Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
albaim-na-miosa-le-ben-o-faolain-–-eanair-2025

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Eanáir 2025

| Ben O Faolain | ,

FKA twigs – Eusexua (Young)

Ná bac an focal eusexua a chuardach san fhoclóir, a léitheoir, óir is téarma é a chum FKA twigs féin mar ainm ar, fé mar a deir sí, ‘an mothúchán tarchéimnitheach nach maireann ach ar feadh nóiméid a spreagann ealaín, ceol, gnéas nó aontacht sa duine go minic.’ 

Baineann go leor d’amhráin Eusexua (an tríú halbam dá cuid) leis na comhthéacsanna ina n-aimseofá a leithéid – a bheith ag rince le strainséirí i seomra dorcha (‘Room of Fools’) agus leathar gan choinníoll le, bhuel, strainséirí (‘Perfect Stranger’, ‘Drums of Death’). Thar aon ábhar eile, mheasfá, is maith le twigs a bheith ag canadh fé chúrsaí craicinn (‘24hr Dog’, ‘Striptease’).

Bhí glór breá riamh ag twigs, agus tá macallaí de cheol Bjork (cuireann ‘Room of Fools’ spiorad gliondrach ‘Violently Happy’ i gcuimhne dom), Aphex Twin (an bhfuil giota de ‘Avril 14th’ le clos ar ‘Sticky’?) agus Madonna in aimsir ‘Ray of Light’ le clos ar na hamhráin atá léirithe an babhta seo aici i dteannta Koreless.

Popcheol glic gan náire don chibearg gnéasúil.

Ale Hop & Titi Bakorta – Mapambuzuko (Nyege Nyege Tapes)

Mapambazuko by Ale Hop & Titi Bakorta

Ceol breá bríomhar le sinn a mhúscailt as seadú an gheimhridh atá le clos ar an saothar comhoibríoch seo leis an gceoltóir/léiritheoir Peiriúch Alejandra Cárdenas (Ale Hop) agus an giotáraí Congólach Titi Bakorta. 

Má fhágann Cárdenas fé Bakorta é treo an cheoil a stiúradh lena nótaí nathracha soukous, is meidhreach agus spórtúil iad na rithimí agus na héifeachtaí fuaime a roghnaíonn sí mar thionlacan leis ar phoirt mar ‘Mapambazuko’ agus ‘Bon anée’. 

Tá toradh fónta, leis, ar an gcleamhnas a dhéantar idir cumbia Peiriúch agus soukous ar ‘Una Cumbia en Kinshasa’.

Rud beag ar nós léimt isteach i linn snámha lán de líomanáid bhándearg (an iad na súilíní atá ag cigilt mo shiní?!).

Campus Christy – Campus Christy (Stones Throw)

Campus Christy by Campus Christy

Beidh éisteoirí hip hop na cruinne buíoch go deo d’úinéir ceirníní Stone’s Throw, Chris Manak (Peanut Butter Wolf) as airgead a chur ar fáil do MF Doom agus Madlib chun a móralbam Madvillainy a thabhairt ar an saol. 

Ar an togra nua Campus Christy seo, glacann Manak cúram an amhránaí air fhéin, agus taifeadadh déanta aige i gcomhar leis an ilionstraimí Brian Ellis ar rogha ghleoite d’amhráin chuibheasacha anaithnide as na 60idí , 70idí agus 80idí. Amhráin, a deir Manak, a spreag treo an lipéid Stone’s Throw i gcaitheamh na mblianta.

I measc na mbuaicphointí a luafaidh mé tá a leaganacha de ‘Very Complex’ (1978) de chuid Rich And Famous, ‘The Visit’ (1969) le The Cyrcle, an port soul-boogie ‘Candles’ (1987) agus ‘Little Wing’ (1980) de chuid Neil Young. Tá a léamh ligthe ar ‘Fly’ (1969) de chuid J.K. & Co. go haoibhinn ar fad. Ní thaitníonn an leagan de ‘Family Affair’ (1981) de chuid TV Personalities puinn liom, ní mór a admháil, ach measaim gur ar liricí leamha an bhunamhráin atá an locht.

Noda & Wolfers – Evil Fades In Echo (Nightwind)

Evil Fades in Echo by Noda & Wolfers

Is as a cheol house agus techno eisithe faoin ainm Legowelt is fearr atá aithne againn ar an saoithín sintéiseora Ísiltíreach, Danny Wolfers. Bíonn an ceoltóir melodica Seapánach Taka Noda ag taifeadadh faoin ainm stiúideo Mystica Tribe. 

Dubcheol reigé digiteach báite in éifeachtaí fuaime agus glórtha a shamhlófá le ceol acid techno de ghnáth atá romhat ar Evil Fades In Echo. Rud beag ar nós cheol na sraithe Acid Dub Studies de chuid Om Unit ach níos meidhrí.

Má tá na pinginí gann cuirtear fáilte romhat an t-albam a íoslódáil saor in aisce óna leathanach Bandcamp (mar aon lena gcéad fadsaothar Tascam Space Season).

Carl Allen – Tippin’ (Cellar)

Tippin’ by Carl Allen

Nuair a thugann tríréad snagcheoil fé 12 rian a thaifeadadh laistigh de 5 uair an chloig gan aon chleachtadh a dhéanamh orthu roimh ré, mar a rinne an drumadóir Meiriceánach Carl Allen agus a chairde, Christian McBride (dord) agus Chris Potter (sacsafóin, dordchlairinéad) anseo, tuigtear go bhfuil an grúpa sin dílis do bhunspiorad tobchumadóireacht-bhunaithe an tsnagcheoil.

Anuas air sin, is ceol gan cordaí atá le clos ar Tippin’ (ach amháin cordaí pianó John Lee ar an leagan de ‘Song For Abdullah’ de chuid Kenny Barron). Seo ailleadóireacht gan úim shábháilteachta, más maith leat – níl aon líontán córdaí faoi bhun an cheoil a dhéanfadh nóta fánach a cheilt.

An bhfuil Tippin’ seanfhaiseanta? Tá, cinnte (níl ach dhá phort nuachumtha le clos), ach is beag a sháraíonn idirghníomhú thríréad snagcheoil maith, go háirithe nuair atá béim chomh láidir ar na drumaí agus ar an dord.

Anois, cár imigh mo shlipéir is mo phíopa?

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Eanáir 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó