Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
an-taoiseach-le-cur-in-iul-do-donald-trump-gur-siochain-‘laidir-is-inmharthana’-a-theastaionn-san-ucrain

An Taoiseach le cur in iúl do Donald Trump gur síocháin ‘láidir is inmharthana’ a theastaíonn san Úcráin

Tuairiscíodh inniu go ndéanfadh an tUachtarán Trump a mhachnamh ar thacaíocht na Stát Aontaithe a chur ar fáil arís don Úcráin dá n-eagrófaí cainteanna síochána agus dá dtabharfaí faoi bhearta a spreagfadh iontaoibh

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go ndéarfadh sé leis an Uachtarán Trump ag a gcruinniú an tseachtain seo chugainn go dteastaíonn socrú síochána san Úcráin ón tír seo, síocháin a bheidh láidir agus inmharthana.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil gur theastaigh socrú síochána san Úcráin ón Uachtarán Trump agus go raibh tuairimí éagsúla ann faoin mbealach leis an tsíocháin sin a bhaint amach.

Inniu dúirt comhairleoir slándála náisiúnta an Tí Bháin, Mike Waltz, go ndéanfadh an tUachtarán Trump a mhachnamh ar thacaíocht na Stát Aontaithe a chur ar fáil arís don Úcráin dá n-eagrófaí cainteanna síochána agus dá dtabharfaí faoi bhearta a spreagfadh iontaoibh.

“Sílim gur féidir linn na comhráite seo a shocrú agus a bheith réidh le tabhairt faoin idirbheartaíocht, agus dáiríre má chuirtear moltaí a chothódh iontaoibh ar an mbord, bheadh an tUachtarán sásta breathnú go grinn arís ar thacaíocht (don Úcráin),” a dúirt Waltz in agallamh le Fox News.

D’ordaigh Trump an sos ó thaobh tacaíochta inné tar éis cruinniú teasaí a bheith aige féin agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Teach Bán an tseachtain seo caite.

Idir an dá linn, d’fhógair stiúrthóir an CIA John Ratcliffe sos maidir le faisnéis a roinnt leis an Úcráin, rud a chuirfidh tuilleadh brú ar an Úcráin géilleadh do chur chuige Trump.

Agus an tUachtarán Trump ag tabhairt óráid i dTeach na Comhdhála aréir, an píosa cainte is faide a thug aon uachtarán riamh sa teach sin, dúirt sé go raibh an Úcráin réidh le tús a chur le cainteanna síochána agus léigh sé amach litir a bhí faighte aige féin ón Uachtarán Zelensky.

Dúirt sé go ndúirt an tUachtarán Zelensky gur theastaigh síocháin uaidh agus “deireadh a bheith leis an gcogadh faoi dheireadh agus faoi dheoidh”.

I bpostáil ar an meán sóisialta X, dúirt Zelensky gur labhair sé le Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz, a bhfuil deireadh ag teacht lena thréimhse in oifig.

“Táimid ag brath ar aontas na hEorpa faoin Úcráin agus is chuige sin atáimid ag obair. Teastaíonn saol sábháilte uainn dár bpobail uile sa todhchaí,” a dúirt an tUachtarán Zelensky.

“Ní sos comhraic sealadach atá uainn ach deireadh leis an gcogadh faoi dheireadh is faoi dheoidh. Is féidir é sin a bhaint amach lenár n-iarrachtaí comhordaithe agus ceannaireacht na Stát Aontaithe.”

Dúirt Micheál Martin go bpléifeadh se cúrsaí eacnamaíochta leis an Uachtarán Trump freisin ag cruinniú na seachtaine seo chugainn.

“Tá eacnamaíocht na tíre seo beag agus oscailte agus muid ar son na saorthrádála agus beidh mé ag cur an dearcaidh sin ar a shúile don Uachtarán Trump,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt sé freisin go leagfadh sé béim air a thábhachtaí atá sé go ndaingneofaí an sos comhraic in Gaza.

Níos mó