
Agallamh thar a bheith suarach le Cailín Gránna!
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia, d’eisigh Mumbro Top togra speisialta a dhéanann scigaithris ar Mean Girls (2004). 21 bliain ó cuireadh an scannán amach den chéad uair a bhí ann ag tús na bliana. Spreag an scannán, a scríobh Tina Fey agus ina raibh Lindsay Lohan agus Rachel McAdams sna príomhpháirteanna, an dara scannán in 2011 (nach raibh leath den rath chéanna air), ceoldráma ar Broadway in 2018, agus scannán eile bunaithe ar an cheoldráma a tháinig amach in 2024 le Reneé Rapp.
I mbliana, tá leagan eile nua bronnta orainn ag na Déithe Gaelacha – an t-am seo i nGaeilge! Cruinníonn Na Cailíní Gránna aghaidheanna aitheanta ó gach cearn den Ghaelsféar le chéile fá choinne ceiliúradh suarach sotalach. Agus tá cara mór dár gcuid, Hilary Bowen-Walsh, a scríobh, a stiúir, agus a léirigh an scigaithris, anseo leis an togra a phlé.
Conor Torbóid: Cad é a spreag thú scigaithris a dhéanamh ar Mean Girls agus cén fáth anois?
Hilary Bowen-Walsh: Rinne mé leagan Gaeilge de Na Cailíní Gránna blianta fada ó shin nuair a bhí mé i mo reachtaire ar an Chumann Drámaíocht san ollscoil i gCorcaigh. Bhuaigh muid cúpla duais ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta agus ag Féile na gColáistí leis agus chuaigh sé i bhfeidhm ar an-chuid daoine is cosúil, mé féin san áireamh ar ndóigh. Bhí iarStiúrthóir an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, Seán Ó Morónaigh atá imithe ar shlí na fírinne anois, thar a bheith cineálta linn ag an am. Mar sin de, bhí cur amach agam cheana féin ar an scannán agus is dóigh gur fhan sé liom.
Pléann Mean Girls bulaíocht, ordlathas sóisialta, cumhacht, féiniúlacht agus feiminicheas. Tá na téamaí sin fós an-tráthúil sa lá atá inniu ann. Rith sé liom go bhféadfainn foirm fhísiúil a chruthú leis na Gaeil, le tagairtí do shaol na Gaeilge, agus memes a mhaireann go fóill toisc go bhfuil tionchar láidir ag an scannán ar an gcultúr coiteann fós. Bhí mé ag iarraidh casadh Gaelach a chur ar an scannán cultais seo mar cheiliúradh comóradh bliain is fiche agus chun beocht na teanga a thaispeáint. Is maith liom a bheith ag cur leis an saothar spraíúil atá ar fáil i nGaeilge!
CT: Bhí sé ar fheabhas, an dóigh ar mhúnlaigh sibh script an scannáin lena bheith oiriúnach do na Gaeilge agus na jócanna atá i measc an phobail Ghaelaigh. Is cinnte gur scannán cultais é agus corruair, is féidir leis sin a bheith ina chur as do dhaoine agus iad ag iarraidh gan an oidhreacht a scriosadh, an raibh amhras ar bith oraibh maidir leis an fhreagairt a bheadh air?
HBW: Ní raibh ar bhealach! Bhí mé féin thar a bheith sásta leis an scríbhneoireacht, leis na haisteoirí ar fad, agus an fhoireann taobh thiar den cheamara: Jacek Snochowski, Karol Szarek, Alina Drovnikova, agus Rosie O’Shea ina measc. Ar ndóigh bímse ag iarraidh go dtaitníonn mo thograí le mo thuistí toisc go mbíonn súil ghrinn den scoth acu, agus bhí siadsan an-tógtha leis. B’in an Faoiseamh dom. Seachas sin ní raibh mé ag súil leis an iomarca. Bhí mé ag súil le míle amharc nó mar sin agus anois tá na mílte amharc aige — dochreidte ar fad!
CT: Tá go leor aghaidheanna aitheanta ó shaol na Gaeilge sa ghearrscannán, Eoin P Ó Murchú, Sinéad Ní Uallacháin, Hugh Carr mar shampla. An chéad uair a phléigh muid SKETCHIMÍNÍ leat, luaigh tú go mbíonn éagsúlacht ina sprioc agat agus tú earcú foirne fosta. Cad é mar a bhí an próiseas earcaíochta an iarraidh seo agus cén dóigh ar chinn sibh cén ról a bheadh ag gach duine?
HBW: Bhí mé ag iarraidh éagsúlacht ó shaol na Gaeilge agus saibhreas na teanga ar fud na tíre a thaispeáint. Tá ionadaíocht mar sin tábhachtach domsa. Is linne ar fad an teanga, más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir le cúpla focal thú. Bímse ag plé le pobal na Gaeilge agus ag bualadh le healaíontóirí nua an t-am ar fad. Cuireann sin sceitimíní orm! Ar ndóigh bíonn aithne agam ar dhaoine áirithe agus ansin chuir muid triail aisteoireachta suas ar na meáin do chúpla ról eile. Bhí cliar álainn agus ildánach agam, nach liomsa a bhí an t-ádh!
CT Ar éirigh duine ar bith corrach leis an ról a thug tú dóibh nó an raibh gach duine sásta?
HBW: Ní dóigh liom é. Sa chás go raibh smaoineamh mar sin acu, ní dúirt siad liomsa é. Is dóigh go raibh siad thar a bheith sásta a bheith ag obair liom. Tá mise i mo réalta mór millteanach obviously. Cuir ‘ha ha’ isteach ansin do na léitheoirí!
CT: Ghlac tú féin páirt mar Regina, ar carachtar thar a bheith suarach í. Cad é mar a mhothaigh sé óir ní bhraithim gurb ionann pearsantacht Regina agus do phearsantacht féin? An raibh sé doiligh a bheith ‘gránna’?
HBW: Bíonn tuirse ort a bheith i do chailín álainn an t-am ar fad! Tá níos mó spraoi ag baint leis le bheith ionraic, a bheith i do shlíomadóir. Bíonn fuinneamh iontach ann! Mar a tharla sé, bhí sé i gceist agam ról Lindsay nó ‘Kayleigh’ a dhéanamh, agus go mbeadh Becca Fisher sa ról ‘Regina’. Sin an fáth go bhfuil na tagairtí do Shligeach, mo bhailese sa chaint aici.
Bhí Becca ina platinum blonde nuair a phléigh mé an togra léi i dtús báire, ach d’athraigh sí a cuid gruaige tar éis tamaill agus dúirt m’eagarthóir, Rosie O’Shea, go mbeinnse níos feiliúnaí do ‘Regina’ le mo chuid gruaige féin agus b’fhéidir m’fhuinneamh (‘ha ha’ eile). Bíonn an ceart aici an t-am ar fad, mar sin ghéill mé don ghráin mar dhea! Ghlac Megan O’Malley ansin le ról ‘Kayleigh’ agus tá sise an-chosúil le Lindsay Lohan agus bhí gach rud ina mhargadh!

CT: Tá roinnt tagairtí ann do shaol na Gaeilge i rith an ruda. Cúla Búla, An Dreoilín, scoileanna scairte, agus ar ndóighe, ‘Mumbro Top’. Is breá liom cé chomh cliste agus atá na tagairtí agus an dóigh a n-oireann siad don scige. Tá an mhír ar Oíche Shamhna den chéad scoth, go háirithe nuair a chuir sibh ‘untranslatable pun’ sna fotheidil. Ar chúis éigin, chuir sin go mór leis an ghreann. Inis dúinn giota faoin phróiseas atá agat agus tú ag roghnú na dtagairtí seo.
HBW: Bhí mé ag iarraidh an méid is mó ‘Gaelachas’ mar dhea a thaispeáint. Shocraigh mé tagairtí le jócanna thar a bheith sainiúil do na Gaeil a lua más postaer don phodchraoldadh ‘Beo ar Éigean’ atá sa chulra, nó duine ag léamh NÓS ar líne.
Cineál Easter Eggs a bhí istigh ann freisin le ‘suíomh táirgí’ más maith leat, le hearraí áille ó Mara Duit, Ardán- The National Talent Academies, An Spailpín Fánach, geansaithe Goitse Alpaca, na Gaeil Óga, an Fáinne, agus fiú bus ó Airport Driving School mar a tharla sé! Ní raibh muid urraithe ag éinne nó aon rud ach arís cineál ionadaíochta dóibh siúd a bhí ann. Is deas an rud é a bheith ag tacú leis na Gaeil agus na brandaí Éireannacha sin ar bhealach beag.
CT: Cad é an mhír is greannmhaire nó an mhír is mó sult dar leatsa agus sibh ag taifeadadh?
HBW: Ugh bhuel, tá an-chuid ann idir Eilís Carey ag iarraidh a doirn iomláin a chur ina béal, mé féin ag ithe ime. Ach domsa an ceann is greannmhaire ná Hugh Carr mar phearsa aisteach ‘Eugene’, leantóir dílis a cheannaíonn geansaí Árann agus fáinne cladaigh le bheith ar nós Kayleigh, feiceann muid jóc físúil a chuireann ag gáire mé an t-am ar fad.
Bhí sé iontach a bheith mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia freisin agus an togra a chur amach i measc na n-imeachtaí éagsúla atá ar siúl.
The post Agallamh thar a bheith suarach le Cailín Gránna! appeared first on NÓS.