Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
muintir-chonamara-fagtha-i-gcas-‘bas-no-beatha’-ag-drochaimsir

Muintir Chonamara fágtha i gcás ‘bás nó beatha’ ag drochaimsir

Dúradh sa Dáil tráthnóna inné gur fágadh daoine i gConamara agus i gceantair tuaithe eile i gcás “bás nó beatha” le linn na Stoirme Éowyn agus cáineadh freagra an rialtais ar an scéal.

Agus í ag labhairt sa Dáil le linn díospóireacht faoin stoirm, dúirt Mairéad Farrell, Teachta Dála do Shinn Féin i nGaillimh Thiar, go raibh “géarchéim sláinte” ann de thoradh na stoirme.

“Tá ceantair i nGaillimh a bhí gan uisce agus atá gan uisce go fóill. Níl leictreachas acu, níl na fóin ghutháin ag obair agus ag leibhéal níos bunúsaí, níl siad in ann glaoch 999 a dhéanamh,” ar sí.

Dúirt sí gur fágadh ionaid sláinte gan leictreachas agus dochtúirí gan bealach le dul i dteagmháil le hospidéil, le siopaí poitigéara ná le duine ar bith “sa saol mór”.

Dúirt Farrell go gcaithfí gineadóir agus fón satailíte a chur ar fáil d’ionaid sláinte agus gineadóirí a chur ar fáil do stáisiúin chaidéalaithe uisce chomh maith chun a chinntiú go mbeadh bunseirbhísí ar fáil do dhaoine faoin tuath. Dúirt sí go gcaithfí liosta a chur le chéile chomh maith de dhaoine leochaileacha chun go mbeadh a fhios cé uaidh is mó ar theastaigh cabhair.

“Ní hé seo an chéad uair gur tharla sé seo i gConamara. Tharla sé díreach dhá mhí ó shin. Tá daoine bréan de. Tuigeann siad go dtarlóidh sé arís agus go bhfuil siad scartha amach ó chuile dhuine eile. Níl siad in aice leis an gcathair, níl siad in aice leis na bunseirbhísí,” a dúirt Farrell.

“Cuirim fáilte roimh dhíospóireacht an lae inniu ach ba cheart go mbeadh sí tarlaithe an tseachtain seo caite agus níl amhras ar bith orm dá mbeadh sé seo tarlaithe i mBaile Átha Cliath, bheadh an Dáil fillte ar bhonn práinne an tseachtain seo caite agus tá sé náireach nár fhill.”

Agus é ag labhairt mar Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta den chéad uair, dúirt Dara Calleary gur chas sé le grúpaí pobail i gConamara, in Árainn agus i Maigh Eo le seachtain anuas chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh agus chun buíochas a ghabháil leo as an obair a rinneadh chun teacht i gcabhair ar mhuintir na háite.

“Mothaíonn daoine atá ina gcónaí sna ceantair tuaithe seo leochaileach i ndiaidh eachtraí aimsire mar seo. Is gá é sin a aithint. Is gá tacú le fostaíocht agus seirbhísí a choinneáil sna ceantair Ghaeltachta seo agus a chinntiú go mbeidh daoine in ann a ngnó a dhéanamh in ainneoin drochaimsire.

“Is gá infreastruchtúr tuaithe níos láidre sna ceantair seo a fhorbairt sa tréimhse amach romhainn agus beidh mise ag cur béim air sin le linn mo théarma mar Aire na Gaeltachta,” a dúirt Calleary.

Dúirt Calleary go raibh an rialtas ar a míle dícheall ag iarraidh gineadóirí a fháil, go háirithe do na hoileáin agus do phobail na tuaithe agus gur chreid sé go láidir gur chóir gineadóirí a bheith ar fáil le cuidiú le pobail nuair a thagann drochaimsir mar seo.

“Cé nach raibh leithéid [Stoirm] Éowyn…againn roimhe seo, tiocfaidh a leithéid arís agus caithfimid a bheith ag ullmhú di.”

“Caithfimid foghlaim ón ngábh seo agus pleananna tarrthála is téarnaimh don todhchaí a fheabhsú agus ceachtanna a fhoghlaim óna bhfuil feicthe againn ó stoirm Éowyn. Ní mór a chinntiú go bhfoghlaimítear na ceachtanna sin, go gcuirtear athruithe i bhfeidhm agus go mbeimid ina ann déileáil le rud nach raibh againn cheana ach a d’fhéadfadh a bheith romhainn níos rialta amach anseo.”

Rinne an Teachta Rose Conway-Walsh ó Shinn Féin comhghairdeachas leis an Aire Calleary as a cheapachán agus dúirt go raibh go leor le déanamh aige le cúpla seachtain anuas. Dúirt sí nach raibh freagairt an rialtais ar an stoirm sách maith, áfach, agus dúirt sí nár thuig sí cén fáth nár tugadh an tArm isteach chun cúnamh a thabhairt.

Bhí na Teachtaí Dála John Connolly (Fianna Fáil), Conor McGuinness (Sinn Féin) agus Barry Ward (Fine Gael) i measc na dTeachtaí a rinne a gcéad píosaí cainte sa Dáil le linn na díospóireachta agus i nGaeilge a thosaigh an triúr.

Dúirt Connolly, Teachta do Ghaillimh Thiar, gur trua leis gur faoin ábhar áirithe seo a bhí an chéad deis aige labhairt sa Dáil ach gur scéal tábhachtach a bhí ann do phobal a thoghcheantair, go háirithe agus Conamara buailte níos measa ag stoirmeacha agus ag an athrú aeráide ná go leor ceantair eile sa tír, dar leis.

Dúirt an tAire Tithíochta James Browne go raibh Stoirm Éowyn ar “cheann de na stoirmeacha ba chontúirtí agus ba dhíobhálaí le cuimhne na ndaoine” agus go dtabharfaidh an rialtas faoi “athbhreithniú córasach ar na bealaí comhordaithe ar déileáladh le Éowyn” agus go gcuirfear sin faoi bhráid tascfhórsa an rialtais don Phleanála Éigeandála.

Dúirt an tAire Fuinnimh Darragh O’Brien go raibh breis is 3,000 cuaille leictreachas nua crochta ag an ESB le cúpla seachtain anuas agus 900km de shreang nua crochta chomh maith.

Níos mó