Is iad na hiarrthóirí do ról an Choimisinéara Gaeilge ó thuaidh an chéad dream riamh a n-iarrfar orthu a chruthú go bhfuil an leibhéal is airde líofachta Gaeilge acu de réir an phríomhchórais measúnaithe teangacha san Eoraip.
San fhógra poist don Choimisinéir Gaeilge a chuir Oifig an Fheidhmeannais sa Tuaisceart amach níos luaithe an mhí seo, sonraítear go gcaithfidh iarrthóirí don phost measúnú Gaeilge a dhéanamh – scrúdú ‘C2’ sa Ghaeilge.
Ollscoil Mhá Nuad a riarann an scrúdú Teastas Eorpach na Gaeilge, nó ‘TEG’ mar is fearr aithne air, atá bunaithe ar an gComhchreat Tagartha na Eorpa um Theangacha (CEFR) do theangacha, ach ní chuirtear scrúdú C2 – an leibhéal is déine – ar fáil i nGaeilge.
Go dtí seo is é Lárionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad an t-aon institiúid atá cláraithe le Cumann na Scrúdaitheoirí Teanga san Eoraip (ALTE) a bhíonn ag plé leis an nGaeilge.
Ach dheimhnigh urlabhraí ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann do Tuairisc go raibh scrúdú ar leibhéal C2 forbartha ag Ollscoil Uladh agus go gcuirfí an scrúdú sin ar iarrthóir ar an bhfolúntas don chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh.
“Tá uirlisí measúnachta forbartha ag Ollscoil Uladh a thagann le C2 na scrúduithe. Úsáidfear na huirlisí sin chun a mheas cé acu an bhfuil an caighdeán Gaeilge a theastaíonn don phost seo ag iarrthóirí,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Fheidhmeannais.
Dúradh san fhógra poist don Choimisinéir Gaeilge a chuir Oifig an Fheidhmeannais sa Tuaisceart amach níos luaithe an mhí seo go gcaithfeadh iarrthóirí don phost measúnú Gaeilge a dhéanamh.
“Déanfar an measúnú ina dhá chuid, agus reáchtálfaidh oifigigh le hOllscoil Uladh iad. I gCuid a hAon, beidh ar an iarratasóir cur i láthair a dhéanamh, agus leis seo déanfar cumas labhartha agus éisteachta an iarratasóra ó thaobh na Gaeilge de a mheas.
“I gCuid a Dó, beidh tasc eagarthóireachta ann, agus leis seo déanfar inniúlacht an iarratasóra i léamh agus i scríobh na Gaeilge a mheas,” a deirtear sa leabhrán eolais.
Tugtar le fios san fhógra go mbeifear ag súil go mbainfidh na hiarratasóirí an leibhéal ‘C2’ amach.
Dheimhnigh Lárionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad do Tuairisc nach bhfuil a leithéid de rud agus scrúdú C2 acu agus “nach raibh aon duine i dteagmháil le hoifig TEG faoin ábhar”. Is féidir scrúduithe TEG a dhéanamh ó leibhéal A1, an leibhéal is ísle, go leibhéal C1 faoi láthair.
Bíonn líofacht ag leibhéal C1, an leibhéal is airde a bhfuil scrúdú ann dó, riachtanach do phostanna sinsearacha áirithe i saol na Gaeilge, ach go dtí seo ní raibh ar aon duine riamh a chruthú go raibh Gaeilge ‘C2’ acu.
Is é an caighdeán atá i gceist le C2 ar an CEFR ná duine a bheadh in ann nach mór gach rud a chloisfidh nó a léifidh sé a thuiscint go héasca, a bheadh in ann achoimre a dhéanamh ar eolas a fuarthas ó fhoinsí scríofa agus labhartha, agus a bheadh in ann é féin a chur in iúl go líofa agus go beacht de mhaoil a mhainge.
D’fhiafraigh Tuairisc d’Ollscoil Uladh cé na socruithe atá i bhfeidhm leis an scrúdú C2 a reáchtáil agus an bhfuil sé i gceist acu scrúdú nua a chumadh le freastal ar éileamh Oifig an Fheidhmeannais.
Dúradh nach féidir le hoifigigh na hollscoile trácht a dhéanamh ar “próiseas beo iarratais”.
Téann institiúidí atá ina mball den ALTE faoi “iniúchadh dian” de chuid an chumainn ar a gcuid scrúduithe lena chinntiú go bhfuil siad ag teacht le caighdeán an chumainn. Is féidir go mbeadh níos mó ná institiúid amháin ag plé leis an teanga chéanna.
Tá trí institiúid de chuid an ALTE ag plé leis an mBéarla: Trinity College London, LanguageCert agus Cambridge Assessment English. Tá cúig institiúid ag plé leis an nGearmáinis: telc GmbH, Goethe-Institut (a bhfuil craobh dá gcuid i mBaile Átha Cliath), TestDaF-Institut, AFU GmbH agus Österreichisches Sprachdiplom Deutsch. Bunaíonn an dream deireanach sin a scrúduithe ar thrí mhórchanúintí na Gearmáinise – Gearmáinis na Gearmáine, Gearmáinis na hOstaire, agus Gearmáinis na hEilvéise.
Tá institiúid amháin eile sa Bhreatain atá ina ball den ALTE – Cyd-Bwyllgor Addysg Cymru, a riarann scrúduithe CEFR sa Bhreatnais. Níl Ollscoil Uladh, ná aon institiúid eile Gaeilge ó thuaidh, i measc na mball in ALTE.
Murab ionann agus an Coimisinéir Gaeilge ní bheidh aon scrúdú teanga le déanamh ag daoine a chuirfidh isteach ar ról an Choimisinéara don Traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach.