Bhí cúrsaí ina gcíor thuathail sa Dáil tráthnóna nuair a cuireadh imeachtaí ar athlá go dtí amárach de dheasca an bhabhta aighnis is déanaí faoi chonspóid na gceart cainte.
Cuireadh an Dáil ar fionraí i dtosach, agus ar deireadh thiar thall, nuair a d’fhill na Teachtaí Dála, bhain an Ceann Comhairle leas as a cuid cumhachtaí chun dlús a chur leis an vótáil faoi mholadh an Rialtais maidir le cearta cainte a thabhairt do na neamhspleáigh atá ag tacú leo.
Chuir Verona Murphy cuid de sceideal an lae ar leataobh chun bogadh ar aghaidh go dtí an vótáil. Gníomh ab ea é sin arbh léir gur tháinig sé aniar aduaidh ar dhaoine, agus nuair a lean Teachtaí Dála an fhreasúra den liúireach agus den trasnáil i ndiaidh na vótála, chuir Murphy an teach ar athlá go dtí maidin amárach.
Roimhe sin, chuir an Ceann Comhairle an Dáil ar fionraí tar éis 50 nóiméad clampair agus sáraíochta le linn cheisteanna na gceannairí.
D’achainigh an Ceann Comhairle arís is arís eile ar Theachtaí meas a léiriú uirthi mar chathaoirleach agus dúirt sí gur “náire shaolta” a bhí in iompar na dTeachtaí Dála.
Dúirt sí le Teachtaí Dála an fhreasúra gur “mór an náire iad os comhair an tsaoil mhóir”. ”
Dúirt ceannaire Independent Ireland Michael Collins gurb é “an lá dubh don daonlathas” é. Chuir an Taoiseach Micheál Martin ina leith gur “áibhéil” a bhí ansin agus nach raibh i gceist leis an gconspóid ach “ocht nóiméad ar an Máirt agus ar an gCéadaoin”.
Bhí an freasúra meáite ar chur i gcoinne mholadh an rialtais maidir le ham cainte a thabhairt sa Dáil do na Teachtaí Dála neamhspleácha atá ag tacú leo agus do chúlbhinseoirí an chomhrialtais.
D’éirigh go leor Teachtaí Dála ina seasamh nuair a dhein Verona Murphy iarracht tús a chur le vótáil faoi mholadh an rialtais, agus dhiúltaigh siad suí síos in ainneoin achainí an Cheann Comhairle.
Tá achrann mór ann le tamall faoin moladh cearta cainte a chur ar fáil do Mhichael Lowry agus Teachtaí Dála eile agus tá bac curtha ag an gconspóid ar obair na Dála.
Dúirt leascheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Cian O’Callaghan gur raibh an Dáil ina cíor thuathail ag an Rialtas ar mhaithe le Michael Lowry a shásamh.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur “údar alltachta” an méid a bhí an Rialtas sásta a dhéanamh chun cloí lena “margadh suarach” leis na neamhspleáigh atá ag tacú leo.
Dhiúltaigh an freasúra do mholadh an rialtais seal nua ceisteanna agus freagraí a thabhairt do na neamhspleáigh réigiúnacha agus cúlbhinseoirí an chomhrialtais.
Mhaígh an freasúra go raibh moladh an rialtais ag teacht salach ar shocrú a bhí déanta acu go gcaithfeadh an dá thaobh aon réiteach a chuirfí chun cinn a chomhaontú.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfágfadh an moladh go bhféadfaí tús a chur an tseachtain seo chugainn le hobair na gcoistí Oireachtais. Mhaígh an Taoiseach gur moladh “réasúnta” a bhí ag an rialtas agus chuir sé i leith pháirtithe an fhreasúra go raibh scéal polaitiúil déanta acu den chonspóid agus bac á chur acu ar obair na Dála.
Deir Sinn Féin gurb é bun agus barr an scéil ná nach féidir le Teachtaí Dála a bheith ag tacú leis an rialtas agus ag am céanna a bheith áirithe mar chuid den fhreasúra.
“Chuaigh Fianna Fáil agus Fine Gael siar ar a bhfocal. Ní ghlacfaimid leis,” a dúirt Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin níos luaithe inniu. “Teachtaí Dála de chuid an rialtais iad. Ní féidir leat a bheith sa Rialtas agus sa bhFreasúra ag an am céanna. Sin é.”
Dúirt an Tánaiste Simon Harris go raibh an pobal “á chur amú” ag an bhfreasúra agus gur “áiféis” a bhí ann a mhaíomh gur cath idir an freasúra agus an rialtas a bhí i gceist. Dúirt Harris gurb é fírinne an scéil nach raibh oiread is nóiméad amháin á bhaint d’am cainte an fhreasúra.