Ar an 16 Márta 2025 sheol Cartlann Chonradh na Gaeilge agus Comhlacht Forbartha Inis Meáin imeacht cuimhneacháin ar Thomás Bán Ó Coincheanainn agus Athbheochan na Gaeilge, ‘Féile Thomáis Bháin’.
Bhí léachtaí óna leithéidí don Dr Deirdre Ní Chongaile agus Dr Colm Mac Gearailt, ar shaol Uí Choincheanainn agus an ról a bhí aige i gConradh na Gaeilge agus stair na Gaeilge, chomh maith le ceol ó Risteárd Ó hAodha.
Is féidir Cartlann Chonradh na Gaeilge a leanúint ar na meáin chun tuilleadh eolais agus breis ábhair maidir le stair na Gaeilge a fheiceáil @cartlanncnag
Conradh na Gaeilge
66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 X201 Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: peig@cnag.ie