Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
beirt-oifigeach-pleanala-teanga-tosaithe-i-mbun-oibre-i-gceantair-ghaeltachta-na-gaillimhe 

Beirt Oifigeach Pleanála Teanga tosaithe i mbun oibre i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe 

| Maitiu O Coimin | ,

Tá beirt Oifigeach Pleanála Teanga nua tosaithe i mbun oibre i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe. Is é Tomás Ó hÓgáin, a bhí ina OPT sna Déise go dtí seo, a chuirfidh plean teanga Ghaeltacht oirthear Chathair na Gaillimhe i bhfeidhm sa ‘Bhruach Thoir’ – an chuid sin den Ghaeltacht oifigiúil a shíneann ó Bhaile an Bhriotaigh soir go hAbhainn na Gaillimhe. Micheál Ó Mainín, a bhí ina OPT  i mBaile Locha Riach, atá ceaptha ina OPT do ‘Gaeilge ABC’ – Abhantrach, Bearna, agus Cnoc na Cathrach.  

Bhí Aoife Ní Chonghaile, as na Doireadh, i ról an Oifigigh Pleanála Teanga i mBearna agus Cnoc na Cathrach ó bhí mí Mheán Fómhair 2023 ann. Ba é Mícheál Mac Aoidh, atá anois ina Oifigeach Forbartha le hÁras na nGael i gcathair na Gaillimhe, a bhí ina OPT sa Bhruach Thoir roimhe seo.  

Beidh Tomás Ó hÓgáin lonnaithe i dTigh Mhaidhc Pháidín, ceannáras an Bhruaigh Thoir i Mionlach agus beidh Micheál Ó Mainín ag obair as ceannáras Ghaeilge ABC in Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach.  

Dúirt Micheál Ó Mainín go mbeidh a ról nua “thar a bheith difriúil” leis an obair a bhí a déanamh aige i mBaile Locha Riach mar gheall ar an líon mór daoine atá ina gcónaí sa limistéir pleanála teanga.  

“Tá an daonra i bhfad níos mó ann, is é an LPT leis an daonra is mó sa tír. Beidh sé thar a bheith difriúil le Baile Locha Riach, agus beidh sé dúshlánach mar cheantar Gaeltachta a bhfuil go leor Béarlóirí ann. Caithfear an meon a athrú agus daoine nua a mhealladh i dtreo na Gaeilge.  

“Beidh mé ag déanamh an ruda chéanna a bhí mé a dhéanamh i mBaile Locha Riach – ag triail líonra Gaeilge a thógáil, ainneoin go bhfuil an áit mar chuid den Ghaeltacht. Níl ach 5% ag labhairt na Gaeilge go laethúil, ach mar sin féin is líon mór daoine an 5% sin mar gheall ar an méid daoine atá ina gcónaí ann – thart ar 670 duine,” a dúirt Ó Mainín le Tuairisc.   

Dúirt sé go bhfuil “bunús maith” i mBearna agus i gCnoc na Cathrach agus go mbeidh sé ag tógáil ar an obair a rinne Aoife Ní Chonghaile roimhe cainteoirí Gaeilge na háite a tharraingt le chéile agus iad a chur in aithne dá chéile.   

“Beidh mé ag díriú isteach ar chúrsaí oideachais. Bhí ranganna Gaeilge do dhaoine fásta ann agus leanfar ar aghaidh leo sin, ach beidh mé ag díriú ar na scoileanna agus naíonraí atá sa cheantar freisin. Tá i bhfad níos mó gnólachtaí lonnaithe anseo ná mar atá i gceantair eile Ghaeltachta agus beidh mé ag cinntiú go nglacfaidh siad páirt i nGradaim Ghlór na nGael agus go gcuirfidh siad seirbhís ar fáil i nGaeilge,” a dúirt sé.  

Tá Bearna agus Cnoc na Cathrach ar cheann de na 21 LPT nach bhfuil ach OPT amháin ceadaithe dóibh. Dúirt Ó Mainín nach luíonn sé sin le ciall i bhfianaise an daonra mhóir atá san LPT agus gur chóir duine eile a fhostú leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm ann.  

“Bhí oifigeach forbartha ann in éineacht liom i mBaile Locha Riach agus níl ach ceithre nó cúig mhíle duine sa cheantar sin. Tá i bhfad níos mó daoine i mBearna agus Cnoc na Cathrach agus níl ach oifigeach pleanála teanga amháin ann. Tá beirt i gCois Fharraige agus ba cheart go mbeadh beirt i mBearna agus Cnoc na Cathrach freisin,” a dúirt sé.  

D’fhaomhaigh an aire stáit na linne Jack Chambers plean teanga an Bhruaigh Thoir agus plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach in 2021. Pleananna seacht mbliana atá i gceist agus an maoiniú €100,000 sa bhliain atá ag gach limistéir pleanála teanga ar fáil lena gcur i bhfeidhm.  

Bhí Micheál Ó Mainín agus Tomás Ó hÓgáin beirt i measc na n-oifigeach pleanála teanga a labhair i dTithe an Oireachtais anuraidh faoi na dúshláin atá roimh na hoifigigh pleanála teanga ar fud na Gaeltachta.  

Dúirt Ó Mainín gur dúshlán mór i gcónaí “an t-imeallú” a dhéantar ar an nGaeilge sa rialtas agus sa chóras stáit agus go raibh sé “fíordhúshlánach” obair na pleanála teanga a dhéanamh gan “tacaíocht cheart ó chuile leibhéal an stáit”.   

Dúirt Tomás Ó hÓgáin gurbh é an dúshlán ba mhó a bhí roimh na pleanálaithe teanga ná easpa infheistíochta an Stáit sna seirbhísí i nGaeilge atá riachtanach do phobal na Gaeltachta. Dúirt sé ag an gcoiste Oireachtais go raibh an baol ann “nach n-éireoidh leis an gcóras Pleanála Teanga seo sa mheán- agus san fhadtéarma” mura gcuirfidh an stát “infheistíocht chuí” ar fáil.  

Níos mó