Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
gradaim-nos-2025:-4-dhuais-ag-kneecap-ach-a-ndushlan-tugtha-ag-ribe-roibeis!

Gradaim NÓS 2025: 4 dhuais ag Kneecap ach a ndúshlán tugtha ag Ribe Róibéis!

| NÓS Suíomh Gréasáin | , ,

Lá Idirnáisiúnta na Máthairteangacha a bhí ann inné, an 21 Feabhra, agus rinneadh ceiliúradh mór maith ar ár Máthairtheanga féin san Oh Yeah Music Centre i mBéal Feirste, áit ar bronnadh Gradaim NÓS 2025 os comhar slua de Ghaeil ghalánta ghlóracha.

Ba iad Kneecap na mórbhuaiteoirí agus ceithre dhuais buaite ag na rógairí clúiteacha: Ealaín na Bliana, Físeán na Bliana, Amhrán Dátheangach na Bliana agus Banna na Bliana. Is léiriú é sin gan amhras ar an bhliain speisialta a bhí ag na rapálaithe idir albam ard-ráchairte agus scannán cathréimeach a chuir an Ghaeilge sna ceannlínte ar fud na cruinne.

Grianghraf: Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS, ag cur tús leis an oíche. (Creidmheas: John Tracey)

I measc na mbuaiteoirí eile bhí an ceoltóir cumasach as Fear Manach, Róis, ar tháinig an ‘Caoine’ draíochta s’aici amach ag barr an liosta sa rannóg Amhrán na Bliana.

An Ciarraíoch beannaithe, Súil Amháin, in éineacht leis an léiritheoir Bantum, a thóg leo Albam na Bliana dá saothar athPHORT agus ba iad cailíní Ráth Chairn, An Chéad Ghlúin Eile, a bhuaigh Albam na Bliana – Amhráin Thraidisiúnta do Cá’il an bheirt?.

Grianghraf: An Chéad Ghlúin Eile, deirfiúracha Étáin agus Máire Ní Churraoin, ag glacadh le ‘Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta). (Creidmheas: John Tracey)

Is é Macdara Ó Faoláin Nuatheachtaí na Bliana 2025 – gradam atá ainmnithe in ómós don laoch Rónán Mac Aodha Bhuí – agus bhí iníon Rónáin, Fionnuala, i láthair arís leis an duais a bhronnadh.

Agus is chuig Ard Mhacha Theas agus Piaras Ó Lorcáin a chuaigh an gradam Ceoltóir na Bliana, an chéad uair a bhí aitheantas ar leith ann do thaibheoirí aonair.

Cuireadh casadh sa scéal i dtreo dheireadh na hoíche agus Banna na Bliana á bhronnadh ar Kneecap, nach raibh i láthair, mar léim an rapálaí as Conamara, Ribe Róibéis, ar an ardán leis an ghradam a ghoid.

Grianghraf: Ribe Róibéis ar an ardán ag deireadh na hoíche. (Creidmheas: John Tracey)

Agus a aghaidh clúdaithe go rúnda le masc luachra, thug sé óráid ghasta ghreannmhar uaidh faoina chuid gaiscí féin sular léim den stáitse arís agus an duais ina ghlac aige!

Beidh le feiceáil cén freagra a bheidh ag buachaillí Bhéal Feirste ar gheáitsí Ribe.

Ba é an duine a bhunaigh NÓS é féin agus na Gradaim, Tomaí Rua, a bhí ina fhear an tí agus bhí Conor Torbóid, eagarthóir na hirise, ina measc siúd a bhronn na gradaim. In éineacht leis bhí triúr Caoimhe – Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail, Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail agus Caoimhe Ní Chonaill – Dónall Mac Ruairí, Cúán de Búrca agus Eoin P. Ó Murchú.

Grianghraf: Fionnuala Nic Aodha Bhuí, iníon le Rónán Mac Aodha Bhuí, ag bronnadh Ghradam na Nuatheachtaithe. (Creidmheas: John Tracey)

Chomh maith leis na 9 ngradam a bronnadh chuir Aoife Welby agus a céile Declan tús aoibhinn binn leis an ócáid sular bhain The Shan Vans croitheadh ceart as an ionad le seit spleodrach.

Chuir na draoithe ceoil Clare Sands agus Seosamh Mac, i gcuideachta a dhaoine maithe féin, an slua faoi gheasa agus ba é Caoimhín a chuir críoch leictreach leis an oíche lena nua-thrad ó neamh.

Ba mhaith le foireann NÓS buíochas a ghabháil leis na ceoltóirí ar fad, leo siúd ar fad a chuidigh leis na Gradaim a eagrú agus le gach duine a bhí i láthair.

Coinnímis lasta í agus feicfidh muid ag Gradaim NÓS 2026 sibh…. an Gaelcheol abú!

 

The post Gradaim NÓS 2025: 4 dhuais ag Kneecap ach a ndúshlán tugtha ag Ribe Róibéis! appeared first on NÓS.

Níos mó