Tá eolaithe ó Ollscoil Miami i Stáit Aontaithe Mheiriceá den tuairim go mbaineann buntáistí leis an ilteangachas do ghasúir a bhfuil an t-uathachas orthu agus go bhfoghlaimíonn na gasúir sin teanga nua níos sciobtha ná mar a fhoghlaimíonn gasúir nach bhfuil an t-uathachas orthu.
Rinne Celia Romero, Zachary Goodman, Lauren Kupis agus Bryce Dirks staidéar ar 116 leanbh idir 7-12 bliain d’aois. Bhí an t-uathachas ar 53 díobh, beagán faoi bhun a leath.
Léiríodh i dtorthaí an staidéir gur mhinice a thug tuismitheoirí na ngasúr dátheangach le fios go raibh scileanna bactha, athraithe, agus tuisceana ag a gclann ná mar a thug tuismitheoirí na ngasúr aonteangach. I mbéarlagair an uathachais ciallaíonn ‘scil bhactha’ an cumas atá ag duine freagra (béil nó eile) a chosc, ciallaíonn ‘scil athraithe’ an cumas atá ag duine glacadh le hathrú, agus ciallaíonn ‘tuiscint’ an cumas atá ag duine nósanna nó gnáis an tsochaí a thuiscint.
Fuarthas sa staidéar gur mó i bhfad an cumas nó smacht bactha a bhí ag leanaí ilteangacha a raibh an t-uathachas orthu ná mar a bhí ag na leanaí aonteangacha a raibh sé orthu. Maíodh sa taighde go mb’fhéidir go raibh baint ag an tsolúbthacht chognaíoch a luaitear leis an dátheangachas leis an smacht bactha.
Rinneadh an staidéar trí Bhéarla ach bhí seacht dteanga ar na teangacha a bhí ag na gasúir a ghlac páirt sa taighde. Bhí Béarla ag gach aon duine acu ach bhí Spáinnis, Portaingéilis, Eabhrais, Fraincis, Seapáinis, Rúisis, nó Bulgáiris acu freisin. Bhí níos mó ná dhá theanga ag cuid acu.
Ba léir ón staidéar go raibh buntáistí sa dátheangachas freisin do na leanaí nach raibh an t-uathachas orthu. Chruthaigh na gasúir dhátheangacha níos fearr ná mar a chruthaigh na gasúir aonteangacha beag beann ar an uathachas.
Deir údair an staidéir gur cheart athmhachnamh a dhéanamh ar an gcomhairle a thugtar do thuismitheoirí a bhfuil uathachas ar a bpáistí gan an dara teanga a labhairt leo.
“Tar éis diagnóis uathachais, tagann meath thapa ar úsáid na teanga dúchais le páistí ilteangacha, cé go mbíonn teanga an bhaile fós á labhairt idir na tuismitheoirí agus idir na tuismitheoirí agus páistí eile sa teach.
“Ó tharla go bhfuil a laghad fianaise ann go mbíonn drochthionchar ag an ilteangachas ar fhorbairt teanga leanaí a bhfuil an t-uathachas orthu, agus gur ag méadú atá an fhianaise go gcuireann sé feabhas ar a scileanna feidhmiúcháin agus ar chomharthaí sóirt an uathachais, d’fhéadfadh gur deacrachtaí a chruthódh an chomhairle úsáid na teanga dúchais a laghdú,” a maíodh sa staidéar.
Dúradh freisin go gcailleann gasúir a bhfuil an t-uathachas orthu agus a séantar an t-ilteangachais orthu “deiseanna foghlama sóisialta” agus go gcruthaítear fadhbanna eile nuair a chinneann tuismitheoirí nach í teanga an phobail a dteanga dhúchais féin an teanga sin a labhairt lena bpáiste.