Achan bhliain sula dtéann na mic léinn ar fad abhaile don Nollaig, cuireann scaifte mór mac léinn ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire in Iarthar Bhéal Feirste seó ar leith i láthair dá gcairde agus don phobal.
Bíonn an deis ag mac léinn ar bith atá ag freastal ar an choláiste dul le haghaidh éisteachta agus páirt a fháil sa dráma. Tá ról lárnach ag an cheol i gcultúr agus in éiteas na coláiste, fiú do na mic léinn nach ndéanann staidéar ar an ábhar. Is eispéireas den scoth é Seó na Nollag agus tugann sé seans dóibh fosta aithne a chur ar dhaoine nach mbeadh ina gciorcail shóisialta de ghnáth, agus cairdeas nua a dhéanamh dá réir.
I mbliana, bheartaigh siad ar ‘High School Musical’ a léiriú. Thug Meon Eile cuairt ar na mic léinn agus iad i mbun an chleachtaidh dheireanaigh roimh an seó mhór an oíche sin. Labhair muid le hEoin Ferry (‘Troy Bolton’), Rachel O’Hanlon (gárthóir molta) agus Ben Friel (‘Chad’).
Conradh na Gaeilge
66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 X201 Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: peig@cnag.ie