Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
gradam-eile-buaite-ag-‘kneecap’-in-california,-17-ainmniuchan-ifta-faighte-aige

Gradam eile buaite ag ‘Kneecap’ in California, 17 ainmniúchán IFTA faighte aige

Tá tuilleadh aitheantais ó na moltóirí scannáin faighte ag ‘Kneecap’, an scannán Gaeilge atá ar an ngearrliosta do dhá ainmniúchán Oscar

Gradam eile buaite ag ‘Kneecap’ in California, 17 ainmniúchán IFTA faighte aige

Tá an duais don aisteoir is fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Palm Springs buaite ag triúr Kneecap le chéile. Bronnadh an duais ar Naoise Ó Cairealláin, Liam Óg Ó hAnnaidh, agus JJ Ó Dochartaigh ag an bhféile atá ar siúl le cúpla lá anuas in California.

Rinne na moltóirí – Brian D Johnson, Marcelo Janot, agus Paola Caseslla – an cinneadh an duais don aisteoir is fearr a thabhairt, ní hamháin do dhuine amháin de na haisteoirí, ach don triúr acu in éineacht.

“[Bronntar an duais] ar Mo Chara (Ó hAnnaidh), Móglaí Bap (Ó Cairealláin) agus DJ Próvaí (Ó Dochartaigh) as an léiriú gan cháim a rinne siad mar ensemble ceoltóirí a bhí ag aisteoireacht den chéad uair in Kneecap. Bhí an léiriú chomh spleodrach is a bhí sé iontaofa sa dá réimse, agus thug siad fuinneamh úr spreagúil do choincheap na féiniúlachta cultúrtha,” a dúirt na moltóirí agus an cinneadh á fhógairt acu.

Tá go leor gradam buaite cheana féin ag Kneecap atá ainmnithe don ghearrliosta do dhá ainmniúchán Oscar– Duais an Lucht Féachana ag Féile Scannán Sundance agus seacht gcinn de ghradaim ag gradam BIFA a bhí ar siúl an mhí seo caite.

Tá ainmniúcháin faighte ag Kneecap agus saothar Gaeilge eile – Crá –  do ghradaim IFTA an tseachtain seo. Seacht gcinn déag d’ainmniúcháin atá faighte ag Kneecap ar an iomlán – an gradam don scannán is fearr, don stiúrthóir is fearr, don script is fearr, agus don aisteoir is fearr, ina measc.

Tá Ó hAnnaidh, Ó Cairealláin, agus Ó Dochartaigh triúr ainmnithe don ghradam don aisteoir is fearr agus tá a gcomhghleacaithe ar an scáileán Fionnuala Flaherty, Simone Kirby, Jessica Reynolds, agus Michael Fassbender ainmnithe don ghradam don aisteoir tánaisteach is fearr.

Ainmníodh an scannán freisin sna catagóirí don roghnú aisteoirí, don chineamatagrafaíocht, don dearadh feistis, don dearadh léirithe, don ghruaig agus smideadh, don fhuaim, agus don eagarthóireacht.

Ainmníodh an dráma teilifíse Crá a craoladh ar TG4, BBC NI agus BBC4 sa gcatagóir don dráma is fearr. Is é an comhlacht Gaeltachta Fíbín a léirigh an dráma coireachta.

Fógraíodh an mhí seo caite go bhfuil Kneecap ar dhá ghearrliosta d’ainmniúcháin Oscar i mbliana – an gearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta Is Fearr agus an gearrliosta don Amhrán Nua Is Fearr. Bhí liosta deireanach na n-ainmniúchán le fógairt le déanaí ach cuireadh siar é mar gheall ar an loscadh mór atá ar siúl in Los Angeles faoi láthair.

An tseachtain seo chugainn a gheofar amach cé acu an ngabhfaidh nó nach ngabhfaidh triúr Bhéal Feirste ar aghaidh go hoíche mhór Ghradaim an Acadaimh in Hollywood.

Níos mó