Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘gaeltacht-colleagues-–-can-you-please-provide-material-in-english?’-–-iarrtha-ar-roinn-na-gaeltachta-abhar-i-mbearla-a-chur-ar-fail-d’airi

‘Gaeltacht colleagues – can you please provide material in English?’ – iarrtha ar Roinn na Gaeltachta ábhar i mBéarla a chur ar fáil d’airí

| Padraic O Ciardha | ,

Iarradh go sonrach ar oifigigh i Roinn na Gaeltachta ábhar a chur ar fáil d’airí na Gaeltachta i mBéarla aimsir an Bhuiséid anuraidh.

I gcomhfhreagras idir-rannach atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, iarradh orthu siúd a bhí ag ullmhú ábhar don Aire Catherine Martin agus don Aire Stáit Thomas Byrne do phreasócáid faoi fhógairt Buiséad 2025 an t-ábhar sin a chur ar fáil i mBéarla.

“Gaeltacht colleagues – can you please provide material from your Division in English?” a d’iarr oifigeach ón oifig preas sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán. Bhí an t-iarratas aibhsithe i mbuí sa ríomhphost agus líne curtha faoi.

Dúradh go raibh an t-ábhar ag teastáil ó na hairí Martin agus Byrne i “plain English”.

Cainteoirí Gaeilge iad Catherine Martin agus Thomas Byrne agus d’fhreagair siad ceisteanna i nGaeilge ó na meáin ag an bpreasócáid a reáchtáladh an lá tar éis fógairt an Bhuiséid mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Deir iar-státseirbhíseach sinsearach i Roinn na Gaeltachta go raibh meon ann lena linn go mbreathnófaí ar dhaoine a bhí ag iarraidh ábhar a chur ar fáil i nGaeilge mar dhaoine a bhí ag iarraidh fadhbanna a chruthú agus gur dóigh go bhfuil an meon sin fós ann.

Is léir ón gcomhfhreagras atá feicthe ag Tuairisc gur gnách d’oifigigh i Roinn na Gaeltachta cumarsáid eatarthu féin a dhéanamh i nGaeilge amháin ach gur i mBéarla a bhíonn cuid mhaith den chumarsáid le rannáin agus ranna rialtais eile.

Dá ndéanfadh oifigeach i Roinn na Gaeltachta cumarsáid trí Ghaeilge le hoifigeach i roinn rialtais eile nó i gcuid eile sa státchóras, bheadh dualgas orthusan faoin reachtaíocht teanga freagra i nGaeilge a thabhairt.

Deir urlabhraí de chuid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán gur “gnáthchleachtas” é gur i nGaeilge a bheadh ábhar a thagann ó rannán na Gaeltachta, aighneachtaí chuig airí na Roinne ina  san áireamh, ach go ndéantar “eisceacht” anois agus arís nuair a iarrtar orthu chun “éifeachtúlachtaí san ullmhúchán a éascú”.

“Is é gnáthchleachtas na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le fada an lá gur i nGaeilge amháin a bheidh aon ábhar scríofa inmheánach a ghintear ina Rannán Gaeilge agus Gaeltachta. San áireamh anseo, tá aighneachtaí chuig Airí na Roinne, freagraí ar Cheisteanna Dála agus fiosruithe ó na meáin a fhaightear i nGaeilge, chomh maith le hóráidí atá le tabhairt ag na hAirí i nGaeilge.

“I gcásanna fíor-eisceachtúla, áfach, a thagann aníos uair nó dhó sa bhliain, ní chloítear leis an gcleachtas seo. I gcásanna neamhchoitianta, mar shampla le linn phróiseas ullmhúcháin Bhuiséad 2025, cuireann an Rannán Gaeilge agus Gaeltachta nótaí cainte ábhartha ar fáil i mBéarla chun éifeachtúlachtaí san ullmhúchán a éascú, nuair a iarrtar orthu,” a dúirt an t-urlabhraí.

“I gcás comhfhreagrais scríofa le Rannáin agus Ranna Stáit eile, is meascán de chomhfhreagras i nGaeilge nó i mBéarla amháin nó dátheangach a úsáidtear, ag brath ar riachtanais ghnó an Rannáin agus Achtanna na dTeangacha Oifigiúla.”

Deir Bertie Ó hAinmhire, a chaith breis is scór bliain ag obair i Roinn na Gaeltachta, go bhfuil “cur i gcéill” i gceist i dtaobh na Gaeilge sa státchóras agus go bhfuil sé an-deacair forlámhas an Bhéarla a athrú.

“Le mo linn, bhí siad ag breathnú orm mar sórt fanatic mar go raibh mé chomh dáiríre sin faoin teanga,” a deir sé le Tuairisc.

“Dhiúltaigh mise go minic [ábhar a chur ar fáil i mBéarla] agus bhreathnaigh siad orm mar fanatic. Bhíodh muid ag lorg cead go minic leis an airgead a tugadh dúinn sa mBuiséad a chaitheamh. Nuair a bhí airgead mór le caitheamh, bheadh ort scríobh go dtí an Roinn Airgeadais agus cead a iarraidh agus a mhíniú dóibh céard a bhí i gceist, cén tairbhe a bheadh ann. Scríobh mise i gcónaí i nGaeilge ach chuirfí moill uafásach ar an rud [ansin].”

Deir Ó hAinmhire gur cuimhin leis aire airgeadais amháin a raibh Gaeilge aige agus go ndearna sé sin difríocht ollmhór i dtaobh na n-iarratas a dhéanfaí ach gur mhinic a d’fhágfadh an chuid eile iarratais i nGaeilge “ar leataobh”.

“Mar go bhfeidhmíonn an stát go hiomlán trí Bhéarla, bhíodh siad ag breathnú orainn mar dhaoine difriúla le dearcadh difriúil. Go raibh muid trioblóideach agus go raibh muid ag iarraidh rudaí a dhéanamh ar mhaithe le hobair a chruthú,” arsa Ó hAinmhire.

Gan athrú meoin ag an leibhéal is airde, ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal, dar leis.

“Bíonn go leor cur i gcéill ann agus maraíonn cur i gcéill an teanga mar cruthaíonn sé soiniciúlacht,” arsa Ó hAinmhire.

“Má tá dáiríreacht ann ag leibhéal an fheidhmeannais, ansin beidh muid ceart ach bheadh amhras orm.”

Níos mó