
Athrú beag ag teacht ar nuachtlitreacha WhatsApp
Tá líon na bhfaighteoirí dár nuachtlitir ar WhatsApp ag dul i méid i gcónaí, scéal maith gan dabht.
Chun freastal níos fearr ar an líon mór iontach seo, beidh orainn úsáid a bhaint as áis roinnt nua ar WhatsApp, ar a dtugtar ‘Communities’, nó ‘Pobail’, chun an nuachtlitir a chur amach chugaibh gach maidin.
An t-aon athrú a bheidh le feiceáil sna comhráite ar WhatsApp ná go mbeidh an nuachtlitir á sheoladh ó ‘PEIG – Nuachtlitir’ anois agus go mbeidh ‘Fógra’ (nó ‘Announcements’ sa leagan Béarla de WhatsApp) le feiceáil roimh an ábharlíne. Is féidir brú ar an teachtaireacht chun an nuachtlitir a léamh, mar is gnáth.
Cúpla rud suntasach faoi ‘Communities’ ar WhatsApp:
- Ní féidir le héinne ach muidne ar fhoireann PEIG teachtaireachtaí a chur amach d’fhaighteoirí na nuachtlitreacha
- Ní fheicfidh aon fhaighteoirí eile d’uimhir fóin, ach amháin na faighteoirí ag a bhfuil tú mar theagmhálaí acu cheana féin ar a bhfóin
- Ní ach grúpa amháin ar ár bpobal ‘PEIG – Nuachtlitir’, mar sin, ní bheidh tú ag fáil teachtaireachtaí fánacha ó ghrúpaí eile sa phobal
- Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi ‘Communities’ ar WhatsApp anseo (i mBéarla).
Mura mbeifeá ag iarraidh na nuachtlitreacha a fháil níos mó ag am éigin, bheifeá in ann é sin a dhéanamh thú féin ar WhatsApp – féach ar na treoracha anseo
Fáilte roimh aon aiseolais ag peig@cnag.ie a chairde, agus go raibh míle maith agaibh as bhur dtacaíocht i gcónaí.