Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
craobh-na-heireann-imithel-siar-go-conamara-agus-an-cheathru-rua-ag-ceiliuradh-i-bpairc-an-chrocaigh

Craobh na hÉireann imithel siar go Conamara agus An Cheathrú Rua ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh

| Padraic O Ciardha | ,

An Cheathrú Rua 0-9 Naomh Pádraig Uisce Chaoin 0-8

Tá Conamara agus cuid mhaith den tír fágtha sa dorchadas ag Stoirm Éowyn ach lasadh An Cheathrú Rua faoi sholas tinte cnámha aréir agus Craobh Shóisir Peile na hÉireann buaite ag buachaillí na Gaeltachta.

Ba é an fear is óige ar an bhfoireann Fionán Ó Conghaile, ocht mbliana déag d’aois laoch na Ceathrún Rua. Bhí an cúig nóiméad d’am cúitimh istigh nuair a fuair Ó Conghaile seilbh ar an liathróid ar thaobh na láimhe clé agus chuir sé an slua mór as an gCeathrú Rua ar mire le cic gleoite a sheol an liathróid thar an trasnán.

Bhí chuile paiste de Pháirc an Chrócaigh clúdaithe ag Ó Conghaile san uair an chloig imeartha roimhe sin agus taispeántas dochreidte curtha isteach aige d’fhear chomh hóg. Ceithre phointe san iomlán a d’aimsigh sé, gach ceann acu ag teacht ón imirt, ach rinne sé obair mhór sa gcosaint chomh maith. Ba é a chuir stop le ruathar iontach ó imreoir Dhún na nGall Caolan McColgan sa gcéad leath agus bhí Ó Conghaile thiar sa líne lánchúil arís nuair a bhí an cluiche idir dhá na meá gar don deireadh agus sciob sé an liathróid ó Naomh Pádraig.

Bhí tréimhsí fada sa gcluiche nuair a bhí an chuma ar an scéal go mbeadh An Cheathrú Rua ag dul siar abhaile gan tada. Aon iarracht déag a chuireadar amú sa gcluiche, chomh maith le ceithre cinn eile de phasanna a chuaigh thar líne an chúil.

Tá an t-aicsean déanta ag an gCeathrú Rua nuair ba ghá arís agus arís eile sa bhfeachtas craoibhe ó thosaigh sé mí Iúil seo caite áfach. Tháinig siad ar ais i gcluiche ceannais an chontae chun an chraobh a bhaint, bhí teacht aniar eile i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus rinneadar arís é tráthnóna.

Bhí cosúlachtaí go leor idir an cluiche leathcheannais sin in aghaidh Bhéal Átha na gCarr agus cluiche an lae inniu. Shocraigh An Cheathrú Rua isteach san imirt luath go maith agus pointí ó Fhionán Ó Conghaile agus an t-imreoir láir páirce Pádraig Mac Donnachadha ag cur fir na Gaillime 0-2 in aghaidh 0-1 chun tosaigh théis cúig nóiméad.

Bhí An Cheathrú Rua go mór i gceannas i lár na páirce ach níor éirigh leo tairbhe ceart a bhaint as an forlámhas sin. Chuir pointe eile ó Fhionán iad chun tosaigh arís théis deich nóiméad ach chuirdear sé cinn d’iarrachtaí as a chéile ar fóraoil sa gcéad ceathrú uaire eile agus Naomh Pádraig Uisce Chaoin imithe 0-5 in aghaidh 0-3 chun tosaigh a bhuí de scóranna ó Chormac McColgan, Kevin Doherty agus Kevin Lynch.

Bhí nach mór an imirt uile déanta ag an gCeathrú Rua sa gcéad leath agus ach bhíodar i mbaol dul isteach dhá phointe chun deiridh ag leath ama. Ní raibh ann ach pointe sa deireadh, áfach, agus cúilín thar a bheith tábhachtach faighte ag Myles Mac Donnachadha sa 30ú nóiméad chun a fhoireann a fhágáil 0-4 in aghaidh 0-5 chun deiridh

Is beag nár chuir Mac Donnachadha An Cheathrú Rua chun tosaigh gan ach seacht soicind imithe sa dara leath nuair a bhris sé tríd ach bhuail a iarracht faoi bhun an phosta. Choinnigh An Cheathrú Rua seilbh ar an liathróid, áfach, agus d’éirigh le Feargal Ó Sé iad a chur ar ais ar comhscór le scór tábhachtach.

Bhí jab maith déanta ag an gCeathrú Rua srian a choinneáil ar Chaolan McColgan go dtí sin sa gcluiche ach léirigh an t-imreoir contae a chumas luath sa dara leath nuair a chuir sé Naomh Pádraig dhá phointe chun tosaigh, 0-7 in aghaidh 0-5, tar éis do Kevin Lynch na Conallaigh a chur chun cinn arís sa dara leath.

Ar ais leis an gCeathrú Rua arís agus pointe ó ché eile ach Fionán agus shlánaigh Feargal Ó Sé cic saor chun na foirne a chothromú arís agus ceathrú uaire fágtha.

Ní fhacthas aon scór eile idir sin agus an 60ú nóiméad, buíochas do bhlocáil iontach a rinne lánchúlaí na Ceathrún Rua Iarfhlaith Ó Conchubhair – a raibh cluiche den scoth aige.

Thug sin spreagadh eile don Cheathrú Rua agus chuadar chun tosaigh den chéad uair ón 10ú nóiméad nuair a chuir an t-ionadaí Paudie Mac Cormaic cic saor thar an trasnán sa 60ú nóiméad. Ach tháinig Naomh Pádraig a bhuíochas  le Caolan McColgan a fuair scór breá cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

Chuir An Cheathrú Rua cúpla iarracht eile ar strae san am a bhí fágtha ach tháinig deis amháin eile nuair a bhuaigh an fear is sine ar an bhfoireann, Micheál Ó Briain, cic amach de chuid Naomh Pádraig. Tugadh cúpla pas chun an liathróid a chur i láimhe an duine is óige ar an bhfoireann agus sheol seisean iarracht thar an trasnán a chinntigh go mbeadh Craobh na hÉireann ag dul siar go Conamara.

An Cheathrú Rua: J. Ó Flatharta; S. Ó Tiarnaigh, I. Ó Conchubhair, D. Ó Ceoinín; M. Mac Donnachadha (0-1), C. Ó Domhnaill, E. de Paor; S. Ó Briain, P. Mac Donnachadha (0-1); P. Ó Loideáin, M. Ó Domhnaill, F. Conghaile (0-4); É. Mac Cormaic, M. Ó Briain, F. Ó Sé (0-2, 0-1 ó chic saor). Fir Ionaid: O. Ó Lochnáin in áit É. Mhic Cormaic (36 nóim), P. Mac Cormaic (0-1, cic saor) in áit Uí Thiarnaih (46 nóim), C. Ó Domhnaill in áit S. Uí Bhriain (55 nóim), M. Ó Tuathail in áit Uí Chonchubhair (60 nóim), S. Óg Ó Loideáin in áit P. Mhic Dhonnachdha (60+3 nóim).

Naomh Pádraig: O. McCauley; C. Kelly, C. Harkin, D. McIntyre; R. Hoy, J. Toye, J. McCallion; E. Mullan, Cormac McColgan (0-1); O. McIntryre, K. Doherty (0-2), R. Hirrell; J. McCauley, K. Lynch (0-4, 0-2 ó chiceanna saora), Caolan McColgan. Fir Ionaid: D. McKinney in áit Doherty (35 nóim), M. McCarron in áit Hoy (45 nóim), A. McCarron in áit McCallion (55 nóim). D. Keavney in áit Toye (60 nóim).

Réiteoir: Jonathan Hayes (Luimneach).

Níos mó