Níl lucht Thionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge in ann staitisticí úsáide faoin bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge a iniúchadh feasta mar gheall ar “athrú ollmhór agus tubaisteach” a rinne Google ar an tseirbhís anailíse do shuíomhanna idirlín Google Analytics.
Bhíodh an fhoireann foclóireachta in ann staitisticí a chur ar fáil faoi na focail is mó a cuardaíodh i gcaitheamh na bliana, agus ag amanna áirithe den bhliain, a ríomh agus a thiomsú trí Google Analytics. D’fhág an t-aistriú go GA4 (Google Analytics 4), a tosaíodh i mí Iúil 2023, nach féidir leis an bhfoireann teacht ar an eolas sin níos mó.
“Dhein Google leasú ollmhór, agus tubaisteach, dar liom féin, ar Google Analytics, uair éigin le bliain anuas, an t-aistriú go GA4. D’fhág an t-aistriú sin nach bhféadfaimisne teacht ar an eolas mionsonrach sin i dtaobh iontrálacha is mó cuardach, cuardaigh gan toradh agus araile a thuilleadh.
“Crá croí ceart atá ann agus tá réiteach eile á fhiosrú againn, ach fágann sé sin go léir nach mbeimid in ann na gnáthstaitisticí a chur ar fáil,” a dúirt Cormac Breathnach, bainisteoir an Tionscadail Foclóireachta le Tuairisc.
Cé go mbíonn liostaí na bhfocal is mó cuardach a d’fhoilsítí ar Tuairisc ag deireadh na bliana spéisiúil agus ina n-ábhar suntais dóibh siúd a chuireann spéis sa teanga, bhí an t-eolas faoi na “cuardaigh gan toradh” a luann Breathnach i bhfad Éireann níos úsáidí do lucht an fhoclóra.
Is éard atá i gceist le “cuardach gan toradh” ná an cuardach a dhéanann duine ar fhocal nó ar théarma ar an bhFoclóir Nua nach bhfuil iontráil ar leith ann dó fós. Tugann na cuardaigh gan toradh sin léargas do na foclóirithe ar na téarmaí agus na focail atá ag teastáil ón bpobal agus ar na bearnaí atá in iontrálacha an fhoclóra.
Tá an fhoireann foclóireachta dírithe anois ar an dá fhoclóir atá le cur i gcrích mar chuid den Tionscadal Foclóireachta – an Foclóir Nua Gaeilge-Béarla agus an Foclóir Gaeilge-Gaeilge. Níor cuireadh aon fhocal nua leis an 48,000 ceannfhocal atá ar an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge i mbliana mar gheall ar an obair mhór sin atá ar bun ar na foclóirí eile.
Is é an aidhm atá ag lucht na foclóireachta an dá fhoclóir nua a fhoilsiú ar líne sa bhliain 2027.