Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
thainig-an-eite-chle-le-cheile,-ach-caithfidh-siad-fanacht-le-cheile

Tháinig an eite chlé le chéile, ach caithfidh siad fanacht le chéile

| Eoin O Murchu | ,

Má cheap an rialtas gur cleas glic ab ea socrú rialtais a aontú le grúpa Michael Lowry agus ansin am cainte de chuid an fhreasúra a thabhairt dóibh, chuaigh an cambheart in abar orthu nuair a tháinig lucht na heite clé ar fad le chéile le cur i gcoinne an phlean.

Is cosúil gur chreid an rialtas go mbeadh Sinn Féin leo féin ag cur i gcoinne bheart an rialtais, agus go mbeadh príomhpháirtí an fhreasúra lagaithe arís tar éis an olltoghcháin, a bhí ina ábhar díomá.

Ach ní mar sin a thit sé amach.  Ina ionad sin, tháinig an eite chlé le chéile agus léirigh siad fírinne an tseanfhocail: ní neart go cur le chéile.

Ó am go chéile bíonn caint ann faoi aontas ar an eite chlé, ach róláidir i gcónaí a bhíonn na difríochtaí idé-eolaíochta, an éagsúlacht ó thaobh straitéise, an easpa muiníne ina chéile, an dianiomaíocht do vótaí agus, fiú, naimhdeas.

Éacht mar sin a rinne an rialtas an eite chlé a aontú an uair seo, ach an seasfaidh an t-aontas agus an féidir tógáil air?

Ní míniú ar thoradh an toghcháin teip na eite clé teacht le chéile, ach chuir sé sé leis an tuiscint nach bhféadfaí móramh a  bhaint amach do rialtas faoi cheannas Shinn Féin.

Bhí Pobal seachas Brabús ag rá go dtacóidís le rialtas Shinn Féin, bhí na Daonlathaithe Sóisialta ciúin go maith faoin scéal, ach léirigh Ivana Bacik is Páirtí an Lucht Oibre a naimhdeas go hoscailte.

Ar an taobh eile den scéal, ámh, tá amhras mór faoi Pháirtí an Lucht Oibre i measc gníomhaithe ar an eite chlé i gcoitinne, mar gheall ar ról an pháirtí sa rialtas idir 2011-2016.

Cé gur labhair an páirtí roimh ré faoi rogha a bheith idir bealach Pháirtí an Lucht Oibre nó bealach Frankfurt (sé sin na baincéirí Eorpacha), nuair a bhí siad i rialtas rinne siad dearmad ar gcuid gealltanas is bhrúigh siad déine ar an bpobal go neamhthrócaireach.

Is beag muinín go deimhin atá ag daoine as an bpáirtí mar gheall air sin is mar gheall ar a rannpháirtíocht, arís is arís eile, i rialtais Fhine Gael. Ach, mar gheall ar a nasc le cuid de ghluaiseacht na gceardchumann, is cuid den eite chlé iad mar sin féin.

Níl an oiread sin muiníne ag daoine as  an gComhaontas Glas ach oiread. Ní léir go dtuigeann na Glasaigh gur chaill siad vótaí toisc go raibh cuid mhaith dá lucht leanúna buartha faoi chúrsaí sóisialta is eacnamaíochta chomh maith le bheith buartha faoin chúrsaí timpeallachta agus cúrsaí aeráide. Má dhiúltaíonn na Glasaigh glacadh leis an bhfírinne sin, agus a gcuid polasaithe a athrú dá bharr, tá sé deacair a fheiceáil cén chaoi go dtiocfaidh feabhas orthu.

Má tá aontas ar an eite chlé le cur le chéile beidh sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar an easpa muiníne sin. Is léir nach mbeidh sé sin éasca.

Is é Sinn Féin an páirtí is mó sa bhfreasúra, agus mar sin is orthu atá an  dualgas mór maidir le haontas ar an eite chlé le baint amach.  Caithfidh guth aontaithe a bheith ag na trí mhórpháirtí ar a laghad agus caithfidh siad a bpolasaithe a chur in oiriúint dá chéile agus straitéis a oibriú amach le tabhairt faoin rialtas.

Tá difear an-mhór eatarthu ar ndóigh faoi cheist an Tuaiscirt.  Teastaíonn ó Shinn Féin dlús a chur faoin éileamh go mbeadh reifreann ann faoin teorainn, ach is cosúil go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre níos mó i gcoinne athaontú na tíre ná aon pháirtí eile sa Dáil, fiú Micheál Martin.

Beidh sé riachtanach an scéal tábhachtach sin a láimhseáil taobh amuigh d’aon straitéis aontaithe ar an eite chlé.

Ach tá a lán nithe eile nach bhfuil an oiread sin idir na páirtithe fúthu – tithíocht, sláinte, polasaithe ciallmhara faoin aeráid, riachtanais shóisialta is eile.

Tá rud níos tábhachtaí ann ná díreach aontú idir na páirtithe, áfach.  Caithfidh ceardchumainn is ceardchumannaithe, lucht eagraíochtaí pobail is lucht agóide a bheith páirteach ann.  Thabharfadh an rannpháirtíocht seo bunús láidir don aontú ar an eite chlé.

Ar ndóigh, tá leagan eile d’aontú na heite clé i gceist ag bunaíocht an stáit, agus cloistear go minic faoi sna meáin mhóra.  Sé sin, gur chóir do Pháirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta aontú mar pháirtí amháin agus an chuid eile a fhágáil as.

Is é atá i gceist leis seo ná filleadh ar an seanchóras dhá pháirtí go leith.  Ach ní oibreoidh sé.

Tá na Daonlathaithe Sóisialta róchiallmhar chun iad féin a sháinniú sa bpuiteach, is tá Sinn Féin róláidir le gur féidir neamhaird a dhéanamh de.

Ar deireadh thiar, cé acu fíor-aontú na heite clé ar fad atá ag teastáil, nó Páirtí an Lucht Oibre a fhágáil leis féin taobh amuigh den chomhghuaillíocht?

Níos mó