Bhí raic sa Dáil tráthnóna nuair a cuireadh i leith an Taoisigh go raibh sé ag baint leas as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle chun ‘bréagadóir’ a thabhairt ar Mary Lou McDonald.
Bhí cúrsaí tithíochta á bplé sa Dáil le linn Cheisteanna ó Cheannairí ach thosaigh achrann idir an Taoiseach Micheál Martin agus Teachtaí de chuid Shinn Féin nuair a chuir an Taoiseach i leith Mary Lou McDonald go raibh sí ag insint bréag faoi chur chuige an rialtais maidir le ceist na tithíochta.
“Is oth liom a rá go bhfuil an Teachta Dála ag insint bréaga arís,” a dúirt an Taoiseach. “Níl aon rud cruinn in aon chur sa rud a dúirt sí. Is olc an scéal nach bhfuil sí sásta díospóireacht shubstaintiúil a bheith againn i gcomhthéacs chúrsaí tithíochta.”
Faoi rialacha na Dála, ní féidir le Teachta amháin a chur i leith Teachta eile nach bhfuil sé nó sí ag insint na fírinne.
Lean an díospóireacht ar aghaidh ar feadh cúpla nóiméad eile ach nuair a rinne ceannaire Shinn Féin iarracht gearán a dhéanamh faoin méid a bhí le rá ag an Taoiseach fúithi, dúirt an Ceann Comhairle Verona Murphy nach raibh na focail cloiste aici.
“The Taoiseach took advantage perhaps of you not following, he called me a liar. Bhí mé ag insint an fhírinne,” a dúirt Mary Lou McDonald.
D’fhiafraigh an Ceann Comhairle den Taoiseach ar thug sé bréagadóir ar cheannaire Shinn Féin agus d’iarr sí air é sin a tharraingt siar, má bhí sé ráite aige.
Shéan Micheál Martin gur thug sé bréagadóir ar McDonald agus dúirt go raibh sé sásta soiléiriú a thabhairt ach níor tugadh an deis dó.
Dúirt leascheannaire Shinn Féin, an Teachta Pearse Doherty, go raibh iompar an Taoisigh “náireach” agus go raibh leas bainte aige as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle agus as an teanga féin chun Mary Lou McDonald a mhaslú.
“I can’t rule on what I didn’t hear. I accept that you believe it was said,” a dúirt Murphy le McDonald. “The Taoiseach has said he hasn’t said. We can look back [at the transcript].”
Dúirt an Ceann Comhairle go bhféadfadh McDonald gearán a dhéanamh lena hoifig dá mba mhian léi agus lean sí ar aghaidh le gnó na Dála.
Ábhar conspóide a bhí in easpa Gaeilge Verona Murphy nuair a ceapadh í ina Ceann Comhairle roimh an Nollaig. Dúirt an t-iarCheann Comhairle Seán Ó Fearghaíl, a bhí san iomaíocht le Murphy don ról an uair seo, go raibh sé “riachtanach” go mbeadh Gaeilge ag an gCeann Comhairle.
Dúirt Murphy nuair a ceapadh í go raibh sé i gceist aici feabhas a chur ar a cuid Gaeilge nó go mbeadh leibhéal líofachta aici a bheadh “ag teacht” lena ról nua.