Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
saru-aire-na-gaeltachta-ar-acht-na-dteangacha-‘a-bhreithniu’-ag-an-gcoimisineir-teanga

Sárú Aire na Gaeltachta ar Acht na dTeangacha ‘á bhreithniú’ ag an gCoimisinéir Teanga

| Padraic O Ciardha | ,

Bhí Aire na Gaeltachta le dátaí a leagan síos do spriocanna reachtaíochta mí na Nollag ach cailleadh an sprioc sin agus níl aon fhógra déanta ag an Aire ná ag Roinn na Gaeltachta ó shin

Sárú Aire na Gaeltachta ar Acht na dTeangacha ‘á bhreithniú’ ag an gCoimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil “breithniú” á dhéanamh aige ar shárú atá déanta ag an Rialtas ar an reachtaíocht teanga.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ba ghá d’Aire na Gaeltachta dáta a roghnú beagnach dhá mhí ó shin faoi cén uair a chuirfear gach seirbhís phoiblí ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht ach tá teipthe air sin a dhéanamh go fóill.

Faoin reachtaíocht, leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí agus ranna stáit a chinntiú go mbeidh a gcuid seirbhísí go léir i nGaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Chomh maith leis sin leagtar dualgas ar oifigí comhlachtaí poiblí a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga na hoifige acu.

Bhí Aire na Gaeltachta le dátaí a leagan síos do na spriocanna sin mí na Nollag, trí mhí ón dáta a ndearnadh an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a chur faoi bhráid an Rialtais, ach níor cloíodh leis an sprioc sin agus níl aon fhógra déanta ag an Aire ná ag Roinn na Gaeltachta ó shin.

Nuair a d’ifhiafraigh Tuairisc d’Oifig an Choimisinéara Teanga, Séamus Ó Concheanainn, an raibh an scéal á fhiosrú aige leis an Roinn nó an rabhthas buartha go raibh an dlí teanga sáraithe ag an Rialtas, dúradh go raibh an cás “á bhreithniú i láthair na huaire”.

“Déantar tráchtaireacht ar aon ábhar buartha nó sárú maidir le feidhmiú na reachtaíochta teanga trí fheidhmeanna tráchtaireachta agus tuairiscithe an Choimisinéara Teanga,” a dúirt urlabhraí.

Dúradh go raibh tráchtaireacht déanta ag an gCoimisinéir Teanga roimhe seo “ar an mbunriachtanas go dtabharfaí lánfheidhm d’fhorálacha uile Acht na dTeangacha Oifigiúla” agus go raibh tráchtaireacht leagtha aige faoi bhráid Aire na Gaeltachta le gairid maidir le hobair an Choiste Chomhairligh atá ag stiúradh forbairt an Phlean Náisiúnta do Sheirbhís Phoiblí i nGaeilge.

“Tá béim ar leith leagtha sa tráchtaireacht sin ar an tábhacht a bhaineann le soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge laistigh den Ghaeltacht agus tríd an mbonneagar pleanála teanga go náisiúnta, ar mhaithe le dul i ngleic leis na bearnaí reatha i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge,” a dúradh.

“Tá soláthar seirbhísí sa Ghaeltacht, córas nua na gcaighdeán teanga agus forbairt molchampais seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht fite fuaite ina chéile le go dtiocfaidh feabhas ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.”

Lorg Tuairisc soiléiriú maidir leis an scéal ó Roinn na Gaeltachta faoi dhó ach níor tugadh aon fhreagra faoi cheist na ndátaí ná aon mhíniú ar céard is cúis leis an moill.

Foilsíodh an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge mí Dheireadh Fómhair seo caite agus deir an Roinn go bhfuil sé i gceist an chéad phlean gníomhaíochta ata beartaithe mar chuid den phlean “a fhoilsiú sa chúpla mí amach romhainn tar éis é a bheith curtha faoi bhráid an Rialtais”.

Rinneadh scéal na seirbhísí agus na n-oifigí Gaeltachta a phlé fómhar na bliana seo caite ag cruinniú den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, an dream a chuir an Plean Náisiúnta i dtoll a chéile.

Dúradh ag an gcruinniú sin go ndearnadh iarracht na hoifigí agus na seirbhísí a thiocfadh faoi scáth na reachtaíochta a aithint sa taighde a rinneadh don Phlean Náisiúnta. Dúradh gur pléadh na spriocdhátaí a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith. Ach measadh go mbeadh “gá le tuilleadh comhairliúcháin leis na comhlachtaí poiblí faoin ábhar”.

Níos mó