Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
teocht-ocht-gceim-faoi-bhun-an-reophointe-a-tuar,-rabhadh-oraiste-nua-ag-teacht

Teocht ocht gcéim faoi bhun an reophointe á tuar, rabhadh oráiste nua ag teacht

| Tuairisc.ie | ,
Dé Céadaoin, Eanáir 8 2025 ag 4:16 pm

Níl aon deireadh leis an bhfuacht go fóill agus rabhadh oráiste eile ag teacht i bhfeidhm tráthnóna óna sé a chlog agus é á thuar go mbeidh an teocht 8 gcéim Celsius faoi bhun an reophointe in áiteanna anocht.

Beidh an rabhadh oráiste i bhfeidhm i bhformhór na tíre – i gcontaetha an Chabháin agus Mhuineacháin chomh maith leis na trí chúige eile ar fad – Mumhain, Connachta agus Laighin.

Seasfaidh an rabhadh  go dtí a 11.00 maidin amárach, an Déardaoin.

Tá foireann Mhet Éireann ag meabhrú arís do dhaoine nach maith a bheith réchúiseach faoi na fainicí seo mar go mbeidh contúirt ag baint le bheith ar bóthar is cosán agus go bhféadfadh seirbhísí iompair a bheith curtha as cor ag an aimsir agus ainmhithe a bheith i mbaol.

Seasfaidh an fógra buí faoin teocht íseal atá againn, agus an t-oighear agus sioc is cúis leis, go dtí meán lae Dé hAoine.

Tá an baol ann go mbeidh an oíche anocht agus an oíche amárach níos fuaire ná a bhí sé aréir agus go bhféadfadh go bhfeicfí teocht ocht gcéim faoi bhun an reophointe nó níos fuaire.

Beidh sioc crua againn as seo go hAoine agus an chosúlacht air faoi láthair go seolfar aer níos teo inár dtreo ag an tráth sin.

Dúirt Liz Coleman, Leas-Cheannasaí Met Éireann, go mbeadh “cúrsaí an-chontúirteach as seo go ceann cúpla lá” a bhuíochas don tamall maith fuachta seo agus mar nach raibh aon teas againn le solas an lae a dhéanfadh an sneachta atá fós carntha a choscairt.

“Ó tharla gur chaith sé go leor sneachta agus báistí ag an deireadh seachtaine agus go bhfuil an t-ualach sin uilig reoite ag an tráth seo, beidh bóithre an-chontúirteach go deo.  Bíonn dromhchla bóthair is cosáin níos fuaire ná teocht an aeir a thaispeántar sa gcarr.

“Cuirfidh an sioc agus an reothalach sin isteach níos measa ar roinnt daoine a bheidh ag taisteal ar na bóithre, go háirithe lucht na rothar agus na ngluaisrothar agus moltar dóibhsean cuimhneamh ar bhealach taistil éigin eile a roghnú le linn an tseaca seo,” a dúirt Coleman.

Aréir sa tír seo cláraíodh teochtaí éagsúla idir a trí agus sé chéim Celsius faoi bhun an reophointe. Ag Aeradróm Mhic Easmainn i mBaile Átha Cliath bhí sé -5.8C agus sa nGoirtín i gcontae Thiobraid Árann bhí sé -5.7C.

Bhí sé níos fuaire fós ar maidin inniu sa Mhuileann gCearr i gcontae na hIarmhí áit ar cláraíodh -6.1C sa stáisiún aimsire ansin.

Tá fainic ag Uisce Éireann orainn freisin go bhféadfadh an soláthar uisce a bheith “i mbaol in áiteanna sna laethanta beaga romhainn” fad agus a fhanfaidh an teocht faoi bhun an reophointe.

Bhí 40,000 custaiméir dá gcuid gan soláthar uisce ar an Luan ach deir Uisce Éireann anois nach bhfuil fágtha gan soláthar inniu ach thart ar 4,500 duine agus go bhfuil súil acu go mbeidh siad sin réitithe acu tráthnóna inniu.

Ach níl deireadh leis an gcontúirt chúns a sheasfaidh “aimsir sheaca agus an choscairt a leanfaidh”.

Dúirt urlabhraí ón ESB go bhfuil thart ar 4,000 teach agus ionad gnó fós gan soláthar aibhléise agus go bhfuil a bhformhór mór sna ceithre chontae ba mheasa a bhuail an ráig sneachta – Corcaigh, Ciarraí, Luimneach agus Tiobraid Árann. Deir siad nach mbeidh an córas aibhléise slán ó chliseadh eile go dtiocfaidh deireadh leis an bhfuacht feanntach seo.

Tá scoileanna in áiteanna i gCúige Mumhan agus i Lár Tíre dúnta inniu.

Dúirt An Post go mbeidís ag iarraidh postas agus beartanna a sheachadadh “aon áit a mbeadh sé sábháilte sin a dhéanamh” ach go bhfuil áiteanna fós i gcúig chontae nach féidir lena bhfoireann “a ghabháil go dtí iad” – Cill Chainnigh, Port Láirge, Ciarraí, Luimneach agus Tiobraid Árann.

Níos mó