Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
cupla-bliain-chrua-agus-cupla-rogha-dheacair-i-ndan-don-ghearmain-i-ndiaidh-an-olltoghchain

Cúpla bliain chrua agus cúpla rogha dheacair i ndán don Ghearmáin i ndiaidh an olltoghcháin

Tá Olltoghchán na Gearmáine buaite ag an CDU, faoi cheannaireacht Friedrich Merz, ach is ar éigean gur bhuadar é. Fuair an CDU 28.5% den vóta, faoin sprioc a bhí acu, os cionn 30%. Beidh siad ar an bpáirtí is mó sa Bundestag nua, beidh Merz ina sheansailéir agus ní bheidh ach comhpháirtí amháin eile ag teastáil uaidh. Ach ba é sin an dara toradh ba mheasa ag an CDU ó bunaíodh an páirtí i 1945 agus beidh neart dúshlán roimh an rialtas nua. Tá an chuma air go mbeidh Merz ag brath ar thacaíocht ón SPD, a fuair 16.5% den vóta, an toradh ba mheasa don páirtí sin ó 1890, chun comhrialtas nua a chur le chéile.

Bhí tráth ann anuair a thugtaí an Grosse Koalition, an Comhrialtas Mór, ar chleamhnas rialtais idir an CDU agus an SPD, ach níl an Grosse Koalition chomh gross sin a huile, agus gan de mhóramh féideartha ach 11 ag an gcomhrialtas nua. Ní bheidh na cainteanna éasca – tá an SPD i gcruachás uafásach. Tá athnuachan de dhíth go géar ar sheanpháirtí an lucht oibre, nár tháinig ach sa tríú háit ó thaobh tacaíochta de i measc an lucht oibre céanna, taobh thiar den AfD agus an CDU. Beidh athrú ceannaireachta ag teastáil san SPD sula dtosnaítear ar na cainteanna idirbheartaíochta i gceart.

“Níl an domhan mór chun fanacht linn,” a dúirt Merz aréir ag cóisir cheiliúrtha an CDU in Áras Adenauer. Le linn an Elefantenrunde, an díospóireacht teilifíse thraidisiúnta idir na ceannairí a leanann fógairt na dtorthaí, mhínigh Merz gurb é “mo dhearbhthosaíocht í an Eoraip a neartú chomh tapa agus is féidir é, ionas go n-éireoidh linn, céim ar chéim, neamhspleáchas ó na Stáit Aontaithe a bhaint amach. Níor chreid mé riamh go mbeadh orm a leithéid á rá ar chlár teilifíse, ach tá sé soiléir le déanaí tar éis na ráiteas le seachtain anuas ó Donald Trump, gur cuma leis na Meiriceánaigh, nó ar a laghad na Meiriceánaigh sin, an Rialtas sin, faoina bhfuil i ndán don Eoraip.”

Léirigh sé amhras faoi cé acu an mbeadh NATO fós ag feidhmiú mar a bhí go dtí seo nuair a reáchtálfaí cruinniú mullaigh na heagraíochta sin ag deireadh an Mheithimh, nó “an mbeidh orainn cumas cosanta Eorpach neamhspleách a chur ar bun go fíorsciobtha. Níl aon dallamullóg orm faoin méid atá ag tarlú sna Stáit Aontaithe.”

Cumas cosanta neamhspleách Eorpach agus ról ceannasaíochta níos gníomhaí don Ghearmáin san Eoraip a theachtaireacht. Beidh infheistíocht mhór ag teastáil chun é sin a bhaint amach agus beidh ar Merz an coscán ar fhiacha atá leagtha síos i mBunreacht na Gearmáine a scaoileadh chun é sin a bhaint amach. Beidh sé deacair an móramh de dhá thrian atá riachtanach chun é sin a dhéanamh a bhaint amach sa Bundestag nua.

Beidh áthas ar Merz nach mbeidh air brath ar na Glasaigh, a fuair 11.6%, sa rialtas nua. Chaith go leor de pholaiteoirí sinsearacha an CDU cuid mhaith den fheachtas ag caitheamh anuas ar Aire Geilleagair na nGlasach, Robert Habeck, agus ar “pholaitíocht fhimíneach ghnóthaí eachtracha” a chomhghleacaí, Annalena Baerbock.

Toisc gur theip ar an FDP, an páirtí liobrálach, agus ar Chomhghuaillíocht Sahra Wagenknecht tairseach an 5% a bhaint amach, ní bheidh suíocháin acusan sa pharlaimint. D’éirigh leis An Páirtí Clé, a raibh an bás parlaiminteach á thuair dóibh cúpla mí ó shin, 8.8% a fháil tar éis feachtas láidir. Meastar gur chabhraigh seasamh frithfhaisisteach an pháirtí leo neart tacaíochta a mhealladh ón dream óg a bhíodh ag vótáil Glas roimhe seo.

D’éirigh leis an bpáirtí radacach de chuid na heite dheise, an AfD, teacht sa darna háit, le 20.8% den vóta, beagnach a dhá oiread an méid a fuair siad in 2021. In oirthear na Gearmáine, mar a bhíodh roimh athaontú, tá siad anois ar an bpáirtí is mó i ngach stát agus os cionn 30% acu ansin.

Tá siad láidir i measc an aosa óig agus an lucht oibre. Thairg Ceannaire an AfD, Alice Weidel, comhoibriú i rialtas do Merz, ach dhiúltaigh sé go huile is go hiomlán di – “níl mé chun dul sa seans le hoidhreacht 75 bliain an CDU toisc gurb ann do Alternative für Deutschland, mar dhea. Tá sibh ag iarraidh a mhalairt den rud atá uainne, agus mar sin, ní dhéanfar comhoibriú libh.”

Is ann go fóill don Brandmauer, an Balla Cosanta Tine.

Tá cúpla bliain agus cúpla rogha dheacair os comhair na Gearmáine mar sin. Pearsantacht láidir i gceannas ar rialtas measartha, a bheidh comhdhéanta as páirtithe atá ina lag trá, toghchán i ndiaidh toghcháin. Eite dheis radacach a chothóidh níos mó clampair agus aighnis sa chéad pharlaimint eile, agus a bheidh ag súil le páirt a ghlacadh i rialtas stáit in oirthear na Gearmáine sula i bhfad.

Muna n-éiríonn leis an rialtas nua sa Ghearmáin, beidh an AfD dóchasach faoin olltoghchán in 2029. Ach is iomaí sin rud a d’fhéadfadh tarlú in achar ceithre bliana.

Níos mó