Tá leabhar faoi shaothar beirt de mhórscríbhneoirí na teanga roghnaithe i Meiriceá mar ‘Leabhar Taighde na Gaeilge’.
An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann a roghnaigh an leabhar Teanga don Tost: Mícheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh, agus an Aiteacht leis an Dr Seán Mac Risteaird don duais .
“Is obair chriticiúil é Teanga don Tost le Seán Mac Risteaird, ina ndéantar iniúchadh agus plé ar an aiteacht i litríocht na Gaeilge. Trí ghéarfhéachaint ar scríbhinní Uí Chonghaile agus Uí Shearcaigh, pléann an t-údar teoiricí agus téamaí na haiteachta.
“Is beag obair scoláireachta atá foilsithe go dtí seo ar an LADTA nó ar an aiteacht i litríocht na Gaeilge. Measann an coiste go mbeidh an leabhar seo ina fhoinse thábhachtach don ghné sin de litríocht na hÉireann,” a dúirt urlabhraí de chuid an choiste moltóireachta.
Fógraíodh an duais ag an gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann a reáchtáladh in Savannah i stát Georgia le deireanas. Tá tuairim is 800 ball san eagraíocht agus iad lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada, agus in Éirinn den chuid is mó, ach i dtíortha eile ar fud na cruinne chomh maith. Bhí os cionn 300 duine i láthair ag an gcomhdháil a reáchtáladh in Georgia i mbliana.
Dúirt Mac Risteaird go raibh “áthas” air an duais a bhuachan agus ghabh sé buíochas ar leith le Alan Hayes, ón teach foilsitheoireachta Arlen House, as a bheith “chomh cineálta agus tacúil” leis agus é ag scríobh an leabhair. Dúirt sé go raibh “ualach oibre” déanta ag Arlen House ar son na litríochta Gaeilge agus criticeoireacht agus scoláireacht na Gaeilge.
Tugtar aitheantas do leabhair thaighde a scríobhtar i nGaeilge gach bliain ag an gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann. Deir lucht na comhdhála go bhfuil an Ghaeilge “fite fuaite” le scéal na nGael-Mheiriceánach.
“Ó thús, bhí cainteoirí agus scríbhneoirí Gaeilge ag trasnú an Atlantaigh, thall is abhus, agus gréasán na teanga Gaeilge ag nascadh agus ag cothú comhluadair ar an dá thaobh.
“Tá duais faoi leith ag [an gcomhdháil] do leabhair thaighde atá scríofa i nGaeilge. Bronntar an duais seo ar údar leabhar taighde in ábhar ar bith, ach é a bheith ina mhonagraf taighde, seachas eagrán nó bailiúchán,” a deirtear ar shuíomh na Comhdhála.
I measc na mbuaiteoirí eile a fuair an duais i gcaitheamh na mblianta, bhí Radvan Markus agus a leabhar Carnabhal na Marbh (2023), Ríona Nic Congáil agus a leabhar An Óige agus an Athbheochan (2022), agus Áine Ní Chonghaile agus a leabhar An Cheathrú Rua Agus Na hOileáin sa Naoú hAois Déag (2021).