Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
geamaireacht-na-nollag-sa-taibhdhearc,-seoltai-leabhar-agus-comortas-filiochta-ag-acadamh-rioga-na-heireann

Geamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc, seoltaí leabhar agus comórtas filíochta ag Acadamh Ríoga na hÉireann

Geamaireacht na Nollag ag tosú anocht sa Taibhdhearc

Cuirfear tús tráthnóna Dé hAoine, 6 Nollaig le geamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc i nGaillimh, Fionn sa Spás, agus beidh sé ar stáitse go dtí an Satharn, 21 Nollaig.

Bhí a fhios againn riamh go raibh go leor taistil déanta ar fud na tíre ag laoch na nGael, Fionn Mac Cumhaill. Ach ní raibh a fhios againn gur éirigh leis dul chomh fada leis an Spás, go dtí anois.

Scríofa agus á stiúradh ag Séamus Hughes, tugann an leagan is deireanaí seo de scéal Fhionn Mac Cumhaill ón stair go dtí an Spás muid. Ní mór d’Fhionn agus a chara cléibh, an draoi Bódhmhall, an pláinéad a shábháil in am don Nollaig. Ach an mbeidh siad in ann é a dhéanamh?  Beidh le feiceáil ar stáitse na Taibhdheirce.

Tá roinnt ticéad fós ar fáil: https://www.antaibhdhearc.com/events/fionnsaspas

Ciorcal comhrá na Nollag i Lios Tuathail

Beidh Ciorcal Comhrá na Nollag i Lios Tuathail ar siúl maidin inniu, Dé hAoine 6 Nollag ag 11 r.n. Tagann an ciorcal le chéile ar an gcéad Aoine den mhí gach mí. Is iad Gabriel Fitzmaurice agus Áine Ní Chuaig áisitheoirí na n-ócáidí seo agus tugann siad cuireadh d’aíonna speisialta a bheith ina dteannta. An mhí seo is iad Breanndán Ó Beaglaoich agus Aodán Mac Gearailt a bheidh sa gcomhluadar agus neart ceoil agus damhsa geallta, chomh maith le caint agus comhrá agus cupán tae. Níl aon táille ar an ócáid agus tá fáilte roimh chách go hAmharclann Naomh Eoin i Lios Tuathail. Éist le Breanndán ag gabháil fhoinn ar Trad TG4 anseo.



Eagrán speisialta 100 Bliain An tUltach ar fáil

Seoladh eagrán speisialta Eagrán 100 Bliain An tUltach i nGaeláras Mhic Ardghail ar an Iúr i rith na seachtaine. Chuir meitheal scríbhneoirí agus eagarthóirí míonna oibre isteach ar bhonn deonach chun an t-eagrán seo a chur i dtoll a chéile agus iad ag ceiliúradh 100 bliain den iris chlúiteach. Bhí an-oíche ann agus cuireadh taispeántas sleamhnán ar siúl ina dhiaidh bunaithe ar ghrianghraif Pheadair Uí Dhubhda.

Tá sé i gceist ag an ngrúpa roinnt seoltaí eile a chur ar bun go luath ag ionaid éagsúla, coinnigh súil amach dóibh ag Éigse Cholmcille, Fleadh Feirste agus Muineachán le Gaeilge.

Beidh an iris ar fáil le ceannacht ón deireadh seachtaine seo ar aghaidh ó shiopa leabhar An Ceathrú Póilí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus i Siopa An Carn. £15 an ceann atá ar an eagrán speisialta agus tá súil ag Comhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge é a chur ar fáil i siopaí leabhar eile go luath.

Riastáil le Liam Ó Néill á sheoladh i mBaile Átha Cliath

Beidh seoladh Bhaile Átha Cliath den leabhar nua Riastáil leis an ealaíontóir Duibhneach Liam Ó Néill ar bun an tseachtain seo chugainn. Seolfar an leabhar, atá foilsithe ag Dingle Publishing, ag ócáid i The Oriel Gallery ar an Déardaoin, 12 Nollaig ag 6 i.n.

Tá cló teoranta den leabhar ar fáil mar aon le heagrán speisialta bailitheora ina bhfuil saothar ealaíne lámhdhéanta ag Ó Néill go speisialta do gach ceann acu. Is féidir an leabhar a cheannacht ar an oíche san Oriel Gallery agus tá sé ar fáil freisin ó shiopa leabhar an Daingin. 

Is é seo an chéad leabhar ina bhfuil saothar ealaíne agus focal scríofa leis an ealaíontóir araon ann agus é á fhoilsiú mar cheiliúradh ar a 70ú breithlá.

Léigh an t-agallamh le Tuairisc anseo.

Leabhar nua le Darach Ó Scolaí agus Colm Ó Ceallacháin seolta

Seachtain seoltaí a bhí ann an tseachtain seo agus dhá leabhar nua seolta ag Leabhar Breac. Seoladh an leabhar nua Bódléar le Darach Ó Scolaí i dTigh Mholly ar an Lochán Beag in Indreabhán i rith na seachtaine. Is é Dónall Ó Braonáin a sheol an t-úrscéal atá suite sa 19ú haois.

Pléann an scéal leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí ag muintir na hÉireann leis an bhFrainc.

Bhí Leabhar Breac i gCorcaigh an tseachtain seo chomh maith áit ar sheol an scríbhneoir Micheál Ó Ruairc an t-úrscéal Fiche le Colm Ó Ceallacháin i Leabharlann na Cathrach, Sráid an Chapaill Bhuí sa gcathair.

Tosaíonn scéal an leabhair i samhradh na bliana 1969 le triúr ógánach a thugtar le chéile ar thránna iarthar Chorcaí. Athraítear saol an triúir ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil.

Scéal é atá suite i ndomhan atá comhthreomhar ach an-chosúil le saol na linne seo.

Tá an dhá leabhar ar fáil ar shuíomh idirlín Leabhar Breac ,áit a bhfuil sladmhargadh na Nollag ar bun faoi láthair.

An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta seolta ar an gCeathrú Rua

Seoladh an leabhar An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta le Rónán Mac Con Iomaire ag ócáid i Réalt na Maidne ar an gCeathrú Rua i gConamara i rith na seachtaine. Is é Breandán Feiritéar a sheol an leabhar ag an ócáid sin. I 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d’athródh todhchaí na Gaeltachta.

Iad spreagtha ag agóidí  a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta le seasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal a bhí imeallaithe agus ar a dteanga. Tugann an leabhar an scéal le chéile den chéad uair faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta, agus an feachtas gearr, corraitheach a chur siad ar bun.

Tá an leabhar ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht, áit a bhfuil sladmhargadh na Nollag ar bun faoi láthair, agus ó dhíoltóirí eile.

Sáinnithe: Scéal Íobartaigh le Peadar Ó Máille á sheoladh

Beidh an leabhar nua neamhfhicsin Sáinnithe: Scéal Íobartaigh le Peadar Ó Máille á sheoladh ag Norita Ní Chartúir ag ócáid i dTigh Mholly, an Lochán Beag, Indreabhán ar an Satharn, 7 Nollaig ag 7:00 i.n. Naoi mbliana d’aois a bhí an t-údar nuair a rinne duine den chléir ionsaí gnéis air agus é ar scoil, i dtús na seascaidí. Sa leabhar seo, tugann sé cuntas corraitheach ar na drochghníomhartha sin, agus cíorann sé an lorg agus an bhail a d’fhág na heachtraí sin air. Tugann an scrúdú a dhéanann sé ar a scéal pearsanta féin é ar aistear, mar a rianaíonn sé an cúlra staire, socheolaíoch agus reiligiúnach a d’fhág nach éan cuideáin é i measc íobartaigh iomadúla na tréimhse sin in Éirinn.

Comórtas filíochta Gaeilge seolta ag Acadamh Ríoga na hÉireann

Tá comórtas filíochta nua d’fhilí Gaeilge, ‘Crann Beo na Gaeilge’, seolta ag Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA). Seoladh an comórtas ag deireadh na comhdhála dhátheangaí ‘An Chailleach: hag, healer, holy woman?’ a cuireadh ar bun ar an Déardaoin i gcomhar le Coiste Léann na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh de chuid an Acadaimh le tacaíocht ó scéim Miondeontas Cholmcille agus Foras na Gaeilge. Is mar cheiliúradh ar ról na Gaeilge in oidhreacht an RIA atá an comórtas seo á bhunú agus fáilte á cur roimh iarratais i nGaeilge, dánta idir 20 agus 30 líne, ar théama leathan na hinbhuanaitheachta.

Sna treoirlínte don chomórtas deirtear gur chóir go léireodh iontrálacha leanúnachas, doimhneacht agus áilleacht thraidisiún filíochta na Gaeilge i gcruth comhaimseartha. Taispeánfar an dán buacach go poiblí in Acadamh Ríoga na hÉireann mar chuid de thriptic in éineacht le línte ó ‘Fáilte don Éan’ le Séamas Dall Mac Cuarta agus sliocht as ‘Buile Shuibhne’, dhá shaothar atá ina míreanna tábhachtacha de chartlann lámhscríbhinní an RIA.

Tá cead ag iontrálaithe níos mó ná dán amháin a chur faoi bhráid na moltóirí ach ní roghnófar ach buaiteoir amháin. Bronnfar duais €1500 ar an mbuaiteoir agus glacfar le hiarratais suas go dtí an 1 Aibreán, 2025. Tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín an RIA.

Níos mó