Bhí breis is 9.700 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta faoi dheireadh 2024.
Glanmhéadú 217 post ó thús na bliana a bhí i gceist ansin, de réir Ráiteas Deireadh Bliana 2024 na heagraíochta, a foilsíodh inniu.
Níl aon bhriseadh síos tugtha ag an Údarás maidir le cé mhéad den 9,743 post ar fad a bhí lánaimseartha agus cén líon a bhí páirtaimseartha.
Tháinig méadú ar líon na bhfostaithe i bhformhór na gcontaetha Gaeltachta ach laghdú a bhí i gceist i nDún na nGall agus i gCiarraí.
2,647 fostaí ar fad a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall faoi dheireadh 2024, glanlaghdú 93 post ó 2,740 post an bhliain roimhe. Fágann sin go bhfuil glanlaghdú 4% tagtha ar líon na bhfostaithe i gcomhlachtaí de chuid an Údaráis i nDún na nGall ó dheireadh 2022.
Deirtear sa ráiteas go bhfuil súil ann go gcruthóidh roinnt tograí fiontraíochta ar cheadaigh an tÚdarás tacaíocht dóibh breis fostaíochta i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall amach anseo.
Laghdú beag a bhí i gceist i gCiarraí agus líon na bhfostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ansin tite ó 938 ag deireadh 2023 go dtí 932 ag deireadh na bliana anuraidh.
Bhí an scéal níos dearfaí sna contaetha Gaeltachta eile. Tháinig an glan-ardú is mó i nGaeltacht na Gaillimhe, áit a bhfuil an líon is mó daoine fostaithe i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis. Bhí 3,774 duine fostaithe ag comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás i nGaeltacht na Gaillimhe ag deireadh 2024, glan-ardú 157 post ón mbliain roimhe.
Is ionann sin agus ardú 4%, an t-ardú céanna a bhí i gceist i nGaeltacht na nDéise, áit inar ardaigh líon na bhfostaithe ó 264 in 2023 go dtí 274 in 2024.
Ardú 8% a bhí i gceist i Maigh Eo, áit a bhfuil breis is 1,000 duine fostaithe ag comhlachtaí de chuid an Údaráis.
I gCorcaigh, d’ardaigh líon iomlán na bhfostaithe ó 758 go dtí 819, ardú 8%, agus ardú 6% a bhí i gceist i gcontae na Mí, ó 238 go dtí 253.
Deir an tÚdarás gur cruthaíodh 869 post nua ar fad sna ceantair Ghaeltachta le linn 2024 agus go raibh 200 folúntas ina gcuid cliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana.
Ba í 2024 an bhliain is fearr riamh ó thaobh díolacháin de do chliaintchomhlachtaí an Údaráis, a deirtear sa ráiteas. Díolachán iomlán de €1.098 billiún a bhí i gceist – ardú 4.4% ar 2023 agus méadú 28% i gcomparáid le deich mbliana ó shin. As an méid sin, bhain luach €658 milliún le heaspórtáil, méadú €20 milliún ó 2023.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, gurb í 2024 an bhliain “is rathúla” a bhí ag an eagraíocht riamh agus go rabhthas ag iarraidh tógáil ar an bhfás sin. Ach dúirt sé freisin go bhféadfaí go mbeadh “farraigí arda romhainn amach agus eachtraí corraitheacha ag imirt tionchair ar mhargaí agus ar chúrsaí eacnamaíochta go hidirnáisiúnta”.
Luaigh Ó Síocháin an ghéarchéim dúirt go raibh sé “ina bhac” ar fhorbairt na Gaeltachta.
“Cé go bhfuil forbairt shuntasach déanta sna ceantair Ghaeltachta, tá an easpa tithíochta inacmhainne ina bhac ar fhás agus ar fhorbairt na bpobal Gaeltachta, rud atá ag cruthú dúshláin mhóra do na pobail áitiúla. Is chuige sin go bhfuil obair ar bun le pobail na Gaeltachta ar phleananna do thithíocht, áiseanna pobail agus áiseanna fiontraíochta ar bhonn comhtháite ar thalamh Údarás na Gaeltachta,” arsa Ó Síocháin.
Tá cúig shuíomh do thithíocht inacmhainne aitheanta go dtí seo mar cuid de bheartas tithíochta an Údaráis, suíomhanna sa Rinn, ar an gCeathrú Rua, i nGaoth Dobhair agus i gCorca Dhuibhne ina measc.
Luaigh Ó Síocháin freisin an gá le tacaíochtaí bhreis do chomhlachtaí i bhfianaise an damáiste a dhéanann aimsir chorrach i gceantair Ghaeltachta.
“Tuigim go maith go bhfuilimid ag cur an ráitis seo i láthair go gairid i ndiaidh an scrios a rinne Stoirm Éowyn, agus go bhfuil tionchar na stoirme fós le brath i go leor ceantar ar fud na tíre. Léiríonn sé seo an gá atá le seasmhacht seirbhísí sna ceantair Ghaeltachta, chomh maith le hinfheistíocht agus slándáil don bhonneagar chun a chinntiú go mbeidh gnólachtaí in ann leanúint ar aghaidh lena ngnó nuair a tharlaíonn eachtraí aimsire mar seo.”
Maidir leis an bpleanáil teanga, dúradh go raibh airgead faighte do chlár tacaíochta chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus turasóireachta agus maoiniú faighte do chlár eile chun úsáid na Gaeilge a chothú agus a spreagadh i measc fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis.
Dúradh gur infheistíodh níos mó ná €7 milliún i bhforbairt pobail in 2024 agus gur tugadh €3.9 milliún de sin mar dheontais oibriúcháin do 33 eagraíocht forbartha pobail sna ceantair Ghaeltachta.