.
Cheadaigh TikTok ocht gcinn de na fógraí míchruinne Gaeilge (57%) agus trí cinn de na fógraí míchruinne Béarla (21%). Tuairiscíodh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo nach raibh aon mhodhnóir a bhí dírithe ar ábhar i nGaeilge ag TikTok.
Chuir Tuairisc ceist ar Choimisiún na Meán an gcreideann an coimisiún go bhfuil fadhb ar leith ag baint le modhnóireacht i nGaeilge ar na meáin shóisialta agus le heaspa modhnóirí Gaeilge. Dhiúltaigh Coimisiún na Meán an cheist a fhreagairt.
Dúirt an Coimisiún go gcaithfeadh TikTok “céimeanna a ghlacadh” le dul i ngleic leis an bhfaisnéis bhréige ar an ardán agus dheimhnigh go ndéanfadh siad teagmháil le TikTok agus le Global Witness leis na ceisteanna a ardaíodh ó thaobh na fógraíochta polaitíochta de a phlé.
“Tá dualgas ar ardán ar líne míniú a thabhairt ar a gcuid téarmaí agus coinníollacha maidir le húsáid a seirbhíse, san áireamh aon srianta a chuireann siad i bhfeidhm, ar nós cosc ar fhógraíocht pholaitíochta, agus a bheith airdeallach, neamhchlaonta agus comhréireach sa tslí a gcuireann siad na téarmaí agus coinníollacha sin i bhfeidhm. Caithfidh Ardáin Ar Líne An-Mhór, TikTok san áireamh, céimeanna a ghlacadh chun na rioscaí a thagann as an tslí atá a gcuid ardán deartha agus úsáidte a mheas agus a laghdú, agus caithfidh siad dóthain acmhainní a thabhairt do mhodhnóireacht ábhair.
“Rachaimid i dteagmháil le TikTok agus Global Witness maidir leis na ceisteanna a d’ardaigh Global Witness ó thaobh fógraíocht pholaitíochta de, agus freagra TikTok. Le linn na tréimhse olltoghcháin seo tá Coimisiún na Meán i mbun teagmhála leis na hardáin chun a chinntiú go nglacann siad páirt in ionracas toghcháin a choinneáil ar bun agus deimhniú gur féidir le daoine ar fud na hÉireann cinntí saor, cothrom agus eolach a dhéanamh faoin áit gur féidir leo a vóta a chaitheamh,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.
D’fhiafraigh Tuairisc den Choimisiún an údar imní don eagraíocht nó an gcreideann sé go bhfuil laige ann maidir leis na meáin i nGaeilge agus ar údar imní dóibh an méid sin. Arís, níor thug Coimisiún na Meán freagra ar an gceist sin.
“Má tá fianaise ann gur de bharr easpa acmhainní teanga a theipeann ar ardán ar líne an-mhór cloí lena ndualgais faoin dlí, is féidir le rialálaí idirghabháil a dhéanamh. Faoin ASD, roinneann Coimisiún na hEorpa agus Coimisiún na Meán an fhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a chomhlíonann ardáin ar líne an-mhór agus innill chuardaigh an dlí.
“Má feiceann dhaoine rud ar líne, a cheapann siad atá mídhleathach nó a bhriseann rialacha an ardáin sin, pé teanga atá úsáidte, ba cheart dóibh é a thuairisciú don ardán ar a bhfeiceann siad é. Mura bhfuil siad sásta le freagra an ardáin, nó murar féidir leo teacht ar bhealach éasca chun ábhar a thuairisciú, ba cheart dóibh dul i dteagmháil le Coimisiún na Meán chun comhairle agus tacaíocht a fháil,” a dúradh sa ráiteas.