Tá irisleabhar nua dátheangach ‘do ghlúin Kneecap’ a bhfuil sé mar aidhm aige “daoine a spreagadh le hathcheangal leis an nGaeilge” ar fáil ar líne anois. Is í an múinteoir bunscoile Beth McCooe, as Ard Mhacha ó dhúchas, a bhunaigh Glór Nua atá ar fáil ón tseachtain seo.
Dúirt McCooe le Tuairisc go bhfuil a “croí istigh sa Ghaeilge” agus gur breá léi daoine a spreagadh an teanga a úsáid agus a fhoghlaim.
“Tháinig an inspioráid don irisleabhar ó líon na ndaoine óga a bhí ag iarraidh athcheangal leis an teanga tar éis Kneecap. Bhí go leor daoine ag cur ceisteanna orm faoin Ghaeilge, agus iad ag iarraidh rudaí nua-aimseartha Gaeilge cosúil le Kneecap a aimsiú. Shíl mé go bhféadfainn féin rud mar sin a chur ar fáil agus thosaigh mé ag déanamh an irisleabhair.
“Thosaigh mé ag obair air mí ó shin, is irisleabhar dátheangach atá ann. Níl oiliúint agam sa dearadh grafach ná san iriseoireacht ach tá an-suim agam sa teanga agus is múinteoir bunscoile mé. Nuair a bhíonn mé ag teagasc dearaim agus déanaim go leor áiseanna agus cabhraíonn na scileanna sin le Glór Nua a chur le chéile,” a dúirt sí.
Is í McCooe féin atá i mbun na hoibre uilig ar an irisleabhar nua – idir scríobh, eagarthóireacht, agus dearadh. Dúirt sí go mbeidh an iris nua “dírithe ar fhoghlaimeoirí agus ar Ghaeilgeoir de gach leibhéal” agus go mbeidh eolas inti faoi “rudaí nua atá ag teacht amach, ceol, scannáin, leabhair Ghaeilge” agus eile.
“Clúdófar imeachtaí atá ag tarlú ar fud na tíre agus beidh club leabhar ann. Beidh ailt faoi chúrsaí ceoil agus scannán ann, agus léirmheasanna ar leabhair. Beidh agallamh ann le daoine atá díograiseach faoin teanga agus le cruthaitheoirí ábhar a bhíonn ag úsáid na Gaeilge.
“Beidh ‘Gaeilgeoir na Míosa’ againn agus eolas faoi sheanfhocail agus an dóigh le hiad a úsáid. Tá mé ag iarraidh an teanga a chur chun cinn agus daoine a spreagadh chun í a úsáid,” a dúirt sí.
Is ar líne, ar an suíomh idirlín glornua.com, agus ar na meáin shóisialta a bheifear in ann teacht ar Glór Nua ar dtús, ach deir McCooe gur mhaith léi eagrán clóite a chur ar fáil amach anseo.
“Faoi láthair, beidh Glór Nua ar fáil go digiteach go príomha. Beidh eagráin mhíosúla ar fáil ar an suíomh idirlín, agus beidh ailt agus gluais ar na meáin shóisialta, ach tá súil agam sa todhchaí go mbeidh mé ábalta eagrán clóite a thabhairt amach.
“Tá thart faoi 30 leathanach ann, agus thart faoi sé cinn acu sin ina ngluais. Beifear ábalta dul tríd mar a bheadh irisleabhar páipéir ann, agus beifear in ann é a íoslódáil. Tá sé lán dathanna geala agus é dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh athcheangal a dhéanamh leis an teanga.”
Is cuma cén aois atá duine, beidh siad ábalta taitneamh a bhaint as, dar léi.
“Tá gach rud a bhaineann leis an phobal atá ag tarlú fud fad na tíre ann. Tá rudaí as na Sé Chontae ann, sílim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil rudaí as na Sé Chontae ann ó tharla gur as na Sé Chontae dom féin!” a dúirt sí.
Dúirt McCooe gur “cuma má tá duine líofa nó nach bhfuil ach an cúpla focal a bheith acu” ach go mbeidh ábhar ann do chainteoirí líofa agus do dhaoine nach bhfuil uathu ach nathanna cainte agus focail bhunúsacha a fhoghlaim.