Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘taim-ag-glacadh-leis-go-bhfuil-mo-bhaile-scriosta-agus-nach-mbeimid-ag-filleadh-air-go-deo-aris’

‘Táim ag glacadh leis go bhfuil mo bhaile scriosta agus nach mbeimid ag filleadh air go deo arís’

“Ar dtús mhothaigh mé fearg agus fuath. Ansin frustrachas agus ansin mothú ar nós go raibh mé caillte. Agus anois déarfainn mé go bhfuil mé tar éis glacadh leis go bhfuil an baile scriosta agus nach mbeimid ag filleadh go deo arís air.”

Olena Kuznietsova, teifeach as Kurakhova i gcúige Donetsk sa Donbas atá ina cónaí i gcontae Chorcaí atá ag caint liom. Roimh an gcogadh seo, thugadh Olena agus a teaghlach cainteoirí Rúisise orthu féin ach ní dhéanfadh sí sin anois. Labhair mé léi cheana do Tuairisc i Deireadh Fómhair 2023. Bhí a baile Kurakhova gar don líne thosaigh ag tús an chogaidh in 2014.

Ach fiú ag deireadh 2023, nach mór dhá bhliain tar éis tús an mhórionraidh, bhí ag teip i gcónaí ar iarrachtaí na Rúise Kurakhova a ghabháil. Ar deireadh ghabh an Rúis an baile ag deireadh na bliana seo caite. Bhí spéis agam labhairt le Olena arís le fáil amach conas mar a mhothaigh sí faoi seo agus cad a tharla dá fear céile a bhí ag obair sa stáisiún cumhachta sa bhaile.

Deir Olena gur scriosadh leath na bhfoirgneamh sa bhaile agus go ndearnadh damáiste don leath eile. Maraíodh i gceann de na hionsaithe airtléire iarchomhghleacaí léi agus príomhoide na scoile ar ar fhreastail a hiníon. Deir Olena nach bhfuil aon teas ag muintir an bhaile anois mar go bhfuil an stáisiún cumhachta scriosta go hiomlán. Is gnáthrud é san Úcráin go mbíonn córas teas lárnach ceantair ann. Glacann sí leis nach bhfuil aon uisce reatha ann mar go bhfuil ‘a lán de na caidéil scriosta’. Bhí 30,000 duine ina gcónaí sa bhaile roimh an mórionradh ach tuigtear di nár fhan ach b’fhéidir 200 nó 300 ann. “Chomh fada agus is eol dom cónaíonn siad in íoslaigh agus déanann siad cócaireacht ar thinte.”

Thuairiscigh nuachtán san Úcráin le déanaí go bhfuil roinnt de na daoine a aslonnaíodh ag filleadh ar na críocha gafa mar gheall ar bhochtanas agus deacrachtaí íoc as lóistín, ach níl aon fhigiúirí cruinne ar fáil agus is ceist leochaileach í san Úcráin. Deir Olena, áfach, nach bhféadfadh sí filleadh agus fórsaí na Rúise i seilbh a bhaile. “Ní bheinn ábalta maireachtáil taobh le daoine atá tar éis an saol a bhí againn a scriosadh agus breathnú orthu gach lá agus gan a bheith ábalta a rá, ‘Is ainmhithe sibh agus tá sibh as bhur meabhair agus an dtuigeann sibh gur scrios sibh saol daoine’?” Deir sí go mbeadh sé dainséarach labhairt amach mar sin agus go gcuirfeadh sé a beatha i mbaol.

Pé scéal é, is turas fada achrannach agus costasach é taisteal idir na críocha gafa san Úcráin agus an chuid eile den tír. Ní féidir le sibhialtaigh na línte tosaigh a thrasnú. Úsáidtear dhá phríomhbhealach. Is féidir taisteal tríd an Bhealarúis go Moscó agus ansin ar aghaidh chuig na críocha gafa nó is féidir eitilt go dtí an Tuirc, dul as sin go Moscó agus ar aghaidh uaidh sin.

Ach déanann údaráis na Rúise grinnscrúdú ar aon Úcránach a bhíonn ag iarraidh filleadh abhaile agus ní scaoiltear gach éinne isteach. Insíonn Olena dom faoi lánúin a bhfuil aithne aici orthu gur tugadh cead isteach don fhear ach nár tugadh cead don bhean nuair a shroich siad Moscó.

“Thóg siad a fón agus bhreathnaigh siad ar a teagmhálacha agus níor thaitin rud éigin leo – ní raibh a fhios aici cén rud – agus níor scaoil siad tríd í agus chuir siad cosc iontrála caoga bliain uirthi. Agus bhí an fear céile i sáinn. D’fhiafraigh sé díobh ar chóir dó dul ar ais lena bhean chéile nó ar chóir dó dul chuig a pháistí a raibh cónaí orthu san Rúis?

Ba mhaith le Olena cuairt a thabhairt ar uaigheanna a muintire. Fuair a hathair bás leathbhliain sular thosaigh an mórionradh agus ní raibh leac curtha ar an uaigh. Ach mar gheall ar scéalta ar nós scéal na lánúine sin, ní cheapann sí go mbeidh an méid sin féin indéanta. “Bheadh baol rómhór ag baint leis an airgead sin ar fad a chaitheamh, agus i gcomhair cén rud? Go bhfeicfinn an t-aerfort i Moscó agus go gcuirfí ar ais mé?”

Tá dlí curtha i bhfeidhm ag an Rúis a thugann cead don rialtas seilbh gan chúiteamh a ghlacadh ar thithe agus ar mhaoin daoine atá aslonnaithe, leithéidí Olena. Nuair a fhiafraím di conas a mhothaíonn sí faoi seo deir sí go bhfuil mothú déjà vu aici. Chaill a muintir a gcuid airgid sna bainc nuair a chlis ar an Aontas Sóivéadach. Roimhe sin ag tús an 20ú aois ghlac na Cumannaigh seilbh ar a maoin. Bhain siad leis an aicme ar thug na Cumannaigh na Kulaki orthu agus d’fhógair Stalin gurbh iad ‘naimhde an phobail’ iad. Deir Olena gurbh “í an Rúis oidhre na gCumannach agus iad ag gabháil maoine arís”.

Maidir lena fear céile a bhí ag obair sa stáisiún cumhachta i Kurakhova d’fhág sé féin agus a mháthair an baile sular ghabh na Rúisigh é. Cuireadh é go stáisiún cumhachta in iarthar na tíre i mbaile darb ainm Burshtyn agus chuaigh a mháthair leis. Thug Olena agus a hiníon cuairt ar an Úcráin i mí na Samhna 2023 mar go raibh máthair Olena go dona tinn – bhí ailse uirthi agus bhí fadhb lena hinchinn. Thug Olena a máthair ar ais go hÉirinn léi agus bhí sceanairt inchinne aici anuraidh agus tá cóir leighis á fáil aici don ailse. Tá feabhas mór uirthi agus deir Olena go bhfuil sí thar a bheith buíoch den tír seo. Tá súil aici go mairfidh a máthair “go dtí go mbeidh an cogadh thart ionas gur féidir lenár dteaghlach ar fad a bheith le chéile arís”.

‘Is cuma leo faoi dhaoine, is cuma leo faoi Rúisigh ná faoi Úcránaigh’

Tá muintir na hÚcráine ag teacht gar don cheathrú bliain den mhórionradh agus cé go raibh roinnt buanna móra acu sa chéad bhliain den chogadh tá a ndóchas tráite anois gur féidir leo na críocha gafa a athghabháil. Tá rialtas Donald Trump ag rá go soiléir nach bhfuil sé réalaíoch go bhfaigheadh an Úcráin na críocha sin ar ais i socrú síochána. An uair dheireanach ar labhair mé le hOlena bhí sí go hiomlán i gcoinne tailte a ghéilleadh don Rúis. An bhfuil aon athrú ar a dearcadh, go háirithe agus a baile féin gafa ag na Rúisigh?

“Tá mé i gcoinne críocha a ghéilleadh don Rúis ach is é fírinne an scéil nach féidir linn na críocha seo a ghabháil ar ais lenár bhfórsaí. Ní féidir liom a éileamh go bhfaigheadh duine éigin eile bás chun na críocha seo a athghabháil.”

Deir Olena, áfach, gur ceist eile an gcabhróidh sé le cúrsaí na críocha a ghéilleadh agus an sásóidh sé Putin.

“Dúirt mé leat an uair dheireanach agus deirim arís anois é – dar liomsa ní shásóidh sé é. Má fhaigheann sé na críocha seo anois éileoidh sé níos mó.

“Measaim go bhfuil sé cinnte go bhfuil sé ag buachan agus go mbeidh sé ábalta an tAontas Sóivéadach a thabhairt ar ais amach anseo agus ní hamháin an tAontas Sóivéadach ach na tíortha a bhí faoi smacht an Aontais Shóivéadaigh – an tSeicslóvaic, an Ungáir, an Rómáin, an Mholdóiv – oirthear na hEorpa ar fad a bheag nó a mór. Sin an fáth nach gcabhróidh sé le cúrsaí na críocha sin a thabhairt dó. Táim cinnte de sin.”

Tá Olena feargach le Meiriceá mar go síleann sí go ndearnadh feall ar an Úcráin le Meamram Budapest i 1994. De réir an chomhaontaithe sin, thug an Úcráin suas a n-airm núicléacha ar mhaithe le barántais ón Rúis, Meiriceá agus an Bhreatain faoi neamhspleáchas agus teorainneacha na hÚcráine. Is léir ó 2014, nuair a ghabh an Rúis an Chrimé agus cuid d’oirthear na hÚcráine, nárbh fhiú tada na barántais sin. Mothaíonn Olena nach beart stuama a bhí ann ag rialtas na hÚcráine glacadh leis an socrú sin, ach tá sí feargach freisin le Meiriceá faoi.

“Ba chéim an-mhór a bhí ann dúinn ár n-airm núicléacha a thabhairt suas agus measaim gur thuig Meiriceá é sin agus thóg siad ár n-airm núicléacha agus níor thug siad tada dúinn go praiticiúil mar is léir anois nach barántas slándála a bhí sa chonradh sin.”

Aontaíonn sí leis an Uachtarán Vlodymyr Zelensky go gcaithfidh barántas slándála láidir a bheith mar chuid d’aon socrú síochána, ach tá amhras uirthi tar éis ar tharla le socrú Budapest an féidir muinín céad faoin gcéad a chur i mbarántas ar bith dá leithéid.

Mar sin an bhfuil sí gan dóchas?“Measaim go bhfuil dóchas againn ar fad fiú nuair atá an chuma ar an scéal go bhfuil gach rud caillte. Bíonn dóchas againn fós go domhain inár gcroíthe. Ach anois déanaim iarracht m’aird a dhíriú ar m’iníon agus mo mháthair. Táim freagrach astu beirt. Agus na cinntí a ghlacfaidh mé braithfidh siad ar a leas siúd. Caithfidh muid socrú síos áit éigin agus tús a chur le saol nua.”

Níos mó